Wednesday, May 31, 2006

Cláraigh do Vóta! Cuir Glór Gaelach sa tSeanad!

Bhí áthas orm bualadh le sean-chara ag Oireachtas na Bealtaine i dTrá Lí. Is é sin Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh. D'inis sé dom go mbeidh sé san iomaíocht i dtoghchán an tSeanaid arís i 2007, ar phainéal Ollscoil na hÉireann. Is céimí de chuid an "NUI" mé féin, agus ba mhaith liom tacú leis ach, dála roinnt mhaith eile atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an bpainéal sin, nílim cláraithe.

Mar a mhíníonn Daithí an scéal:
In ainneoin go bhfuil c.100,000 duine ar chlár na vótóirí, níl ach c. 30,000 de na vótaí sin beo. Ní chláraíonn formhór mór na ndaoine atá i dteideal vóta a chaitheamh.

Freisin, is mó duine atá cláraithe ag sean-seoladh nó seoladh ollscoile agus nach dtagann an vóta chomh fada leo dá dheasca sin. Is le vóta poist is ea a chaitear na vótaí.

Tátar ag clárú vótóirí nua faoi láthair. Éinne a chláróidh as seo go dtí an 31.12.06, beidh vóta aige/aici i dToghchán Seanaid 2007.

Fuair mé 1,273 vóta céad rogha i 2002. Ba é 8,062 an cuóta. Toghadh na seanadóirí reatha gan an cuóta a bhaint amach ...

... An dúshlán atá romhainn chun guth láidir ar son na Gaeilge a chur isteach sa Seanad, go háirithe i bhfianaise an bhrú agus na ndeiseanna maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, 5,000 vóta a chlárú idir seo agus deireadh na bliana.

Is céimithe na gColáistí seo a leanas atá i dteideal clárú: Coláiste na hOllscoile, B.Á.C. (UCD); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC); Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG); Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUIM); Coláiste Ríoga na Lianna (RCSI); An Coláiste Náisiúnta Ealaíon agus Dearaidh (NCAD); Coláiste Bhainistíocht Óstaíochta na Sionna (Shannon College of Hotel Management); An Foras Riaracháin (IPA); Milltown Institute of Theology and Philosophy; agus Coláiste Oideachais Naomh Aingeal, Sligeach (St. Angela's College of Education, Sligo).

Tá foirmeacha clárúcháin iniata. Bheinn an-bhuíoch díot ach iad a dháileadh ar do chairde agus do lucht aitheantais agus iarraidh orthu iad a líonadh amach agus a chur chuig: Jamie Ó Tuama, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2.
Tá an Ghaeilge ina h-ábhar polaitiúil i láthair na h-uaire, le cur i bhfeidhm an Acht Teangan, i ndiaidh an Fheachtas Stádas, agus anois, le cinneadh polasaí Fhine Gael go mbainfidh siad riachtanas na Gaeilge ó cháilíocht na Árdteistiméireachta má thoghtar sa rialtas iad. Agus b'f´hieidir nach aon droch-rud é an méid sin ach an oiread. Ní deintear dul chun cinn sa daonlathas, ach amháin tríd an bpolaitiocht.

Árdáimís ár nglórtha mar sin. Cláraímís, vótáilímís, agus cloistear glór láidir ar son na Gaeilge i Seanad Éireann!

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home