Friday, May 12, 2006

An Blagadóir: Podsláinte

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáCheannaíos dlúthdhiosca nua an mhí seo chaite, ach ní dheachaigh mé isteach in aon siopa ceoil chun é a fháil. Ná ní raibh aon chomhlacht ceoil páirteach sa bheart ach an oiread. Somewhere Between Starving and Stardom an teideal atá ar an albam le Samantha Murphy, ceoltóir Meiriceánach, agus níl lipéad ar an ndiosca ach www.samanthamurphy.com. Léigheas faoi Samantha ar bhlag, agus thug cuairt ar a suíomh, aít ar chuala a cuid ceoil. Thaitin na raonta samplacha a bhí curtha ar fáil aici liom, mar sin bhaineas úsáid as mo chárta creidmheasa agus Paypal chun an dlúthdhiosca a cheannach.

Chuir Samantha féin ríomhphost chugam ag gabháil buíochais. Dúirt sí go raibh an CD curtha sa phost aici féin, agus d’fhiafraigh sí an raibh ceann scríbe bainte amach aige.

Ach is dócha go ndeachaigh an beart ar strae sa phost. Thugas seachtain nó dho eile ag fanacht air agus ansin chuireas freagra chuici ag rá nár thaíng an CD. Sheol sí ceann eile chugam ar an bpoinnte agus bhí sé agam taobh istigh de sheachtain.

I sean-shamhail ghnó an cheoil, ní fhéadfá do bheatha a thuilleamh gan conradh a bheith sínithe agat le “lipéad”. Bhí infheistiú mór de dhíth: sa taifeadadh, sa déantúsaíocht, sa mhargaíocht agus sa dáileadh. Anois, le cabhair an idirlín, tá ceoltóirí in ann na sean-chonstaicí sin a shárú. Tá ceoltóirí de gach aon tsaghas ag baint úsáid as leathanaigh MySpace chun a gcuid ceoil a thaispeáint, agus chun caidreamh a chothú lena lucht leanúna sa líonra sin.

Tá clú agas cáil bainte amach ag an ngrúpa Black Lab agus tá amhrán dár gcuid ar fhuaimraon an scannáin Spider Man. Bhí conradh acu le ceirníní Geffen, tráth, ach is grúpa “indie” iad go h-uile agus go h-iomlán anois. Baineann Paul Durham úsáid as ríomhairí chun a chuid taifeadadh a dhéanamh ina thigh féin. Tá an ceol le clos agus le ceannach ón suíomh blacklabworld.com. Agus tá ainm in áirde acu i measc lucht éisteachta na bpodchraoltaí ar fud an domhain.

Raidio idirlín atá sa phodchraoltóireacht. Os rud é gur féidir comhaid phodchraolta a shábháil agus a chóipeáil, is leasc le comhlachtaí ceoil cead a thabhairt a gcuid ceoil a chasadh i bpodchraoltaí. Ach tá gluaiseacht nua ag fás lámh leis an bpodchraoltóireacht: an Ceol Podslán. Tá ceoltóirí ar fud an domhain, cuid acu a bhfuil conarthaí acu fiú, ag ceadú amhráin áirithe faoin mbratach podslán agus tá siad ag fáil bolscaireacht agus díolachán dá réir. Tá na mílte amhrán ar fáil anois ag an Podsafe Music Network agus ag suíomhanna eile. Tá ceol podslán i nGaeilge ag scoilgaeilge.org/ceol.

Tá an podchraoltóir Éireannach Brian Greene an-thógtha leis an rogha mór ceoil atá ar fáil ós na foinsí nua seo. Dar leis, tá gá le podchraoltóirí chun scagadh agus cur i láthair a dhéanamh ar an gceol seo ar mhaithe le h-éisteoirí. Sin é atá ar siúl ag an bpodchraoltóir Éireannach Brendan Bolger. Cíorann Brendan an t-idirlíon ar thóir cheoltóirí neamhspleácha Éireannacha i gcomhair a phodchraoladh ag spudshow.com. Agus rud eile: d’aithrigh Brendan a chur i láthair ó Bhéarla go Gaeilge i gcomhair Sheachtain na Gaeilge – agus tá sé ag cloí leis an nGaeilge ó shin!

Ná ní gá bheith ag podchraoltóireacht chun trácht ar an gceol. Tá sraith ghleoite dá fhoilsiú i láthair na h-uaire ag Brendan Gaelach eile, údar an bhlag Letting Loose with the Leptard, ina dtugann sé cur síos ar a rogha fiche rac-amhrán Éireannacha.

Ach tá alltacht agus díomá ar mhórán leis an scéal ceoil is mó atá i mbéal bhlagadóirí na hÉireann an tseachtain seo. Chur The Community at Large nasc go dtí fís-scannán le Brian Kennedy ag canadh iarratas na hÉireann ar an gcomórtas Eurofíse. An breithiúnas? Nil Points! Lipéid: , ,

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Bhain mé an taitneamh as an dturas go Gleann dá loch san fhís le Brian Kennedy. Thaitnigh an t-amhrán liom chomh maith. Tá an ceart agat. Tá sé ró dheas le bua a fháil. Fan go bhfeicimid.

12 May, 2006 12:55  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Is binn do bhéal, a chara. Treise leat.

12 May, 2006 19:31  

Post a Comment

<< Home