Tuesday, December 06, 2005

#55: Vox Pop: Cén fáth an Ghaeilge?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Oíche shóisialta aréir agam. Ag scaipeadh soiscéil na blagadóireachta agus na podchraoltoireachta! Scairt amach do mo chara Pat!
  • Vox Pop na seachtaine. Chuireas an cheist: "Cén fáth an Ghaeilge?" Dar le Séamas ní chuirfí an cheist i dtaobh aon teanga eile!
  • Vox Pop Nua! Do theachtaireacht Nollag! Dein taifead agus seol an fhuaim go dtí imeall@gmail.com, nó scríobh síos i ríomhphost é agus léifead amach é. Nó cuir skype orm agus fág teachtaireacht. Podchraolfar na beannachtaí go léir um Nollaig.
  • Ceol Podslán: If Every Day Were Christmas le Podsafe for Peace
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

3 Freagraí:

Arsa Blogger Proinsias ...

Iontas na n-iontas! Tá mé díreach tar éis do bhlag a léamh ar mo fón póca! De dheasca suíomh iontach ar an idirlín ar leith www.skweezer.net é, is féidir beagnach gach aon suíomh a leamh ins an slí seo. Tá sé le fáil, saor in aisce, ach dul chuig an suíomh, agus an ionad atá ag teastáil uait a líonadh isteach san "chúairdeóir." Mo léan! Ní féidir an fuaim d'fháil tríd an suíomh seo, go bhfios dom. Faraoir! Níl sé ro-éascaigh éaló ón suíomh skweezer ag deireadh an seisiún. Beidh ort "briseadh amach" mar níl cnaipe le fáil chun imeacht ón suíomh. Is deas ar fad bheith in ann léimt ó do suíomh (an tImill) go suíomhanna eile atá liostaithe agat, agus ar ais arís. Anois, beidh mé ábalta do altanna shuimiúla a léamh pé áit atáim. Teichnéóilíocht ABU!

Proinsias

07 December, 2005 02:58  
Arsa Blogger Nicole ...

re: Séamas' audio feedback:

Nuair a bhí mé sa méanscoil, bhí rogha agam idir dhá teanga: Spáinnis 7 Fraincis.

Thogh mé Fraincis.

D'fhiafraigh a lán daoine díom, "Cén fáth Fraincis?" Dar leo, ní raibh Fraincis "úsáideach." Dar leo, níl ach fáth amhain ar son teanga a foghlaim -- mar "úsáideach" atá sí.


...ach cén fáth an Gaeilge? Bhí imní orm go labhraíodh mo pháistí teanga nár thuig mé!

08 December, 2005 03:26  
Arsa Blogger Conn ...

Hey Frank, Fáilte romhat - you're welcome! Please tell Jennifer thanks for the music!

A Phroinsias,
Maith thú! D'fhéach mé ar Skweezer. An mhaith! Bainimse ásáid as bloglines.com mar chomhbahilitheoir dos na blaganna go léir a bhíonn á léamh agam (breis agus 100 i láthair na h-uaire: féach anseo). Má tá cúntas bloglines agat is féidir leagan "éadrom" a fháil do ghléasanna so-ghluaiste ar an seoladh http://www.bloglines.com/mobile

... et enfin, merci Nicole! :-)

10 December, 2005 19:22  

Post a Comment

<< Home