Monday, December 05, 2005

#54: Bhfuil Siopadóireacht na Nollag Déanta Agaibh?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ualach rudaí le rá ach cuirfidh mé srian orm féin. Rial nua ar an Imeall: 12 nóimeád ar fhaid!
  • Cuairt ar Chill Aírne le linn a DS. Ag caitheamh an lóin. An freastalaí Pacastáineach a labhair Gaeilge linn! Dearacadh dearfach an imircigh faoi chaibidil ar Slugger O'Toole
  • Ceol Podslán i nGaeilge! 's Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic le Tí Trá Lí Media. 'Sea, tá Séamas Ó Neachtain istigh ann! Má thaitníonn sé leat ceannaigh é, nó cas ar phodchraoladh é. Mura dtaitníonn - cuir do chuid ceoil phodslán Ghaeilge féin ar fáil! Dein go chuid blagadóireachta agus podchraoladh féin. Tacaígí leis an mór-iarracht! Agus cuir do thuairimí in iúil. Fáilte roimh tuairimí i gcónaí ag imeall@gmail.com - nó fág tráchtaireacht ar an mblag ag imeall.blogspot.com
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

GRMA as an t-amhrán a sheinm. Tharla rud éigin don fhuaim tar éis cúpla nóiméid de, faraor. Tá sé i bhfad níos fearr ar an DD!

05 December, 2005 17:32  
Arsa Blogger Conn ...

Ceannaígí an DD, a lucht éisteachta!

A Shéamais, tá brón orm faoin bhfuaim. Tharla sé do amhrán eile a chasas le déanaí. Tá súil agam go mbeidh na fadhbanna fuaime réitithe agam go luath. Go raibh maith agat arís as an gceol!

06 December, 2005 09:36  

Post a Comment

<< Home