Friday, September 29, 2006

Líonra 1.5 - Yeah Yeah


Úrscéil ghrafacha le buachaint i gComórtas na Seachtaine!Tá sé ar an raidio! Tá sé ar an idirlíon! Tá sé thart timpeall ort! Tá sé i do phóca!

Tá An Líonra Sóisialta “ar an aer”! Seoladh é Dé Luain, agus tá an colún seo mar chuid den gcúigiú clár sa tsraith.Chaitheamar súil ar fhiniméin na blagadóireachta an tseachtain seo agus ar na líonraí sóisialta cosuil le Bebo.

Chuireamar féin cos sa tsruth áirithe sin: tá leathanach Bebo seolta againn ag anlionra.bebo.com. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad é a chur le chéile, agus taobh istigh do chupla lá bhíomar ag bailiú ga gcarad! Tá na Gaeilgeoirí óga go tréan ar Bebo, ag Gaeilgeoireacht gan náire agus ag dul i bhfeidhm ar a gcomrádaithe.

Tá an colún seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá.
Ní h-aon iontas gurb é Bebo céad-rogha an aois óig. Tá leathanach Bebo ag breis agus 80% de dhaltaí meánscoile na tíre. Deintear gach iarracht an “teicniúlacht” a sheachaint ar an suíomh. Agus tá sainmhíniú an-leathan acu ar cad is “teciniúlacht” ann: “Need instructions on how to Copy and Paste? Click here>>”.

Ní miste é a rá arís: ní foláir smaoineamh i gcónaí sara bhfoilsíonn tú aon eolas pearsanta ar an idirlíon. Ach is cosúil go mbraitheann daoine óga sábhalta, don chuid is mó ar shuíomhanna cosúil le Bebo. Is féidir claíocha a thógaint, agus codanna ded’ shuíomh a cheilt ar éinne ach amháin do cháirde. Agus tá comhairle mhaith ag lucht Bebo ar chúrsaí sábhaltachta ag bebo.com/SafetyTips.jsp.

Mar a dúramar an tseachtain seo ar an gclár, níl aon eagarthóir ar an idirlíon – agus níl aon chinsireacht ann ach oiread. Agus nuair atá rud éigin foilsithe, ní féidir é a tharrac siar. Bhí blaganna na hÉireann ar lasadh an tseachtain seo le trácht ar an bpearsa cáiliúil Éireannach a d’fhág glórphost nimhneach graosta ar fhón a fear chéile atá scartha léi.

Is féidir féachaint ar bhlaganna ar shlí, mar “Bebo Fásta Suas”. Níl an bhéim chéanna ar cháirde a ainmniú agus ar bheannachtaí a sheoladh eatarthu. Mar a mhíníonn Hilary Mhic Shuibhne an scéal, foilsíonn sí ar mhaithe léi féin, gan chuimhneamh ar an lucht léite, ach tagann siadsan mar sin féin: daoine ar suim leo na h-ábhair chéanna.

Is blag pearsanta é blag Hilary: caitheamh aimsire di féin, agus tacaíocht dos na daltaí lena múineann sí an Ghaeilge (daltai.com). Ach ní h-iad an caitheamh aimsire, ná an gné sóisialta, bun agus barr na mbuntáistí atá ag an mblagadóireacht. Sonraíonn onstartups.com na fáthanna gur chóir do ghnólachtaí úra blagáil: chun comh-bhunaitheoirí eile a aimsiú; chun fostaithe a aimsiú; chun custamaeirí a aimsiú; chun aischothú a fháil agus chun infheisteóirí a aimsiú.

Athchoimríonn scoth-bhlagadóir gnó na hÉireann, James Corbett, an liosta sin thuas in aon fhocal amháin: “líonrú”. “I blog to network”, a deir sé, a rá go bhfuair sé cuireadh chun dinnéir ó fhear i mBoston tar éis gur scriobh sé ar a bhlag go raibh sé chun cuairt a thabhairt ar an gcathair sin.

Sin é an líonrú atá faoi chaibidil againn ar An Líonra Soisialta. Ach cad é an “tá sé i do phóca” seo agam?

Bhuel, tá! Cuir do lámh i do phóca agus tarraing amach d’fhón. Feách ar liosta na n-uimhreacha guthán atá stóráltha agat ann. Sin é do “Líonra Sóisialta”. Gaolta, cáirde, siopaí, scoileanna, gnólachtaí – gach aon cheann acu ar fáil agat, ar iompú do bhoise! Sin é an Líonra Sóisialta So-ghluaiste, agus is é a bheidh ar chlár na seachtaine seo chugainn againn, ar an raidio, agus ar AnLionra.Com.

Comórtas na Seachtaine
Tá cóip amháin le bronnadh againn de gach leabhar i sraith na n-úrscéal ghrafach le Cló Mhaigh Eo.

  • An Táin
  • An Tóraíocht
  • An Sclábhaí
  • An Teachtaire

Cuir freagra na ceiste seo chugainn: Cén sean-ainm a bhí ar Chúchulainn sara fuair sé an t-ainm ‘Cúchulainn’?

(Ábhar na seachtaine seo chugainn: Fóin Phóca. )

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home