Tuesday, July 24, 2007

Imeall #175: Fís

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an-thrácht ar chúrsaí físe ar an idirlíon le tamall. Tá YouTube.com luaite go minic againn, ach tá seirbhísí cosúil leis ag Revver.com, Dailymotion.com, Blip.tv agus ag na scórtha suíomh eile nach iad.

Tá an gné sóisialta an-thabhachtach sna suíomhanna seo, go h-áirithe sa mhéid is gur féidir físeáin a neadú isteach i mblaganna agus i leathanaigh idirlín eile. Má tá do bhlag féin agat, is deas an maisiúchán ar do leathanach féin é físeán taitneamhach dea-chumtha a bheith suite air.

Mar mhódh scaipthe faisnéise, oibríonn sé ar an bprionsabal céanna le h-eireaball na péacóige. Bronann géinte na péacóige a eireaball taibhsiúil air – agus cuidíonn sin leis na géinte céanna a dháileadh. Dá fearr an físeán, is ea is mó daoine a thaispeánfaidh dá gcáirde é. Treisíonn agus buanaíonn an gníomh sin an caidreamh atá ag an duine lena chiorcal sóisialta – agus scaipeann an físeán.

Luaigh mé Justin.tv cheana. Níl Justin agus a cháirde ag beo-chraoladh chomh minic agus a bhí ach tá roinnt mhaith daoine ag baint úsáid as seirbhísí cosúil le ustream.tv chun beo-chraoladh a dhéanamh ar imeachtaí ar leith. Mar shampla, baineann an craoltóir raidio agus idirlín Leo Laporte úsáid as ustream.tv chun pictiúrí beo a chraoladh ón stiúidío agus é i mbun oibre ar a chlár raidio “The Tech Guy” - lena chat ar a ghlúin aige!

Cuireann an teicneolaíocht seo ardán nua ar fáil do lucht déanta scannán – rud a thuigeann an comhlacht Éireannach Wildwave go rí-mhaith. Cruinníonn siad scoth na scannán ón domhan mór isteach ina gcainéil digiteacha atá ar fáil ar leithéidí córas Vodafone dos na fóin póca agus ar seirbhísí teilifíse idirlín ar nós Joost.com.

I ndáiríre – ní fís go Joost! Ní foláir suí siar i do chathaoir chun é a fheiscint i gceart. Líonann sé scáileán do ríomhaire le pictíurí de chaighdeán ard. Tá sé dian a dhóthain ar an gceangal idirlín, agus dá bhfágfá ar siúl é is dócha nach dtógfadh sé i bhfad air do theorainn mhíosúil á shárú ar do chúntas leathanbhanda. Ach tá sé go h-álainn ar fad – ní bheidh meas muice agat ar phictiúirí YouTube in a dhiaidh.

Réamh-amharc ar an dtodhchaí atá in Joost, agus tá tá an córas faoi thástáil beta príomháideach i láthair na h-uaire. Tá dhá chuireadh go dtí an beta le spáráil agam, don gchéad bheirt a dhéanfaidh teagmháil liom.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: In A Long Time le 46bliss.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

9 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Tá sé go breá tú a fheiceáil!

24 July, 2007 23:00  
Arsa Blogger Conn ...

Aw - shucks Kay! :) Fáilte romhat féin ar ais!

24 July, 2007 23:08  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ach tar éis an tsaoil, nach bhfuil sé go deas litir a fháil a scríobh duine lena lámh féin. Tharla sin inniu, fuaireas litir ó mo mhac is óige atá as baile faoi láthair. Ní féidir cur síos ar an sonas atá orm. Bhíos chomh sona sin gur scríobh mé litir mé féin agus sheol mé sa phost é. :-)

Faraoir níl do sheoladh agam nó chuirfinn litir chugatsa!

25 July, 2007 21:54  
Arsa Blogger Conn ...

Kay, a chara,

F/ch Edgecast Media Ltd,
An Leatbhaile,
Baile na Caillí,
Inis,
Co. an Chláir.

;)

26 July, 2007 09:36  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

GRMA. Ach ná cuir an milleán ormsa!

26 July, 2007 16:35  
Arsa Blogger Conn ...

GOA! ;)

26 July, 2007 16:46  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Is céim chun tosaigh go bhfuil an leagan físe ar fáil - glacaim leis go bhfuil sé seo ag teacht ó fhís cheamra riomhaire nó an físcheamra digiteach ceangailte leis an riomhaire atá i gceist?

Is iad seo na céad céimeanna agus ar ndoigh tá siad bunusach - i gcead don tImeall - ach amach anseo feicim an fheidireacht le h-aghaidh dul chun cinn suntasach. Abair liom, an bhfuil físeáin ag na ceoltóirí podslán mar a bhionn ag ceoltóirí eile ar itunes? Agus má tá, cá mbeidís ar fáil

27 July, 2007 14:06  
Arsa Blogger Míshásta ...

Comhghairdeachas as físchraoladh taitneamhach proifisiúnta a chur ar fáil dúinn.

Coinnigh an rud ar siúl.

28 July, 2007 23:17  
Arsa Blogger Conn ...

A Mhíshásta, go raibh maith agat.

Ní raibh sa bhfíseán seo ach "iarracht phíolótach" mar a déarfá - ach tá sé i gceist agam fís a úsáid níos mó agus níos minicí amach anseo.

A Anonymous, a chara,

"... an físcheamra digiteach ceangailte leis an riomhaire atá i gceist?"

Díreach é! :)

Is léir go bhfuil cur amach nach beag agat ar chúrsaí teicniúla na físe! Trua nár fhág tú sonraí teagmhála. Más mian leat (nó le h-éinne) cabhrú liom chun feabhas a chur ar mo chuid pictiúirí, bheadh fáilte mhór romhaibh! Ríomhphost: conn AG edgecast PONC ie - nó glaoigh ar +353 87 7408056

29 July, 2007 01:34  

Post a Comment

<< Home