Sunday, March 07, 2004

Maidir leis an mbog-earra, Red Hat Linux is rogha liom i láthair na h-uaire do mo chuid ríomhaireachta pearsanta - cé go mbainim úsáid as Windows, fé mar a dhéanfadh gnáth-dhuine ;-), i mo shaol oibre. Tá na sínte fada sin fuirist a ndóthain in Windows ('Alt Gr' + '), ach ní mar a shíltear a bhítear i saol Linux! De réir cosulachta níl aicearra (shortcut? - dar le Foclóir Ríomhaireachta Fhiontair ag DCU) mhéarchláir ar fáil do charactaerí mar sin in Mozilla, ach i gclaracha eile ar nós gedit, oibríonn 'Alt Gr' + ':', agus ansin an guta. Mar sin, is in gedit atá an mhír seo á scríobh agam agus cóipeálfaidh mé isteach go Mozilla in dhiaidh.

'Sea go deimhin: gramadach, téarmaíocht, agus sínte fada! Tá na h-uirlisi ar fad agam anois - níl aon leithscéal agam!

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home