Friday, June 16, 2006

An Blagadóir: Get Well Sawyer

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBuachaill óg 12 d’aois is ea Sawyer, agus tá cónaí air i New Jersey na Stáit Aontaithe. Buaileadh tinn é roinnt seachtainí ó shin, agus anois níl sé in ann siúl. Níltear cinnte cad is cúis leis an dtinneas atá air, agus táthar ag súil go dtiocfaidh biseach air, ach i láthair na h-uaire tá sé ag baint úsáid as chathaoir rotha.

Smaoinigh uncail le Sawyer ar phlean chun misneach an bhuachalla a mhúscailt. Tá sé ag iarraidh ar dhaoine pictiúirí a chur in airde ar an gcóras Flickr nó ar léarscáil Frappr le teachtaireachtaí bisigh do Sawyer. Tá tuilleadh eolais ar getwellsawyer.com.

Get Well Sawyer
Podchraoladh beannachtaí
go Sawyer an tseachtain seo ó dhéag-phodchraoltóirí óga Thiobrad Árann ag podcasting.ie. Tá fás agus forbairt ar earnáil phodchraoltóireachta na tíre seo, agus tá gach saghas léargas Éireannach á nochtadh do éisteoirí ar fud an domhain. Chomh maith le scléip na ndéagóirí, táim ag baint an-shásamh as aor polaitiúil an Leviathan. Cabaret le greann agus le díospóireacht ar chúrsaí reatha is ea Leviathan, agus tionóltar go rialta é i mBaile Átha Cliath. ‘Sé an tráchtaire David McWilliams a bhíonn i gcathaoirleacht ar na h-imeachtaí agus tá leagan podchraolta curtha ar fáil ag an gcomhlacht Doop.ie.

N’fheadar cén plé a dhéanfaidh lucht Leviathan ar bhás agus ar bheatha Charlie Haughey, ach is cinnte go leanfaidh an chaint ar na blaganna ar feadh roinnt mhaith laethanta. Ag scríobh dó ar an mblag publicinquiry.eu, tá déistean ar Anthony Sheridan leis an ómós atá dá léiriú ag maithe agus mór-uaisle na tíre don Iar-Thaoiseach. Deineann sé tagairt do agallamh a dhein RTE leis an Uachtarán MacAleese inar luaigh sí Lár Ionad Idirnáisiúnta na Seirbhísí Airgeadais (IFSC) i measc na rudaí a raibh déanta aige. Ach in alt eile ar an mblag céanna, tuariscíonn Sheridan gur thug an New York Times “the Wild West of European finance” ar Bhaile Átha Cliath. Dar le Sheridan, seo í oidhreacht an chultúir ghnó a chothaigh CJH agus a leithéidí.

Tugann Auds a cuimhní cinn ar theaghlach bocht simplí ná raibh ach trí ghaireas leictreach in úsáid ann: dhá bholgán solais agus an lampa beag dearg ar phictiúr an Chrói Ró-naofa. Ní raibh ach pictiúr amháin eile ar chrochadh sa tigh sin: portráid Charlie. Arsa Auds: “As a nation, we lack a clearly defined sense of right and wrong … there is a part of us that cheers on the gangster … that part of us mourns the man and the politician that was the Boss – a patriotic, energetic servant of the people who willingly took [what] was given to him, be it love, loathing, loyalty, controversy or cash.”

Cuimhníonn fear na fuaime, Brian Greene, ar óráid stairiúil (agus íoróineach) Charlie, nuair a d’iarr sé orainn ár gcriosanna a fháisceadh ar son na tíre. Tá glór na cartlainne le clos ag briangreene.com.

Ta blag an-mhaith ag Hugh Greene ag mostsincerelyfolks.blogspot.com. Tugann sé tuairiscí uaimeacha dúinn an tseachtain seo ar chluichí Chorn an Domhain (“Figo fizzes, fades”). Agus tá iontas air faoin mór-is-fiú a deintear den Ardteist i bPoblacht na hÉireann. Insíonn sé scéal an tiománaí tacsaí a dúirt leis go raibh air éirí as traenáil an tsacair do pháistí 8 mbliana d’aois nuair a d’iarr grúpa tuismitheoirí air tuairiscí leanúnacha a chur ar fáil ar dhul-chun-cinn a bpáistí.

I mblaganna na Gaeilge an tseachtain seo, tá cúntas le pictiúirí ar thurasóireacht teanga a dhein mac léinn ó Chondae an Dúin i gConamara cúpla seachtain ó shin, ach tá rabhadh ag Hilary (hilaryny.blogspot.com) d’aon duine atá ag cuimhneamh ar thaisteal go Barcelona: seachain na gadaithe! Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home