Thursday, September 04, 2008

An tImeall # 195: Aistir Aisteacha

Buail anseo chun éisteachta!

Inniu ar An tImeall, léann Conn alt na seachtaine ó Lá Nua, agus labhraíonn sé le Bríd faoi blagadóireacht. Píosa ceol inniu dar ainm "Driving To you", ó Christopher Dallman.

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua

Ag Coinneáil Teagmhála

Má tá tú ar laethanta saoire nó ag ag taisteal, is deacair an t-idirlíon a shárú. Ach go h-áirithe, más aistear aisteach atá ar bun agat, rud éigin as an ngnáth, is mór an áis iad blaganna agus suíomhanna féin-fhoilsithe dá leithéid chun cáirde agus clann a choimeád ar an eolas faoi do chuid eachtraí.

Luamar Roz Savage cheana. Sin í an bhean atá ar a bealach trasna an Aigéin Chiúin ag rámháiocht ina h-aonar. Ba mhór an sásamh dom a chlos gur bhain sí Hawaii amach tar éis nach mór 100 lá a chaiteamh ó d'fhág sí San Francisco. Is féidir eachtraí Roz a leanúint ag rozsavage.com.

Is dócha nach bhfuil an chrógacht chéanna ag teastáil ón dtriúir sa jíp atá ag insint a gcuid eachtraí ar threeladsinajeep.com. Ach is aistear de shaghas éigin eile ar fad atá i gceist acu. Cé go raibh dúshláin a dóthain ag Roz ina báidín, is í féin an t-aon phearsa a bhí sa scéal. Bheifí ag súil leis go gcasfar go leor daoine suimiúla ar na leaids ar a mbealach go dtí an Astráil as Éirinn. D'fhág siad an tír coicíos ó shin agus táid san Iodáil faoi láthair.

Fuaireas ríomhphost ó mo dheartháir ar maidin ag insint dom faoi aistear cróga eile: triúir as Corcaigh (is eol dom Ciarraíoch amháin ina measc!) atá ag fágaint an bhaile inniu ar chamchuairt na tíre. Seo iad foireann an tseanchairr dearg, nó Team WRC ("Wrecked Red Car"). Sé atá sa WRC seo ná Opel Astra ó 1993, agus a ceannaíodh ar €50.

1600 míle a bheidh i bhfad an turais seo, ó Chorcaigh go Béal Feirste (tríd Loch Garman), as sin go Leitir Ceannainn, Cathair na Mart,Trá Lí agus Cionn tSáile. Cinnte, ní bheidh siad i mbaol a mbáite cosúil le Roz Savage, ach leis an aimsir a bhí againn le déanaí, is dócha gur maith an rud é mar sin féin go bhfuil máirneálach i measc an triúir!

Is ar mhaithe le hIonad Taighde Ailse Chorcaí a bheidh Team WRC ag iarraidh airgead a bhailiú ar an dturas, tá tuilleadh eolais ar an suíomh acu ar freewebs.com/wreckedredcar, agus beifear in ann a rian a leanúint ar an suíomh sin le cabhair rabhchán raido atá ar bord acu.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home