Friday, February 10, 2006

#82: "Ná Déan Olc"

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáNuair a théann tú go dtí Google ag lorg eolais, cá bhfios duit go bhful an t-inneall cuardaigh cáiliúil ag insint na fírinne? Má deireann Google gur chaith sé 0.14 soicind agus go bhfuair sé 985 leathanach le h-aghaidh "poitín" an féidir a bheith muiníneach as na torthaí? Nó an bhfuil aon seans go bhfuil moráltacht éigin curtha i bhfeidhm i nGoogle a dhéanfadh iarracht sláinte an phobail agus císte cánach an stáit a chosaint ó alcól atá gan chaighdeán gan dleacht?

Tá cáil agus meas an phobail ar Google, agus deintear tagairt go minic ar chúltúr sainiúil agus ar phrionsabail lárnacha an chomhlachta, go h-áirithe an mana: "Ná deán olc". Mar sin cuireadh díomá ar roinnt mhaith blagadóirí le déanaí nuair a ghéill Google do éileamh rialtas na Síne go gcuirfí cinsireacht i bhfeidhm ar ábhair áirithe ina dtorthaí cuardaigh.

Má bhí cáineadh ar chinneadh Google, b'é an tuairim choitianta mar sin féin nach raibh mórán rogha acu. Tá plé maith ar an gceist ag Tom Raftery le lucht a léite ar tomrafteryit.net, agus tá podchraoladh suimiúil déánta ag Tom le Vint Cerf ó Google a d'fhoilsigh sé um Nollaig.

Tá léiriú suntasach ar an gcinsireacht ar Balrog. Taispéaintear an difríocht idir Google an Iarthair agus Google na Síne nuair a chuardaítear íomhánna leis an bhfocal "Tiananmen". Ach deineann John Naughton tagairt do alt ar opendemocracy.net a deir go bhfuil maolú suntasach amháin ar chinsireacht Google, 'sé sin: go n-insíonn siad duit nuair atá an chinsireacht deanta.

Mar chosaint, deir Google go gcaithfidh siad cloí le dlithe na dtíortha ina mbíonn siad ag feidhmiú, agus gur fearr seirbhís teoranta ná seirbhís ar bith. Baineann Microsoft úsáid as an argóint chéanna, agus iad ag déanamh cinsireacht ar a gcóras blagadóireacht MSN Spaces sa tSín. Tá Rebecca MacKinnon ag leanúint scéal Microsoft, ach tá liamhaintí níos tromchúiseacha fós aici in aghaidh Yahoo!. Tuairiscíonn sí go bhfuil téarma priosúnachta 10 mbliana gearrtha ar iriseoir síneach tar éis gur ciontaíodh é le cabhair sonraí óna chuntas ríomhphoist a thug Yahoo! dos na póilíní.

Roimh Nollaig, phléigh an Coimisinéir Eorpach Margot Wallström na ceisteanna seo ar a blag féin, agus cháin sí na trí chomhlacht Meiriceánach go géar. Fuair sí roinnt freagraí feargacha ó Mheiriceánaigh ag rá nach raibh aon ghnó ag feidhmeannach neamh-thofa de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ag seanmóireacht faoin ndaonlathas!

Cúram an chaidrimh agus na cumarsáide atá ar an gcoimisinéar Wallström, agus is buile ar son na gcuspóirí sin an blag atá aici. Tá polaiteóirí ar fud an domhain ag tabhairt faoin mblagadóireacht. Tugann blag an deis do pholaiteoir seasaimh a ghlacadh agus é a fhorbairt go poiblí. Is taifead é ar a bhfuil ráite acu. Tugann sé deis do vótóirí a dtuairimí a nochtadh. Aithnítear gurb é feachtas Howard Dean do ainmníuchán an Pháirtí Daonlathaigh in 2004 a léirigh don chéad uair bua na blagadóireachta sa pholaitíocht. Ní mór an cáil a bhí ar Dean ag tús an fheachtais, agus, cé nár éirigh leis an t-ainmniúchán a fháil, meastar go raibh baint mhór ag a bhlag ar chomh maith agus a d'éirigh leis.

Baintear úsáid as blaganna anseo in Éirinn chun feachtais pholaitiúla a chur chun cinn, ach níl móran polaiteoirí ag baint úsáid astu go fóill. Tá James Corbett ag bailiú liosta polaiteóirí le blaganna ar Eolaire Oscailte na hÉireann, agus tá teachtaireacht aige do pholaiteóirí Iarthar Luimní sara cuirfear tús le stocaireacht an chéad toghcháin eile: "mura bhfuil blag agat, ní bhfaighfidh tú mo vóta!"Lipéid: , , , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home