Tuesday, July 17, 2007

Imeall #174: Tír Álainn Trína Chéile

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhuel, bhí laethanta saoire fada againn, ach táimíd ar ais i mbun oibre arís ar imeall.com. Agus tá blagadóirí na Gaeilge ag treabhadh leo i gcónaí – agus suíomhanna suimiúla nua ag teacht chun cinn, ar nós Gael-Taca.com, suíomh de chuid na h-eagraíochta sin i gCathair Chorcaí. Tá podchraoladh ar an suíomh acu chomh maith: sleachta seachtainiúla ón gclár raidio a dheineann siad ar Raidio Campus Ollscoile Chorcaí. Tá píosa deas acu san eagrán is déanaí ar bheatha agus ar shaothar an fhile Seán Ó Ríordáin.

Tá Tír na mBlag ar chúl an ríomhaire - agus i láthair na h-uaire tá sí gach pioc chomh trína chéile le Cúl a’ Tí! ‘Sí an chúis ná go bhfuil forbairtí agus athraithe ag teacht ar mhódhanna agus ar úirlisí na blagadóireachta. Dheineas trácht beag ar an mion-bhlagadóireacht sarar ghlac mé sos. Sin iad na córais ar nós twitter.com agus jaiku.com, a chuireann srian ar fhaid na dteachtaireachtaí ar féidir a scríobh, sa tslí is go n-oiriúnaíonn siad isteach i dteachtaireachtaí teács fón póca. Is féidir coimeád i dteagmháil le pobal cuíosach mór cáirde sa tslí sin. Ní gá go bhfaighfeá gach teachtaireacht ar do fhón póca – roghnaíonn tú na daoine a theastaíonn uait a “leanúint” sa tslí sin – ach bíonn comhráití suntasacha ag mórán daoine – agus cuid acu ag tréigint a mblaganna chun páirt a ghlacadh ann.

An rud eile atá ag mealladh na mblagadóirí ná Facebook. Líonra sóisialta iata is ea Facebook, ar nós Myspace nó Bebo, ach tá úirlísí fíorchumasacha cumarsáide aige chun caidreamh le do cháirde. Go dtí le fíor-dhéanaí, bhí sé teoranta don bhfearann .edu, líonraí na gcoláistí trí leibhéal i Meiriceá, ach tá blagadóirí an tsaoil mhóir ag baint úsáid as anois.

Tá forbairt chomh maith sna h-úirlisí ar féidir a úsáid chun smacht a choimeád ar na foinsí eolais seo go léir. Tá léitheoir na bhfothaí, Google Reader, feabhsaithe go mór le déanaí agus is é mo rogha bhainisteoir nuachta anois é. Cad ‘tá á léamh agam? Tá thart ar 80 foinse sa liosta léitheoireachta anois agam agus is féidir liom súil a choimeád orthu go léir gan stró ar aon leathanach amháin ag reader.google.com. Más suim libh, is féidir an liosta a bhrabhsáil go h-éasca sa bhfuinneog Grazr ar imeall deas an leathanaigh ar imeall.com (faoin dteideal “Eolairí ar an Imeall”). Agus má bhaineann éinne agaibh triail as Twitter, ná déanaigí dearmad gur féidir Twitter i nGaeilge a dhéanamh le sruth Twitter an Imill: twitter.com/imeall.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Independence Day le Jesta.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

9 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Fáilte! Fáilte! Fáilte! ar ais, a Choinn.

Tá cothromaíocht tagtha ar ais don tsaoil faoi dheireadh!!!

Proinsias

17 July, 2007 02:19  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat a Phroinsias! An bhfuil tú fós ag baint úsáid as Fonpods chun éisteacht le podchraoltaí?

17 July, 2007 08:02  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ar an droch uair, is cosúil gur imigh an suíomh sin le sruth tamall ó shin. Tá an suíomh www.earkive.com i mbun an éacht céanna faoi láthair, áfach. Más féidir é, bhéinn buíoch dá gcuirfeá do phodchraoltaí ar an suíomh nua. Seans go bhfanfaidh sé beo don fhadtéarma(?)

Proinsias

17 July, 2007 08:50  
Arsa Blogger Darren J. Prior ...

Tá blag dátheangach agam chomh maith.

http://wwwdarrenjoe.blogspot.com/

17 July, 2007 13:45  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA a Darren - tá mo liosta léitheoireachta beagáinín as dáta - tá tú istigh air anois!

17 July, 2007 13:58  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Fáilte romhat ar ais, agus grma as do bheannacht dom. Tá áthas orm go bhfuil tú ag éisteacht liomsa fós!

17 July, 2007 16:21  
Arsa Blogger Conn ...

Fáilte romhat a Shéamais. Sin bua mór an RSS - mar is eol duit: coimeádann tú do chuid síntúsóirí nuair a ghlacann tú sos.

18 July, 2007 14:28  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh maith agat as an nasc anseo i gcomhair Gael Taca. Tá na laethanta saoire ag cur isteach ar na podchraoltaí faoi lathair ach beidh cinn nua ann sara fada!

Ina theannta sin, tá mé ag baint úsáid as iTunes faoi dheireadh, beidh sé níos easca coimead suas le dáta le do phodcraoltai.

19 July, 2007 00:41  
Arsa Blogger Unknown ...

In 1965, the Omega Speedmaster became “flight-qualified” for NASA if it became the alone fake watch to bear all of their astringent tests and conditions. As a aftereffect of this, in 1969, the Speedmaster was beat on the Apollo 11 mission and became the first, and only, watch to be beat on the moon.

25 November, 2010 05:48  

Post a Comment

<< Home