Tuesday, June 26, 2007

Firefox a Dó

Faigh FirefoxTá sé thar am agam Firefox 2.0 a shuiteáil ar mo ríomhaire (agus thar am agam blagmhír a scríobh ar an Imeall - ach sin scéal eile - do lá eile!)

Tá Internet Explorer 7.0 in úsáid agam le stáir anois - agus tá an ghráin agam air, i ndáiríre. Tá sé chomh tuathalach, mí-chruthaithe le h-aon bhogearra dá bhfaca mé riamh.

Mar sin, seo linn le Firefox a Dó, i nGaeilge, dár ndóigh, agus focal.ie le m'ais chun na téarmaí neamhchoitianta teicniúla a mhíniú dom. Nach breá gaelach an saol ríomhaireachta ata anois againn? :)

Lipéid: , , ,

7 Freagraí:

Arsa Blogger aonghus ...

Bí cinnte go bhfaigheann tú an breiseáin Gaelspell chomh maith. Is mór ar chabhair atá ann chun sciorradh méir a fheabhsú.

26 June, 2007 11:19  
Arsa Blogger Conn ...

Bainfidh mé triail as - go raibh maith agat a Aonghuis!

26 June, 2007 11:33  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Bhí mé cosúil le madra beag mother hubbard ag teacht anseo le fada agus gan tada sa chófra! a Choinn. Fáilte ar ais, táim ag súil go mór le tuilleadh uait.

30 June, 2007 15:31  
Arsa Blogger Conn ...

Le cúnamh Dé a Kay! :)

30 June, 2007 22:04  
Arsa Blogger P. Drāno ...

Gabh mo leithsceal, ach tá tú “clibeáilte” agam.

01 July, 2007 20:44  
Arsa Anonymous Anonymous ...

hmm...clibeáil, ..tá súil agam gur ríomhaireacht atá i gceist agus nach é an rud leictreonach a dhéantar ar na muca. Ná habair go bhfuil íde na muc is na madraí á fulaingt agat a Choinn!

02 July, 2007 23:41  
Arsa Blogger Conn ...

Clibeáilte! Níor thuigeas i gceart tú ar dtús, a P Drano! Bhí an blagmhír mhí-cheart nascaithe agat! :)

Seo an ceann a bhí i gceist agat, nach ea? Meme

8 rud fúm féin, más ea - hmmm. Caithfear machnamh!

A Kay, mar a tharlaíonn sé ta muca go mór i mbéal mhuintir an tí seo faoi láthair - cheannaíomar "Babe" ar DVD an tseachtain seo chaite. ;)

03 July, 2007 00:06  

Post a Comment

<< Home