Thursday, May 04, 2006

An Blagadóir: Briatharchath na Blagadóireachta

(Foilsiódh an an colún seo sa nuachtán Lá Dé hAoine seo chaite)

Foilsiódh an an colún seo sa nuachtán Lá Dé hAoine seo chaite.Má tá argóint mhaith á lorg agat, ní féidir an t-idirlíon a shárú. Sa ghnáth-shaol, bímíd níos béasaí, níos cineáltaí lena chéile. Nuair atá duine ina sheasamh ós do chomhair, cuireann tú srian ar do theanga. Is féidir poinntí na díospóireachta a shéanadh gan a bheith maslaitheach, gan an duine a ionsaí go pearsanta, agus sin é a dheinimíd, tríd is tríd, nuair atáimíd ag féachaint sa tsúil ar chéile comhraic.

Ís féidir easaontú go tréan le tuairimí an duine eile - ach más mian linn díospóireacht tairbheach a bheith againn ní foláir dúinn an bhagairt phearsanta atá san easaontas sin a mhaolú le cuirtéis, le dea-bhéasa, le guth séimh.

Tá sé i bhfad níos deacra, áfach, na comharthaí seo a léiriú sa téacs lom lena mbítear ag plé ceisteanna móra an tsaoil ar an idirlíon. Conas is féidir labhairt go seimh ar an idirlíon?

“Play the ball, not the man” an mana a mholann Mick Fealty. Bíonn cúis aige é sin a rá go minic, nuair a éiríonn idir na tráchtairí ar ghrúp-bhlag polaitiúil Thuaisceart Éireann sluggerotoole.com.

Ní h-aon iontas é go mbíonn an chaint teasaí ar Slugger agus an éagsúlacht mhór dearcanna polaitiúla atá ag na rannpháirtithe. Sin í an chúis go seachnaítear ábhair chainte áirithe (polaitíocht, creideamh) go minic sa ghnáthshaol. Ná luaigh an cogadh.

Ní réiteach í an chogaíocht ar aon rud. Deintear dearmad ar bhunchúiseanna an chogaidh agus deintear cúis ann féin as an gcogadh féin agus as an ngortú a fhulaingítear dá bharr. Ainneoin caint chrua an idirlín, ní mharaítear aon duine.

Is féidir cogadh seo na bhfocal i measc rannpháirtithe Slugger a fheiscint ar shuíomhanna pearsanta le cuid acu. Na rudaí atá scríofa ar na blaganna jopoliticsnsociety.blogspot.com agus atangledweb.typepad.com faoina chéile níl siad oiriúnach do leanaí, ná don áit oibre ach an oiread. Ní ghlacfaí leis an gcaint sin i nbhfóram páirliminte - agus dá dtarlódh sé sa tábhairne ní thógfadh sé i bhfad go mbeadh na mbuillí dá gcaitheamh.

Duine neamhspleách í Jo, le tuairimí láidre dá cuid féin aici. Níl leisce uirthi iad a nochtadh agus tá sár-aontachtachas A Tangled Web cáinte go géar aici mar atá comóradh míleata 1916 I mBaile Átha Cliath. Agus an tseachtain seo chaite bhí gach aon bhéic ag unitedirelander.blogspot.com agus í féin ar a chéile maidir le Jacqui, scríobhnóir nua atá dulta i mbun na peannaireachta ar bhlag Jo. Dar le UI, níl i Jacqui ach alter ego le Jo, rud atá séanta go láidir ag Jo (agus ag Jacqui!)

Agus mé ag caint ar an mamaíbhlagadóireacht an tseachtain seo chaite, dheineas dearmad glan ar an mamaíphodchraoltóireacht! Mommycast.com an ceann is cáiliúla acu seo, ach tá “daddy-casts” ann chomh maith, mar shampla 101usesforbabywipes.blogspot.com. Chítear go bhfuil eagraíochtaí rialtais i Meiriceá ag tosnú anois ag baint úsáid as podchraoltaí dá gcuid bolscaireachta. Tá feachtas faisnéise ar an bpodchraoladh sin faoi láthair thar ceann an Centre for Disease Control chun daoine a chur ar an eolas maidir le comharthaí an uathachais i leanaí. Agus tá tacaíocht agus comhairle do mháithreacha aonair ar ioncam íseal ón bpodchraoladh womengrow.org.

Maíonn Robin Raskin ar a suíomh idirlín go dtugann sí comhairle do thuismitheoirí don saol digiteach. Ach tuairiscíodh le déanaí gur craoladh tuairisc léi ar chláracha nuachta i Meiriceá inar mhol sí giúirléidí de chuid comhlachtaí a thug íocaíocht di as an bpoiblíocht sin. Cuireadh an tuairisc i láthair mar thuairisc nuachta agus níor insíodh don lucht féachana go raibh sí urraithe.

Chuala an scéal sin ar an bpodchraoladh teicneolaíochta This Week in Tech. Bhí na TWiTs ar an gclár sin ag caint chomh maith ar shibhialtacht na díospóireachta ar an idirlíon. “Disinhibtion” a thugadar ar an easpa múinte a thagann ar dhaoine agus iad ag argóint ar an idirlíon. Ach b'fhéidir nach droch rud amach is amach é? B'fhéidir gur fiú cur suas le masla nó dhó chun tuairimí iasachta a chlos?

Lipéid: ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home