Friday, July 07, 2006

Imeall #135: Maith an Fear, Damien Mulley!

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime
Ní leor do Damien Mulley a bheith ag tuilleamh a bheatha agus ag déanamh cúrsa staidéir chomh maith. Bíonn sé i gcónaí gníomhach fuinniúil, spreagtha agus sáite i bhfeachtas éigin, mar chathaoirleach ar an eagraíocht Ireland Offline a dheineann stocaireacht ar son áiseanna leathanbhanda, nó mar eagraitheoir Ghradam Blag na hÉireann. Murar leor an méid sin oibre ann féin, bíonn bíonn sé ag blagadóireacht leis!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMChuir sé iatán podchraolta in a bhlag an tseachtain seo chaite, comhad beag MP3 ina raibh sliocht as agallamh a cuireadh air féin ar an stáisiún raidio Newstalk 106, ag trácht ar an dtuairisc ráithiúil is déanaí ó ComReg, an rialaitheoir teileachumarsáide. Maíonn ComReg go bhfuil praghas an ghlao ghutháin in Éirinn ag leibhéal réasúnta i gcomparáid le tíortha eile na hEorpa, ach dar le Damien níl na staitisticí cearta in úsáid acu, agus ní chuireann sé fiacal ann.

Ach níl aon mhaith in obair gan ghliceas, agus smaointí maithe. Tá fuíollach den dá rud ag Damien. Agus ní túisce smaoineamh maith aige ná go bhfuil sé á chur i ngníomh, á fhógairt ar a bhlag agus ag iarraidh cabhrach ar dhaoine eile chun an plean a thabhairt chun críche.

Ag baint úsáid as an inneall cuardach blag Technorati, is féidir “liosta faire” a chruthú do do rogha téarma cuardaigh. Cíorann Technorati na milliúin blag agus fotha nuachta eile agus má tá toradh ar do chuardach, cuirfear isteach sa liosta faire duit é. Modh nua cuardaigh is ea é seo. Le gnáth-chuardach Google, tá tú ag breathnú siar, ar an “Aimsir Chaite”. Ach le liosta faire, tá tú ag cuardach sa todhchaí. Tá tú ag rá le Technorati: “Seo é atá uaim. Má fhoilsítear puinn amach anseo a bhfuil na focail seo ann, abair liom é!”

Chaith Damien Mulley tráthnóna Domhnaigh le déanaí ag ullmhú liostaí faire, 166 acu, ceann do gach aon Teachta Dála sa tír. Ansin d’fhógair sé ar a bhlag é agus níorbh fhada go raibh an meitheal tagtha i gcabhair air.

Bhailigh John Handelaar fothaí cuardach na dTeachtaí isteach i gcomhad OPML, agus liostáil James Corbett iad ar Eolaire Oscailte na hÉireann. ‘Sea táim ag caint ar an OPML seo, agus ar eolaire James le stáir anois: tabharfaidh mé míniú doimhin ar a bhfuil i gceist an tseachtain seo chugainn. Ach is leor an méid seo a rá go fóill: más suim leat a fháil amach cén tagairt atá á déanamh do theachta ar bith i mblaganna an lae, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an Eolaire agus an conar seo a ghlacadh síos tríd: Community & State -> Government & Law -> Dáil. Is féidir Eolaire Oscailte na hÉireann, agus Eolairí OPML eile a fheiscint ar shuíomhanna éagsúla idirlín, ina measc: an úirlis Grazr atá ar imeall mo bhlag féin ag imeall.blogspot.com.

Agus An Somme á chomóradh an tseachtain seo chaite, tá machnamh, filíocht agus poipíní ar na blaganna seo: Planet Potato, JoBlog, agus an scoth-bhlag griangrafadóireachta Monasette.

An bhfuil Letter to America cloiste fós agaibh? Tá greann agus sport in eachtraí an Mheiriceánaigh Jett Loe i mBéal Feirste. Ach aimsíonn súil an stróinséara an dorchadas chomh maith.

Cuirtear barr feabhais ar cheard na podchraoltóireachta sa tsraith Digital Flotsam leis an scéalaí PW Fenton. I míreanna 36 agus 38, tugann PW agus a iníon a ndearcanna éagsúla ar eachtra ar leith a tharla nuair a bhí an cailín 11 bhliain. Agus más fiontraí gnó tú, bainfidh tú an-thaitneamh as óráid a thug an caipitlí fiontraíochta Guy Kawasaki ar théama a leabhair nua: “The Art of the Start”. Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home