Saturday, March 01, 2008

Craoladh Beo ó na Irish Blog Awards

Comhgháirdeachas le Gael Gan Náire, buathóir Gradam na Gaeilge ag na Irish Blog Awards, urraithe ag Edgecast Media agus An tImeall.

Dála an scéil, bhí cruinniú fíorúil agam le beirt Ghaeilgeoir Idirlín (Kevin Scannell agus Pádraig Schaler, bail ó Dhia orthu!), níos luaithe Dé Sathairn. Bhaineas úsáid as beo-shruthú Ustream.TV, agus d'éirigh cuíosach maith leis an iarracht.

5 Freagraí:

Arsa Blogger GNG ...

Do bhaineas an duais Gaeilge?

Conas? Cad iad na critéir? thá suim agam.

03 March, 2008 10:47  
Arsa Blogger Conn ...

Na critéir? Barr feabhais, a chara! :) Comhgháirdeachas leat!

An ndéanfaidh tusa (nó duine éigin ag labhairt ar do shon) teagmháil liom (conn ag edgecast.ie), nó le stiúrthór na nGradam Damien Mulley (IrishAwards ag gmail.com), chun socrú a dhéanamh chun do dhuais a bhailiú?

Maith thú! Tá sé tuillte go maith agat agus ag do bhlag!

03 March, 2008 13:04  
Arsa Blogger aonghus ...

Trua liom gur fágadh i'd aonar thú ar an bhfód.

An bhliain seo chugainn, lcd...

03 March, 2008 21:55  
Arsa Blogger Conn ...

Cé an pleidhce sin ag caint leis féin?! (Níor fhéach mé ar an dtaifead go dtí anois!)

Fadhb ar bith a Aonghus, níor fhógraíos in am é, chun an fhírinne a rá.

Bhí an-ócáid ann, tríd is tríd, Dé Sathairn. Ní raibh deis agam aon rud a scríobh faoi fós, mar chuas caol díreach go Corcaigh inné do chomhdháil a bhí ar siúl ansin. Ach scríobhfad go luath.

04 March, 2008 10:39  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Tá fear Ganley aisteach. Tá níos mo 300,000,000 euro aige agus níl gá aige obair ariabh.Tá sé as London. Cén fath an bhfuil partie politicúil aige san Éireann agus ag glacadh milte milte punt as UKIP agus partie clítháin eile ró clé agus ró dheis? Nach bhfuil sé neamhdhlíthiúil a ghlacadh an méad sin airgead insan polaiteacht

19 June, 2008 02:21  

Post a Comment

<< Home