Friday, March 25, 2005

Laethanta Saoire

Tá súil agam go raibh Féile Pádraig deas ag gach éinne, pé áit ar domhain in bhfuil sibh! Féile idirnáisiúnta is ea í anois, agus deis don náisiún seo é féin a chur chun cinn. Nách trua, más ea, na tréan-iarrachtaí a dhein daoine áirithe droch-chlú a tharrach orthu féin agus ar mhuintir na h-Éireann i gcoitinne? Tá 364 lá eile sa bhliain a d'fhéadfaidís a chaitheamh ar an ndrabhlás - cad 'na thaobh go gcaithfidís seó a dhéanamh díobh féin ar an lá náisiúnta?

Thaitin an sos go mór liom. An chéad saoire ó bhi an Nollaig. Agus ritheann sé isteach go deas le saoire na Cásca atá buailte linn anois. An t-Earrach i mbarr a réime; an dúlra á chorraí féin tar éis an Gheimhridh; an fás le brath, le clos - nách mór - i ngach aon áit; an teas san aimsir agus an síneadh sa tsolas. Tá geimhreadh fada dorcha curtha dínn: dorcha agus sinn ag fágaint chun dul ag obair, dorcha agus sinn ag filleadh. Ní fheiceann comharsana béal dorais a chéile ó Dheireadh Fómhair go Márta.

Seachtain na Cásca, osclaíonn páirceanna carbhán Chill Chaoi a ngeataí don tséasúr nua. Áitreabhaigh Luimní, de réir sean-nós a sinsear, fillfidh siad ar na tithe so-ghluaiste a choimeádann siad ó bhliain go bliain. Osclóidh siad na fuinneoga agus na dóirsí agus rachaidh síos ar an dtrá ag siúl, ag ligean do ghaotha úra na Márta aer leamh an iaimh a scuabadh amach. Caithfidh siad cuid mhaith den tsamhradh anseo: deireadh seachtainí agus laethanta saoire na scoile, tráth a fhanfaidh leanaí anseo i dteannta a máithreacha, Daidí ag filleadh ar an gcathair chun oibre. Ní bhraithfidh siad uatha cáirde an gheimhridh - tá cuid mhaith acu san ag campáil anseo chomh maith - agus níl aon easpa comhluadair do dhream a fhilleann ar shean-shlite, bliain i ndiaidh bliana. Go deimhin, tá caidrimh ar leith acu anseo leis, le h-athnuachan sna laethanta atá rompu.

Seo tús an tséasúir do lucht gnó agus d'oibrithe tionscail na turasóireachta - agus tráth gníomhach gnóthach leis do lucht na siopaí péinte agus crua-earraí, agus dos na lár-ionaid garraíodóireachta! Táimíd dár gcroitheadh féin agus ag ullmhú chun bogtha (seomra le péinteáil agamsa!) Go n-éirí lenár n-iarrachtaí go léir, pé beag nó mór!

Lipéid: ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home