Saturday, April 23, 2005

Sceal Tristan ar lean

Is mór an briseadh croí é an scéal seo - ach de réir na tuairisce seo ar Eircom.net, is cosúil go bhfuil caoi mhaith ar an mbuachaillín agus aire mhaith á tabhairt dó. Mar sin féin tá ceisteanna i dtaobh na dílleachtlainne féin ina bhfuil sé. Dar le Irish Times an lae inniu (síntús de dhíth chun é a léamh), tuairiscítear gurb amhlaidh nách bhfuil an dílleachtlann cláraithe leis na h-údaráisí áitúla. Dílleachtlann Emmanuel is ainm don ndílleachtlann seo, agus is cosúil ón suíomh gréasáin atá acu go bhfaigheann siad roinnt mhaith tacaíochta ó phobal na n-eachtrannach san Indinéis agus ó na comhlachtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn na h-eachtrannaigh. Ar liosta na n-oifigeach ar an suíomh seo luaitear cuid mhaith eachtrannach agus na comhlachtaí óna dtagann siad. Ina measc, ag bun an leathanaigh, tá "Joseph Dowse (KPMG - Accounting & Finances)" fós luaite i measc baill an Bhoird Chomhairlithe. Is cosúil, toisc an ceangal a bhí ag Joseph Dowes leis an ndílleachtlann, gur éirigh leis Tristan a fhágaint ann gan mórán ceisteanna.

Tá a thuilleadh eolais in alt an Times maidir le h-uchtú Tristan. Tá comhad a uchtaithe feiscithe acu, ina bhfuil cuntas Suryanih, máthair bhreithe an bhuachalla, gur thréig a fear í nuair a bhí sí torrach. Dar le Suryanih, chinn sí ar a leanbh a thabhairt le h-uchtú, agus labhair sí le feighlí linbh mhuintir Dowse, bean darb ainm Rosdiana. Is í Rosdiana a chuir na Dowses i dteagmháil le Suryanih, agus is cosúil gur eagraíodh an t-uchtú go príobháideach. Is nós coitianta a dhóthain é seo san Indinéis, go socraíonn teaghlaigh shaibhre uchtú sara mbeirtear an leanbh, agus go dtugann siad tacaíocht don mháthair le linn di a bheith ag iompar an linbh.

Más amhlaidh a bhí, tá amhras dlíthiúil faoin uchtú anois, ainneoin gur ghlac cúirt leis ag an am. Leis an ndeabhadh a bhí orthu Tristan a uchtú, is cosúil gur éirigh leis na Dowses cead na cúirte a fháil in éagmais teastais ó na seirbhísí sóisialta. Faoi mar atá sa tír seo, tá dlíthe ag an Indinéis chun leanaí uchtaithe a chosaint. San am ar uchtaíodh Tristan, bhí cúram an phróisis seo ar eagraíocht ar a dtugtaí an "National Social Health Body", nó an NSHB. Tá an cuma ar an scéal gurb amhlaidh nár deineadh teagmháil leis an NSHB in aon chor maidir le h-uchtú Tristan. Níl oiread agus tagairt amháin don NSHB sna 50 leathanach atá sa chomhad.

Is Moslamach í Suryanih, agus de réir dlí na h-Indinéise, is Moslamach dá bharr é Tristan de dheasca a bhreithe. De réir dlí na tíre sin, ní féidir leanaí Moslamacha a uchtú ach amháin le teaghlaigh Mhoslamacha. Níl aon fhiainise gur thiontaigh Joe Dowse ina Mhoslamach.

Tá íos-teorainneacha ama ar chóir do thuismitheóirí uchtaithe a bheith pósta, agus ina gcónaí sa tír. De réir na tuairisce, níor chomhlíon na Dowses na coinníollacha seo. (Ní rabhadar pósta ach bliain.) Deir an tuairisc áfach go ndeintear eisceachtaí uaireanta do eachtrannaigh i gcás an riail seo.

Níos suntasaí fós, mar chuid den phróiseas oifigiúil, bíonn tréimhse trialach sé mhí, ina ndeineann oibrithe sóisialta faire ar an dteaghlach le cinntiú go bhfuil cúram socair grámhar á thabhairt dó. Mheasfainn féin nár ghá do oibrí sóisialta le fios maith a cheirde níos mó ná cuairt amháin a dhéanamh ar na Dowses chun go gcífeadh sé go raibh rud éigin bunúsach in easnamh.

Bíodh sin go léir mar atá - 'sé an rud is tábhachtaí anois ná go ndéanfaí gach aon rud ar féidir chun cabhrú le Tristan anois. Is cosúil go bhfuil údaráis an dá thír ar aon intinn faoi sin. Tá sé ar a shuaimhneas sa dílleachtlann faoi láthair agus tuairiscítear go bhfuil lánúin Mheiriceánach an-cheanúil air agus go mba mhaith leo é a uchtú. Mar chuid do réiteach na faidhbe, b’fhéidir go mbainfear dó a shaoránacht Éireannach, agus go mbronnfar saoránacht na h-Indinéise air athuair. Ach má dheintear é sin, ba chóir do rialtas na tíre seo a chinntiú gur chun leasa Tristan a bheidh sé seo. Mar atá sé faoi láthair, tá cearta an tsaoránaigh Éireannaigh aige. Mar sin – ní dóigh liom gur cheart aon acmhainn taidhleoireachta a spáráil ag cinntiú go réiteofar fadhbanna an bhuachalla seo chomh tapaidh agus chomh h-éifeachtúil agus is féidir.

Tuilleadh eolais: Tuairim Brenda Power sa Sunday Times.

Lipéid: ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home