Thursday, August 16, 2007

Imeall #178: Eolaithe Óga agus Caifé Oscailte

Buail anseo chun éisteachta!

Foilsíodh an t-alt seo in eagrán na Máirte seo chaite de Lá NuaIn 2005 b’é Patrick Collison ó Chontae Thiobrad Árann a thug leis an chraobh ag Comórtas na nEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath. Cé nach raibh sé ach san idirbhliain i gColáiste Chaladh an Treoigh i Luimneach ag an am, dhein sé A-Levels an bhliain dár gcionn agus mar thoradh ar sin ghnóthaigh sé áit ollscoile ag MIT i Massachusetts. Ach nuair a tháinig sé abhaile le h-aghaidh saoire na Nollag anuraidh bheartaigh sé ar chomhlacht a bhunú lena dheartháir John agus chuir sé a chúrsa ollscoile ar fionraí.

Thóg Patrick agus John oifig ar chíos i gcathair Luimní agus chuadar i mbun oibre ar bhogearra nua a fhorbairt: úirlisí gnó do dhaoine a thuilleann a mbeatha ag díol earraí ar an shuíomh idirlíon eBay.

Ag an am céanna go raibh siad ag obair ar an dtáirge, bhí siad ag lorg infheistíochta chun go bfhéadfaí an gnó a fhorbairt. Ach cé go raibh dea-thoradh ar na h-iarrachtaí sin, ní as Éirinn a tháinig an caipiteal.

Ghlac an císte fiontraíochta Meiriceánach, Y-Combinator, le h-iarratas na ndeartháireacha Collison agus chuir siad in aithne iad le beirt Shasanach a raibh táirge cosúil á fhorbairt acu. Cuireadh an dá chomhlacht le chéile faoin ainm Auctomatic.com agus bhogadar go léir go San Francisco.

Lean siad orthu ag forbairt na dtáirgí atá anois faoi thástáil ag grúpa beag úsáiditheoirí, agus tá luach $300,000 d’infheistíocht bhreise faighte acu ó shin.

Bhí scairteanna gáirí i seomra cruinnithe san Absolute Hotel i Luimneach Déardaoin seo chaite nuair a fiafraíodh de Patrick cad é an meas a bhí aige ar thábhairní Silicon Valley. Ag 18 mbliana tá sé ró-óg chun deochanna mheisciúla a bhlaiseadh i Meiriceá – agus níl ach 16 bliana ag John!

Refuel Cafe Table Topics.  Pictiúr le Bernie GoldbachBhí grúpa fiontraithe bailithe ar an láthair mar a bhíonn gach ré Déardaoin – ‘sé sin Club Caifé Oscailte Luimní.

Is i Londain a tionóladh an chéad “Club Caifé Oscailte”, mí Mhárta seo chaite agus tá 66 cinn ar fud an domhain anois: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Béal Feirste ina measc. Is cruinnithe neamhfhoirmeálta iad do fiontraithe agus do infheisteoirí. Tá gach eolas ag opencoffee.org.

Táim ag baint an-sult as podchraoltaí físe le déanaí. Tá GeekBrief go maith chun nuacht na teicneolaíochta a sholáthar gach lá, agus taitníonn an tsraith sean-bhunaithe Rocketboom liom chomh maith, Agus tá ceann nua ar an saol le seachtain nó dhó anois: webbalert.com.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Super Wonderful le Wil Deynes.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home