Thursday, July 03, 2008

Saortha ón Sceideal Craoltóireachta

Tá Bríd ar a laethanta saoire agus táimse in arrears arís ag postáil ar an suíomh seo! Seo dhaoibh colún na seachtaine seo chaite ó Lá Nua.

Bhíos ag éisteacht le RTÉ Raidio 1 an oíche cheana. Is breá liom éisteacht le Andy O'Mahony, agus na h-agallaimh a bhíonn aige le daoine atá chomh h-oilte agus chomh h-éirimiúil agus atá sé féin!

An tseachtain seo chuir sé agallamh ar David Hendy, stairí craoltóireachta, a bhfuil leabhar nua foilsithe aige ar stair BBC Radio 4: "A Life on Air".

Bhí an t-agallamh suimiúil agus taitneamhach. Thaitneodh sé níos mó liom is dócha, dá mbeadh cur amach níos fearr agam ar an stáisiún sin agus ar an stair a bhaineann leis. Ach sílim gur luadh an fhíric ba suntasaí dar liomsa sa nóimeád deireannach den gclár, mar a bheadh aguisín, dála an scéil - gan mórán bainte aige le príomh-ábhar an agallaimh féin.

Ag tagairt do shobaldráma ársa raidio an BBC, "The Archers", dúirt David go raibh sé ina scéal mór anuraidh go raibh titim mhór i líon na ndaoine a éistíonn leis an gclár sin ar an raidio. Ach má thógann tú san áireamh na daoine a éistíonn le podchraoladh an chláir sin, íoslódáilte ón idirlíon, ag an am agus ins an áit is fearr a oireann dóibh féin, is cosúil go bhfuil níos mó éisteoirí ná riamh ag an gclár sin - agus breis agus milliún acu sin ar an idirlíon.

Tá an phodchraoltóireacht ag teacht chun tosaigh go mór. Aithníonn na craoltóirí móra traidisiúnta nach bhfuil ann ach módh fíor-mhaith chun a gcuid ábhar a dháileadh. Tá obair fíor mhaith déanta ag an BBC agus ag RTÉ ag cur a gcuid clár ar fáil mar seo.

Faoi láthair tá síntús agam le fotha podchraoltóireachta le Marian Finucane - is féidir liom mo rogha clár atá craolta aici le bliain anuas a phiocadh - mar shampla dhá agallamh a dhein Marian le Nuala Ó Faoláin sa tréimhse sin, agus an t-agallamh a chuir Rachel English ar Marian an mhaidin i ndiaidh bhás Nuala. D'éistíos leis an trí chinn sin agus mé ar thuras bóthair an tseachtain seo chaite.

Sraith eile go bhfuilim ag baint taitnimh as faoi láthair ná In Our Time le Melvyn Bragg in pléitear ceisteanna móra na staire le saineolaithe. Sampla maith is ea é den tsaghas cláir go gcaithfeá coinne speisialta a dheánamh leis an sceideal craoltóireachta dá dteastódh uait é a leanúint. Ach anois tá an podchraoladh liostáilte agam in iTunes - agus tagann sé chugam!

Ná dearmadaimís Raidio na Gaeltachta ach an oiread. Mar aon leis an gcuid eile de RTÉ, tá dul chun cinn suntasach déanta acu sin sa phodchraoltóireacht le bliain anuas. Agus ná bac leis na hArchers - tá Cois Cuain agam ar mo iPod anois!

Lipéid: , , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home