Thursday, January 31, 2008

Ealaíon an Íomhá

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhíos ag caint le cara liom inné a bhfuil dúil aige sa ghrianghrafadóireacht. Chuireas ceist air an raibh sé chomh tugtha céanna don gcaitheamh aimsire sin sarar tháinig na ceamaraí digiteacha ar an saol?

"Ó do bhí", a d'fhreagair sé, "ach chosain sé an t-uafás airgid orm!"

Mhínigh sé dom gurb é an nós a bhí riamh aige ná oiread pictiúirí agus a d'fhéadfadh sé a thógaint, ag súil go mbeadh ar a laghad cúpla ceann maith sa bheart.

Sin é bua mór na grianghrafadóireachta digití. Is féidir cliceáil leat, gan a beith buartha faoi chostas na scannán. Os rud é go bhfuil srian an chostais sin tógtha as an áireamh, is fusa don bhfoghlaimeoir rudaí a thriail agus foghlaim óna chuid botúin. Agus don ngrianghrafadóir cumasach, tugann sé níos mó saoirse dó a bheith cruthaitheach agus ealaíonta agus dul sa tseans.

Dar ndóigh, níl i dtógaint na bpictiúirí féin ach cuid den ealaíon. Tá deiseanna eile le bheith cruthaitheach sa phróiseáil a deintear ina dhiaidh sin. Is é Adobe Photoshop an feidhmchlár is mó a úsáidtear don obair seo agus tá oiread cáil air go bhfuil an focal photoshopping in úsáid go forleathan - ainneoinn gur féidir feidhmchláir eile a úsáid chomh maith.

Is é an úsáid is mó a bhaineann an gnáthdhuine as Photoshop, ná na "súile dearga" a cheartú. Ach níl ansin ach tús an scéil. Tá físeán iomráiteach ar an idirlíon ina dtaispeáintear cleasanna lucht na h-aerscuaibe agus iad ag cruthú na bpictiúirí taibhsiúla de mhainicíní agus de spéirmhná a fhoilsítear in irisí agus i bpóstaeirí. Is é an comhlacht Dove a dhein an físeán, mar chuid den bhFeachtas ar son na Fíor-Áilleachta atá acu, atá ag cur in aghaidh an íomhá de mhná a chruthaíonn tionscal na h-áilleachta.



Tá an grianghrafadóir Natalie Dybisz i mbun feachtais den tsaghas céanna. Tá cleachtadh maith aici ar Photoshop ach ní ar son na margáiochta ach ar son na h-ealaíne a dheineann sí a cuid pictiúirí. 'Sí féin an t-ealaíontóir, agus an mainicín, agus an coimeádaí ar a gailearaí idirlín féin ar an suíomh Flickr.

Is féidir le daoine Flickr a úsáid chun pictiúirí a roinnt lena gcáirde agus lena ngaolta. Ach tá roinnt mhaith ealaíontóirí ag baint úsáid as chomh maith. Spreagtar comhrá faoi phictiúirí. Pléitear an pictiúir féin, an teicníc, an trealamh, an phróiseáil agus an ealaíon.

'Sé atá i Flickr ná acadamh ealaíne, agus tá ealaíontóirí aitheanta ar nós Jim Fitzpatrick ag baint úsaid as mar aon le leitheidí Natalie, nach bhfuil aon traenáil fhoirmeálta aici ach a bhfuil foghlamtha aici ón idirlíon, agus ón aischothú a fhaigheann sí dá cuid iarrachtaí óna comrádaithe ar Flickr. Mar thoradh ar an bhfeabhas atá bainte amach aici, tá sí tosnaithe ar phictiúirí a dhíol agus ar thaispeántaisí poiblí a chur ar fáil i ngealaraithe. Níl sí ach 21 bliain d'aois.

Lipéid: , , , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home