Friday, February 17, 2006

#87: Ar do Shonsa a Oibríonn Siad

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas tagairt don ndaonlathas leictreonach an tseachtain seo chaite, ach ní raibh trácht cloiste agam fós ar thionscnamh John Handelaar. D'aistrigh John go hÉirinn anuraidh ó Shasana, agus tá curtha faoi aige i gCorcaigh. Tugann se scileanna ríomhaireachta leis, agus smaoineamh úr ó thailte John Bull.

Roimh Nollaig, d'fhógair John go dtógfadh sé leagan Éireannach den suíomh Breatnach writetothem.com, dá bhfaigheadh sé geallúntas ó 15 eile go gcabhróidís leis. Tharla go bhfuair sé breis agus an méid geallúntas a bhí uaidh agus tá sé dulta i mbun oibre, ag tosnú le Contae Mhaígh Eo. Is é atá i gceist leis an suíomh seo ná go mbeidh tú in ann do sheoladh a líonadh isteach agus go bhfaighidh tú liosta des na ionadaithe poiblí a bhaineann leis an áit áirithe sin. Ansin tabharfar an deis duit litir a scríobh ar chibé ceist atá ag déanamh tinnis duit: litir a seolfar chuig do rogha ionadaithe poiblí, nó chucu go léir, más mian leat é. De réir na cosúlachtaí ón méid atá á rá ag John, is i bhfoirm FAX a seolfar an litir chucu. Ná h-abair go bhfuil cuid acu fós gan ríomhphost!

Ach ní h-é sin an t-aon dea-smaoineamh don bpolaitíocht atá ag eascairt ón mBreatain. Cuireann an suíomh theyworkforyou.com ar chumas an tsaoránaigh súil ghéar a choimeád ar a ionadaithe tofa. Tarraingíonn an suíomh sin a chuid eolais ó fhoinsí éagsúla, ó chórais oifigiúla parlaiminte agus ó eagraíochtaí nuachta, agus baineann sé úsáid as writetothem.com chun teachtaireachtaí a sheoladh go dtí na polaiteoirí. Ní amháin sin, ach foilsítear fotha RSS (Really Simple Syndication - féach alt na seachtaine seo chaite) do gach aon fheisire le sonraí a gcuid eachtraí sa pharlaimint. Is féidir síntús a chlárú leis an bhfotha sin agus súil a choimeád ar na h-ionadaithe poiblí ar leathanach nuachta comhbhailithe, in éineacht le fothaí comhfhoilsithe eile cosúil le tuar na h-aimsire, scéala airgeadais, agus do rogha blaganna.

Is léir go bhfuil an Bhreatain go mór chun cinn orainn maidir leis an ndaonlathas leictreonach, ach tá tréan-iarrachtaí ar siúl chun é sin a leigheas. Agus tá grúpa blagadóirí Éireannacha ullamh cheana féin don chéad toghchán eile. Seoladh blag nua an tseachtain seo ag irishelection.wordpress.com, agus tá scór blagadóirí neamhspleácha ar an bhfoireann aige. Cheana féin, tá a n-aird dírithe acu ar an athshuaitheadh a dhein an Taoiseach ar na h-airí sóisearacha an tseachtain seo, agus tá mír acu ó aoí-bhlagadóir speisialta mar cheiliúradh ar sheoladh an tsuímh nua. Sin í Leas-Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an Teachta Liz McManus, a bhfuil blag dá cuid féin aici ag lizmcmanus.blogspot.com.

Polaiteoir eile a bhfuil blag aige ná Méara Leitir Ceannainn, an Comhairleoir Damien Blake ó Fhianna Fáil. Agus bhí méara óg eile ina h-ábhar cainte aige agus é ag trácht ar an agallamh a chuir Pat Kenny ar Mhéara Chiarraí, an Comhairleoir Toiréasa Ni Fhearghasa ó Shinn Féin, ar an Late Late Show Dé Sathairn. Ní raibh aon tuairim ag Damien maidir le maidir le h-eachtraí faisin Thoiréasa ar an oíche úd. Go deimhin thacaigh sé léi ar an bpointe sin, ag rá nár chás dos na nuachtáin na ceisteanna polaitiúla a chíoradh seachas díriú ar a cuid éadaí. Mar sin féin, thapaigh sé an deis chun pointí polaitiúla a scóráil go réidh as an méid a bhí le rá aici, agus as an méid nach raibh le rá aici i dtaobh dúnmharú an Ghárda Gerry McCabe. Is léir go bhfuil cleachtadh maith ag Damien ar an ndíospóireacht sna blaganna: tá nascanna go flúirseach ina alt aige le blagadóirí agus le foinsí idirlín eile a thacaíonn lena thuairimí.
  • Ceol Podslán: Mark My Words le Granian
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home