Thursday, August 28, 2008

Séasúr na nGradam

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de La Nua

Anois teacht an Fhómhair - tá séasúr na nGradam chugainn, agus tá aitheantas ar leith á thabhairt don nGaeilge i gcúirsaí idirlín.

Baineann an fógra is práinní acu seo le h-ócáid nua: na Irish Web Awards a reachtálfar i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fomhair. Amárach an spriocdháta dos na h-ainmniúcháin - níl aon táille i gceist, agus tá 25 catagóir ar fad ann, ina measc, duais don suíomh Gaeilge is fearr. Ar mhaith leat aitheantas agus gríosadh a thabhairt do shuíomh idirlín Gaeilge? Seo do sheans, ag awards.ie.

Má tá an seoladh sin feicthe cheana agaibh, ní nach ionadh. Is amhlaidh go bhfuil gaol gairid ag an Irish Web Awards leis na Irish Blog Awards a luadh go minic cheana sa cholún seo. Is é Damien Mulley an té a eagraíonn an dá ócáid seo agus tá an-thóir agus éileamh ar na h-ocáidí seo le blianta beaga anuas.

Go deimhin, is amhlaidh go bhfuil Gradam na mBlaganna ró-mhór anois don sean-láthair ina raibh sé le trí bliana anuas. Ní amháin sin, ach tá sé chun an ardchathair a thréigint don mbliain seo chugainn. Is i gCorcaigh a bheidh Gradam na mBlaganna 2009.

I gcás an dá ghradam-ócáid sin, tugadh aitheantas speisialta don nGaeilge ón gchéad lá. Sílim nach miste é sin - agus cuireann sé i gcuimhne don bpobal, go bhfuil deiseanna fíor-mhaithe ann chun an Ghaeilge a úsáid i réimse an idirlín.

Is mór an sásamh dom a fheiscint go bhfuil an dearcadh céanna ag an Irish Internet Association, stiúrthóirí Ghradam na hAislinge - The Net Visionary Awards. Is í seo an chéad bhliain go bhfuil catagóir Gaeilge acusan. Arís, is féidir le h-aon duinesuíomh a ainmniú don nGradam seo, agus cuirfear críoch leis an bpróiséas ainmniúcháin ar 12ú Meán Fomhair.

Agus ní amháin go bhfuil lucht na ríomhaireachta ag tabhairt aitheantais don nGaeilge - ach tá lucht na Gaeilge ag tabhairt aitheantais do shaol an idirlín chomh maith céanna. Is ag deireadh na míosa seo chugainn a fhógrófar buaitheoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais. I measc na n-úrscéal agus na n-aistí i mbliana, beidh comórtas don mblagáil - duais atá urraithe ag Oifig na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Píosa spraoi chun críoch a chur le tuairisc an lae inniu. Tá fhios ag an saol mór go bhfuil cumas ósnádúrtha imeartha ag Tiger Woods, ach an bhfuil sé in ann siúl ar an uisce? Bhuel tá an leagan fíorúil de Tiger in ann é a dhéanamh, anois ó chuir EA Games "Módh Íosa" sa leagan is úire dá gcluiche ríomhaireachta gailf. Tá físeán spraoiúil faoi sin inniu ar imeall.com, a d'aimsigh mé ar bhlag le Keith Bohanna ó Chill Chainnigh (bohanna.typepad.com).

1 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

haha, iontach!

26 May, 2009 21:43  

Post a Comment

<< Home