Tuesday, November 01, 2005

An tImeall #34 : Cuir Skype Orm!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cursai caighdeán fuaime: beidh cláracha uile na sechtaine seo ionchódaithe ag 96kbps. Insígí dom le bhúr thoil má bhíonn aon fhadhb agaibh leis an gcaighdeán sin fuaime.
  • Áiseanna táirgithe fuaime don Vox Pop:
    • Sound Recorder: ba chóir go mbeadh an clár seo fite fuaite le Windows ("C:\windows\system32\sndrec32.exe")
    • Audacity
    • Castblaster
  • Skype! Faigh Skype ón suíomh skype.com, ansin cuir glaoch skype orm ag an ainm "imeallach" (Scaidhp Orm!), agus fág teachtaireacht ar mo bhosca "voicemail"!
  • Ceol Podslán: romany dance gitano flamenco le hellozero
Lipéid: , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Is breá liom ceol Féar Gorm. Tá a fhios agat, is dócha, gurb é OBS an píosa ceoil is coitianta atá ann sa stíl seo - ró-mhinic a sheintear é, dar leis an móramh. Sin an fáth go raibh siad ag magadh ag an dtosach de. Ach tá a leagan féin ag gach éinne.

02 November, 2005 15:09  
Arsa Blogger Conn ...

Táim cinnte go raibh Orange Blossom Special cloiste agam - ach ní raibh a fhios agam cén t-ainm a bhí air. Bhí aithne agam ar Foggy Mountain Breakdown - silim - ó thaifead de chuid Lester Flatt agus Earl Scruggs.

(Dála an scéil, má tá mearbhall ar éinne atá ag léamh seo - féachaigí ar phodchraoladh #35!)

07 November, 2005 07:39  

Post a Comment

<< Home