Friday, June 23, 2006

An Blagadóir: Mol an Óige

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáCad é meon an déagóra? Cad a mheasann siad? Agus cad a bhíonn ar siúl acu ar an idirlíon an t-am ar fad? Nuair a chuireann duine fásta an cheist sin orthu faightear an freagra céanna i gcónaí: “faic”!

Agus an ceart ar fad acu! Ní h-aon phioc dár gcúram é! Is é a saol sóisialta féin é.

Rud amháin, nuair a fhaigheann an duine fásta radharc ar cheann des na teachtaireachtaí rúnda seo feictear dó go bfhuil sé scríofa i gcód rúnda a sháródh Da Vinci féin: “lo jaki r u goin 2 b dere b4 10 oc”.

Tugtar “leet” ar chód den tsaghas seo, ón bhfocal Béarla “elite”. San ainm sin, tugtar le fios go bhfuil níos mó ná gearrscríobh i gceist leis. Ní h-é nach bhfuil cumas litriúcháin ag na h-ógánaigh seo, ach is doiléireacht d’aon ghnó atá i gceist acu. Go deimhin, in ionad “leet” is minic a scríobhtar “l33t”, nó fiú amháin “1337”!

Comhartha aitheantais atá sa “teanga” seo agus bac do stróinséirí. Léiríonn an té a scríobhann an cód gur ball den dtreabh é. (Dála an scéil, ar chuala go raibh “lít” Gaeilge forbartha ag Na Gaeil Óga?)

Is beag an úsáid a bhaineann an t-aos óg as ríomhphost i gcomparáid le seomraí comhrá, nó teachtaireachtaí meandarachta (instant messaging). Is iad is cóngaraí, is dócha, do chultúr na dteachtaireachtaí téacs ar na fóin phóca.

Ach maireann na déagóirí inár saolna chomh maith, agus tá labhairt ár dteangacha acu nuair is rogha leo é. Agus tá cuid acu ag blagadóireacht.

Anois agus an Teastas Sóisearach curtha di aici, tá Liz ag díriú ar imeachtaí an tsamhraidh. Beidh sí sáite i gcúrsaí drámaíochta, is cosúil, agus cheana féin tá sí ag baint úsáid as an am breise atá aici chun a léargas pearsanta a nochtadh ar chúrsaí cáirdis agus chun a léirmheas féin a dhéanamh ar léirmheastóirí an Irish Times. Is breá an scríobhnóir í, agus smaointe maithe aici.

Is fearr le blagadóirí óga córais ar nós LiveJournalBebo. Samhlaítear do roinnt mhaith blagadóirí fásta gur córais iata iad seo (caithfidh tú a bheith logáltha isteach) – leis an iomarca rudaí ionta a tharraingíonn áird ón bhfoilsitheoireacht. Ach is iad na gnéithe sóisialta seo is mó a mheallann na daoine óga. Chun an fhírinne a rá, is beag acu a bhfuil dúil acu sa bhfoilsitheoireacht phearsanta ann féin, agus is minic nach mbaintear úsáid as an áis bhlagadóireachta in Bebo, mar shampla. Ach tugann Bebo agus LiveJournal spás sóisialta fíorúil dóibh. Is féidir liosta do cháirde a ainmniú, agus liostaí a gcáirde siúd a fheiscint chomh maith. Is féidir liosta na n-ábhar spéise atá agat a shonrú, agus aimseoidh tú cáirde nua a bhfuil suim acu sna rudaí céanna. Ní h-aon ionadh é go bhfuil breis agus 80% d’aos óg na tire seo cláraithe le Bebo.

Cé h-é an blagadóir is óige? Cá bhfios? Tá iontaisí óga ann: leithéidí Adora Svitak atá 8 mbliana d’aois, agus a bhfuil leabhar foilsithe aici cheana. Agus cé nach bhfuil blag aici, tá filíocht agus ealaíon ag Akiane (11 bhliain) ag an suíomh artakiane.com.

Tá tuairimí suimúla ar fhorbairt na h-óige in alt ar dhein Sarah Carey trácht air le linn na seachtaine. I dtuarim Sarah, téann an t-alt ábhairín thar fóir, ach tá smaointe suimiúla ann mar sin féin maidir leis an scolaíocht bhaile seachas an t-oideachas foirmeálta.

Shel Israel agus a léine dearg!
Shel Israel
Pictiúr de chuid Brian Oberkirch.
Tom Raftery a d'aimsigh.
Ós rud é go rabhas ag caint ar an bhfiontraíocht roinnt seachtainí ó shin, tá cúntas foilsithe an tseachtain seo ag duine de núálaithe Silicon Valley a bhí anseo le déanaí. Tugann Shel Israel a thuairimí ar an bhfiontraíocht in Éirinn ag redcouch.typepad.com.


• Rogha Ceoil Phodchraolta na seachtaine: Let It Rain le Laura Clapp (PMN).

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home