Friday, December 02, 2005

#53: Plainéad na mBlaganna

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáIs ar shaol na blagadóireachta atá an colún seo dírithe, agus is as an saol san a thagann formhór na bhfoinsí eolais go ndeintear tagairt orthu anseo. Is reábhlóid féin-fhoilsithe í an bhlagadóireacht, ina bhfuil na mílte daoine aonaracha ag foilsiú dóibh fein gan bhac, gan chostas, nó ar chostas an-íseal. Cuid des na daoine seo, is saineolaithe iad i ngnéithe áirithe, nó tá taithí ar leith acu ar an ábhar atá idir lámha acu. Formhór acu, níl acu ach taithí an ghnáth-dhuine agus dearcadh na cosmhuintire, agus é sin á chur i láthair acu go lom, neamh-bhalbh, gan scagadh ná cíoradh ó iriseoirí ná ó thráchtairí. Le cabhair teicneolaíocht an chomhfhoilsithe RSS (Really Simple Syndication) is féidir léargas a fháil ar an sruth foilsithe seo ar shuíomhanna comhbhailithe ar nós Planet Of the Blogs, a dheineann comhbhailiú ar gach aon bhlag Éireannach a bhfuil ar eolas. Más mian leat dul i dtír ar shaol na mblaganna níl áit níos fearr chun tosnú.

Rud a chífidh tú nuair a thosnóidh tú ag léamh blag, ná go bhfuil na míreanna curtha in ord de réir ama, leis an mír is déanaí ag an barr. Go deimhin tá Planet Of the Blogs féin curtha i láthair ar an gcaoi sin. Thíos faoin mír tosaigh cífidh tú an mhír a foilsíodh díreach roimis, agus mar sin de. Más mian leat na seanmhíreanna a fheiscint beidh ort bogadh síos an leathanach. De ghnáth áfach ní choimeádtar ach méid áirithe míreanna ar an bpríomh-leathanach, agus más mian leat a thuilleadh a léamh ort beidh ort dul i muinín na cartlainne. Cuireann nach mór gach aon bhlag cartlann de shaghas éigin ar fáil agus ba chóir go mbeadh nascanna ar imeall an leathanaigh go dtí na cartlanna seo. Rud amháin eile, más mian leat filleadh ar an bpríomhleathanach tar éis seal a chaitheamh ag sciméail ar bhlag áirithe, ba chóir go mbeadh nasc ag barr gach leathanach a thabharfaidh thar n-ais "abhaile" tú. Ar chorr-shuíomh, cífidh tú an focal "Home", nó rud éigin cosúil leis, ach ar thromlach mór na mblaganna níl le déanamh agat ach cliceáil ar theideal an bhlag ag barr an leathanaigh chun filleadh ar an bpríomh-leathanach.

Tá pobal bríomhar gaelbhlagadóirí ag eírí aníos mar aon leis an ngluaiseacht domhanda seo. Go deimhin, is gluaiseacht domhanda iad na gaelbhlagadóirí féin, agus iad scaipthe ar fud an domhain mar atá le feiscint i léarscáil an phobail ar an gcóras Frappr. Murach an idirlíon, ní bheadh cumarsáid i measc an phobail seo go deo, agus is dócha gur beag an seans go gcífidh mórán acu a chéile go deo. Ach is pobal iad mar sin féin, agus pobal gaelach leis. Seo iad a bhíonn ag plé agus ag díospóireacht ar na cláracha plé agus ar na liostaí r-phoist. Agus anois tá siad ag tabhairt faoi bhlaganna agus faoi phodchraoltaí, ag foilsiú a bpictiúirí agus ag glacadh páirt in gach aon tsaghas líonra sóisialta.

Tá comhbhailiú dá gcuid féin ag na blaganna gaelacha seo. Tá gaelbhlagadóir amháin, Nicole Apostola, ag cruinniú na mblaganna go léir le chéile ar an gcóras comhbhailithe Kinja. Is foghlaimeoir í Nicole, agus tá sí ag baint úsáid as na foinsí seo chun a cuid Ghaeilge a chleachtadh, ach tá an suíomh seo ar oscailt do chách. Ní blaganna amháin atá air, ach na suíomhanna gaelacha ar fad a bhfuil fotha RSS á fhoilsíu acu, ina measc: Gaelport.com agus Litríocht.com. Agus tá scéal nua ar an mblagchruinne (blogosphere) Ghaeilge an tseachtain seo. An mór-bhlag Slugger O'Toole, a phléann polaitíocht an Tuaiscirt, tá blagadóir Gaeilge ceaptha acu, Cathal O Foirreidh. Is é Slugger an blag is mó tráchta in Éirinn agus tá tacaíocht an-mhór tugtha don nGaeilge leis na blianta ag a bhunaitheoir, Mick Fealty! Guím rath orthu!

Bead ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

1 Freagraí:

Arsa Blogger Conn ...

Féach ar liosta na mblaganna gaelacha ar cholún deas an leathanaigh seo, a Liam! Tá do bhlag ar an rolla ó fuaireas an cheád teachtaireacht uait an tseachtain seo chaite, agus táim ag súil go mór le torthaí do phinn, bíodh síntí fad acu nó ná bíodh!

Táim ag obair faoi láthair ar Eolaire Gaeilge a bheidh ina chuid do Eolaire Oscailte na hÉireann, togra deonach atá seolta ag blagadóir eile, James Corbett. Tá sé seo bunaithe ar theicneolaíocht OPML, a bhfuil gaol aige le teicneolaíocht na blagadóireacht agus leis an RSS. Beidh mé ag caint níos mó air amach anseo - ach táim ag súil go mbeidh sé in a acmhainn do phobal na Gaeilge ar an idirlíon.

02 December, 2005 11:27  

Post a Comment

<< Home