Sunday, February 10, 2008

Pictiúirí Sóisialta

Foilsíodh an t-alt seo Déardaoin i Lá NuaBhíos ag caint faoin ngrianghrafadóireacht an tseachtain seo chaite, agus faoi Flickr: liónra sóisialta na bpictiúr.

Níl aon dabht ach go bhfuil suíomhanna pictiúr den tsaghas seo an-oireiúnach chun cumarsáid agus caidreamh a chothú. Cuimhnigh air seo. Nuair a théann tú ar cuairt ar cháirde nó ar ghaolta, nach deas an caitheamh aimsire é nuair a tógtar anuas albaim na bpictiúr?

Iadsan a bhíonn ag plé teoiricí na socheolaíochta maidir le cumarsáid idirlín, tá an-chaint le déanaí ag cuid acu faoi 'réada sóisialta'. Duine acu is ea Jyri Engestrom, taighdeoir socheolaíochta agus bunaitheoir an chomhlacht Jaiku, a díoladh le Google anuraidh.

'Sé tuairim láidir Jyri, gurb iad na líonraí sóisialta is fearr a éiríonn leo ná na cinn atá bunaithe ar réad éigin - ar nós pictiúirí. Ní h-aon iontas gur beag an mhaith a bhíonn i gcaidreamh soisialta ar mhaithe leis féin amháin. Ní mór dó a bheith bunaithe ar 'rud éigin', mar shampla: galf, nó ceol, nó a leithéid.

Suíomh eile atá cosúil le Flickr ná Zoomr. 'Sé Thomas Hawk atá in a phríomh-fheidhmeannach ar Zoomr, agus is grianghrafadóir digiteacht aitheanta é i gceantar San Francisco.

Téann Thomas agus a cháirde ar shiúlóidí thart timpeall na cathrach lena gceamaraí - turasanna ar a dtugann siad 'photowalking' - agus anois tá photowalking ag teacht go hÉireann. Tá an blagadóir/grianghrafadóir RedMum ag eagrú tionól mar sin roimh Ghradam na mBlaganna i mBaile Átha Cliath ar an 1ú Márta.

'Sea, tá mór-ócaid shóisialta phobal na mblaganna chugainn arís, creid é nó ná creid. Mar chomhartha ar an éagsúlacht mhór atá ann i measc bhlaganna agus blagadóirí, tá cruinnithe do ghrúpaí ar leith dá n-eagrú ag daoine éagsúla ar imeall na h-ócáide féin. Ní amháin na grianghrafadóirí, ach beidh cóisir deas tae ann do na banbhlagadóirí chomh maith. Tá tuilleadh eolais ag sabrinadent.com.

Cuirfidh sé sin tús le seachtain bhruidiúil do bhlagadóiri in Éirinn. An lá dar gcionn cuirfear tús le tri lá imeachtaí i gCorcaigh: an comhdháil BlogTalk 2008, agus WebCamp. Agus ar an 8ú lá tionólfar Creative Camp i Cill Chainnigh, comhdháil aon lae ar chúrsaí idirlín, agus béim ar leith aici ar an gcruthaitheacht.

'Sea, an chruthaitheacht! Nach shin é a spreag an chaint seo agam? Níl aon easpa samplaí anseo in Éirinn de dhaoine atá ag úsáid blaganna chun a gcuid pictiúir a thaispéaint. Ní miste deartháireacha Uí Chaoimh a lua: Dónal agus Donncha. Tá Seán McCormack i nGaillimh, agus Claire Wilson (Gingerpixel) i mBaile Átha Cliath. Má thugann tú cuairt ar a suíomhanna siúd, ní thógfaidh sé i bhfad ort grianghrafadóirí digiteacha eile a aimsiú, mar chífidh tú go meallann na daoine seo ealaíontóirí eile chun cainte leo. Sin é bua an líonra sóisialta!

(Nasc breise: Gearr-Liosta Ghradam na mBlaganna, leis an liosta do "Best Photo Blog".)

Lipéid: , ,

3 Freagraí:

Arsa Blogger Rosie ...

seans gur spéis le daoine an comórtas seo, grianghrafadóireacht agus gaeilge in aon chomórtas amháin!

18 February, 2008 12:38  
Arsa Blogger Tales from the Birch Wood. ...

Dia dhuit.

22 February, 2008 18:17  
Arsa Blogger Conn ...

Dia's Muire dhuit, a chara! :)

Agus dia dhuit féin, a Rosie. Agus go raibh maith agat as an eolas sin!

23 February, 2008 01:24  

Post a Comment

<< Home