Friday, October 14, 2005

An tImeall #27 : WiFi McDonalds - Is breá liom é! (TM)

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Uaslódáltha ó McDonalds i dTrá Lí, Co. Chiarraí! Wifi in aisce ach cupán caife a cheannach! :-)
  • "Mireog" molta ag Panu mar Ghaeilge ar "Meme"! Cad é bhúr meas? Pé rud a thabharfaimíd air, beimíd ag seoladh cluiche mireoige de shaghas éigin ar an bpodchraoladh an tseachtain seo chugainn. Beidh mé ag iarraidh oraibhse píosa fuaime a thaifeadadh ar ábhar éigin agus é a sheoladh chugam. Cuirfeadsa le chéile iad agus craolfar "ar an Imeall" iad. Bígí ag éisteacht!
  • Ceol Podslán: In the Circle le Hungry Lucy.
Caife agus Wifi: Is Breá Liom É!
Lipéid: , ,

9 Freagraí:

Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Is back up maith é bogearraí fax a bheith ar an ríomhaire cé go bhfuil sé seanfhaiseanta…. Simplí go leor ansin duit do cháipéis a chur chuig comhlacht nach n-úsáideann ríomhphoist… bíonn siad ann! (nó chucu nach n-úsáideann a ríomhphoist i gceart , Foinse, sa chás seo)…. . de gnáth bíonn gléas fax acu siúd. Tá sé níos áisiúil ná litir a chur i gclúdach agus ansin sa phost seilide, dar liom. Ar ndóigh, bheadh an comhaid electronic ón nuachtán roimh dul i gcló, ach ar a laghad bheadh eolas do thuairim acu.
Níl an focal "meme" agam......
Ádh Mór

14 October, 2005 17:57  
Arsa Blogger Conn ...

GRMA a Hilary. Is fuath liom FAX ;-) ach tá an ceart agat!

Chuireas glaoch ar Foinse. Dúradar go raibh an ríomhphost briste ar feadh roinnt laethanta (mar thoradh ar aistriú go córas leathanbhanda, sílim), ach go raibh sé ag obair arís ó inné. Sheolas mo litir arís!

Meme: Sainmhíniú Wikipedia. Agus seo sampla den tsaghas ruda a bhíonn i gceist le "meme tag" ar bhlaganna: "7 rud". Nílim go h-iomlán cinnte an é seo an saghas ruda a theastaíonn uaim a dhéanamh. Mar shampla, níor mhaith liom a bheith ag "ainmniú" daoine - ach b'fhéidir go bhfuil gnéithe áirithe a bheadh oirúnach. Tuilleadh machnamh!

14 October, 2005 18:38  
Arsa Blogger Nicole ...

meme eile: nuair a scríobhann tú an 100ú post (conas a déarfá 'post' as Gaeilge?), scríobhann tú freisin "100 Rud Fúm." Is féidir é ana-mhaith.

(conas a déarfá 'post' as Gaeilge?)


...Is maith liom an chuid is mó den ceol an tseachtain seo, ach is fearr liom Butterfly Catchers!

14 October, 2005 21:28  
Arsa Blogger Conn ...

An Ghaeilge ar "post"? Ní fheadar i gceart. Tá "blagmhír" ráite agamsa, ach nílim go h-iomlán sásta leis. "Alt", b'fhéidir? Úsáidtear "teachtaireacht" go minic - ach úsáidtear é sin uaireanta le haghaidh "comment" chomh maith. B'fhéidir go bhféadfaimís "tráchtaireacht" a úsáid i gcomhair "comment" - ach ní fheadar - tá blas ró-ghalánta ar an bhfocal. Tuairim ag éinne?

Creid é nó ná creid - tá An tImeall ag drudim leis an 100ú alt. (Seo uimhir 98.) Is breá liom mo ghlór féin a chlos, ach ní maith liom a bheith ag caint orm féin, mar sin ní thaitníonn an "100 Rud Fúm" liom mar smaoineamh - ach cuimhneóidh mé ar phlean éigin chun an 100 a chomóradh. Go raibh maith agat as é a mheabhrú dom!

Tá na Butterfly Catchers thar barr, nach bhfuil? Tá amhrán eile uatha atá chomh maith céanna. Casfaidh mé é an tseachtain seo chugainn.

15 October, 2005 12:01  
Arsa Blogger Panu ...

Maidir le "post": Úsáidim féin "iontráil", focal atá bunaithe ar "entry" an Bhéarla. Mar sin féin, tá mé cineál luite le "blagmhír" nó "mír" comh maith, agus tá sé incheaptha go bhfuil cuid níos mó den cheart ag an Imeallach ná agam féin.

15 October, 2005 21:37  
Arsa Blogger Nicole ...

Scríobhfaidh mé "iontráil"...grma a Phanu & a Imeallach!

A Imeallach -- ar chuala tú Nouvelle Vague (http://www.nouvellesvagues.com/)? Is mise punc & is maith liom.

16 October, 2005 13:31  
Arsa Blogger Panu ...

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil an tArm Rúnda ag úsáid "blagmhír", in aithris ar an Imeallach.

17 October, 2005 08:38  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

D'éist mé leat inniu den chéad uair le tamall. Tá tú an-phroifisiúnta anois! Tabharfar post duit ar an raidió má chloiseann siad thú! Maith thú, a chara.

17 October, 2005 14:54  
Arsa Blogger Conn ...

Hi a Shéamais - ní rabhas ag caint leat le stáir! Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Go raibh maith agat as na focail deasa - is mór an spórt é seo.

"Tabharfar post duit ar an raidió má chloiseann siad thú!" GRMA a Shéamais, ach caithfidh mé an fhírinne a insint: "Been there, done that". Tá an-mheas agam ar cheard na craoltóireachta ach níorb í mo rogha slí bheatha í.

Rud eile ar fad is ea an phodchraoltóireacht - níl oiread saoirse ag aon chraoltóir raidió agus atá agamsa. An difríocht is fearr: Is caitheamh aimsire é seo - seachas post! ;-)

19 October, 2005 06:02  

Post a Comment

<< Home