Friday, June 30, 2006

Imeall #130: An Fíor-Shaol agus an Saol Fíorúil

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime
Sa chéad cholún a scríobhas don nuachtán seo, d’insíos scéal an ríomhaire glúine ar $100. Is tionscnamh é seo de chuid na fondúireachta "One Laptop Per Child". Ag labhairt dó ag an gcomhdháil Pop!Tech anuraidh thug Nicholas Negroponte cur síos ar an dtionscnamh agus ar an gcúlra a bhaineann leis, agus tá podchraoladh den óráid sin foilsithe anois ar an suíomh IT Conversations.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTuairiscíonn Dan Farber ar sheoladh "prototype" an ríomhaire glúine seo le déanaí. Tá an praghas imithe suas go dtí $130 ach is iontach an margadh é mar sin féin, agus táthar ag súil go dtitfidh sé má bhíonn éileamh a dhóthain air. Is le rialtais amháin a dhíolfar na ríomhairí, le go ndáilfear ar dhaltaí scoile iad, agus is é milliún an t-íosmhéid ar féidir a órdú i dtreo is go mbeifear in ann leas a bhaint as modhanna olltáirgithe chun an costas a choimeád íseal. Tá suim léirithe ag roinnt mhaith tíortha neamhfhorbartha sa tionsncamh, agus is orthusan is mó atá sé dírithe, ach síleann Negroponte go bhféadfadh tíortha forbartha, fiú, leas a bhaint as.

Tá taithí againn anois ar an "cyberspás", sa mhéid is go n-úsáidfimíd focail ar nós "bhuaileas le Marc ar MSN inné, agus chuamar isteach i seomra comhrá chun cainte". Dár ndóigh ní "bualadh" ná "dul" fisicíuil atá i gceist anseo – ach samhlaigh na coincheapanna sin curtha i gcrích sa tsaol fíorúil. Samhlaigh do ríomhaire i gceannas ar charactaer fíorúil, agus gur féidir leat an "duine" seo (ar a dugtar avatar) a chur ag siúl síos "sráid" mar a bheifeá ag imirt cluiche ríomhaire. ‘Sea – ach tá níos mó ná "cluiche" i gceist leis seo – rud a thuigeann tú nuair a chíonn tú avatar eile ag teacht i do threo. Tá sé ag beannú duit! Cé 'tá ann ach Marc – nó an t-ionadaí fíoriúil atá roghnaithe aige féin sa mhalairt saoil seo.

Ficsean eolaíochta, b’fhéidir? Sin é a cheapfá, ach an tseachtain seo chaite bhí ceiliúradh sa domhain fíorúil "Second Life" ar ócáid a thríú lá breithe. "Cad é an gnó a bheadh agam le 'Second Life'? Nach bhfuil cúram a ndóthain ar dhaoine le saol amháin?" a dúirt Patricia, bean chéile Adam Curry, leis ar phodchraoladh an "Daily Source Code". Is fíor di, ach mar sin féin, tá na sluaite ag triall ar na tailte samhailteacha seo le déanaí – agus tá an-dhíospóireacht ar an ábhar. An ag caint ar chluiche atá siad? Ní h-ea, ach ar chúrsaí gnó agus margaíochta, mar a bhí Euan Semple an tseachtain seo chaite. Beidh níos mó plé agam ar "Second Life" amach anseo.

Ní saol fíorúil a bhí idir lámha ag Euan agus ag Doc Searls an tseachtain seo chaite, ach an domhain féin – ina iomláine! Tharla go raibh Semple in Singapore agus Searls i Massachussets, mar sin fuaireadar píosa aráin an duine agus dhein ceapaire domhain dóibh féin! Tá físeanna na pleidhcíochta curtha in áirde ar YouTube acu.

Tá podchraoltaí Gaeilge dá bhfoilsiú i gcónaí ag Séamas Ó Neachtain ag Cumann Carad na Gaeilge. Bhí comhrá deas aige le Gaeilgeoir Meiriceánach eile le déanaí, Mark Bodah, agus i measc ábhar eile phléadar brí na mbrionglóidí. Tá podchraoladh ag Mark féin ar mhaithe lena chuid Gaeilge a chleachtadh agus baineann sé úsáid as a bhrionglóidí mar ábhar cainte.

Bhí taibhreamh greannmhar ag Dave Winer, go raibh Saddam Hussein ag obair i bpictiúrlann! Is dócha gur brú oibre ba chúis leis – mar reachtáil Dave an 4ú Comhdháil Bhlagadóirí (BloggerCon IV) i San Francisco an tseachtain seo chaite. Tá taifid phodchraolta des na h-imeachtaí go léir ar fail ag bloggercon.org. Nó cuardaigh an lipéad bloggercon ar Technorati agus ar Flickr, chun smaointe agus pictiúir ón dream a d’fhreastail air a aimsiú. Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Blogger Conn ...

I often wonder: can a non-Irish speaker follow my thoughts by looking at the English-language sources I link to?

This weeks article looks at the real and virtual worlds - including the world of dreams. The link just before Dave is to a 3-year student of Irish in Massachussets who uses his dreams as a subject for his podcast.

I hope Dave doesn't follow through on his promise to quit blogging. I'm not done learning from him, or from the conversations (and arguments!) which form around him.

01 July, 2006 11:12  
Arsa Blogger Conn ...

Ceartúchán: Ní in Harvard a bhí Bloggercon IV in aon chor, ach i San Francisco, ag ceannáras CNET. Tá téacs an ailt ceartaithe anois agam.

02 July, 2006 12:41  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Fáilte romhat ar ais. GRMA as an trácht a rinne tú ormsa! Bhí mé as baile le tamall, agus táim ag éisteacht le seachtain de do chuid i lá amháin inniu, muis.
Nach bhfuil aon chóras satailíte ar fáil duit mar DSL in Éirinn?

03 July, 2006 17:02  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh míle maith agat a Shéamais!

Tá an saitilít ann, ach tá sí costasach i gcomparáid le modhanna eile, agus níl sí oiriúnach do Voice-Over-IP (Skype agus a leithéid), toisc go bhfuil moill ann.

Is dócha go mbeidh orm dul leis an saitilít i ndeireadh na dála ach táim ag fiosrú modhanna eile ar dtúis.

03 July, 2006 18:43  

Post a Comment

<< Home