Friday, March 10, 2006

Imeall #98: Flickr

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas tagairt do Flickr an tseachtain seo chaite agus mé ag trácht ar thuairisceoireacht na gcíréibeacha. Is suíomh iontach é flickr.com, agus is fiú súil a chaitheamh air, ach bí cúramach. Súfaidh sé isteach tú agus imeoidh an t-am i ngan fhios duit!

Córas riartha pictiúr is ea Flickr go h-iondúil. Ach ní leor sin mar cur síos air. Nuair a chruthaíonn tú cúntas ar Flickr (tá an bun-chúntas saor in aisce), is féidir leat do chuid pictiúr a chur in airde ar an suíomh. Is féidir leat pictiúir a eagrú ina gcnuasaigh. Is féidir leat lipéid a úsáid chun cur síos ar na pictiúir. Is féidir leat do chuid pictiúr a rangú idir phictiúir phoiblí agus pictiúir atá príomháideach dod' cháirde nó dod' mhuintir amháin. Is féidir leat fo-rangú a dhéanamh chomh maith i measc na bpictiúr príomháideach, idir na pictíuir a thaispeánfar do do cháirde nó do do chlann.

Tá an gné sóisialta seo ar cheann des na gnéithe is taitneamhaí agus is mealltaí den gcóras ar fad. Is féidir leat úsáideoir eile den gcóras a roghnú mar "teagmhálaí". Is féidir leat na pictiúir is déanaí le do chuid teagmhálaithe a fheiscint ar aon leathanach amháin. Mar bharr air sin, is féidir leat stádas "cara", nó "clann" a bhronnadh ar úsáideoir eile a thabharfaidh cead dó na pictiúir príomháideacha de do chuid a fheiscint. Agus is féidir leat teachtaireacht a scríobh taobh thíos de phictiúr ar bith, le duine ar bith, ag trácht ar theicníocht, nó ar ábhar an phictíuir, nó ar do rogha rud.

Ar an úsáid is suntasaí a bhíonn ar Flickr go minic, tá nuair a bhíonn slua mór flickreoirí ag mór-ócáid éigin (mar shampla Mashup Camp na míosa seo chaite i gCalifornia). Má thugann na grianghrafadóirí éagsúla lipéad comónta éigin dos na pictiúir a chuireann siad ar Flickr, ansin bíonn léargas sainiúil le fáil ar an ócáid ó dhearcanna difríula.

Táthar ag súil le bailiúchán maith pictiúr, blagmhíreanna, agus podchraoltaí ag eascairt as an gchéad Oíche Ghradam Blag na hÉireann a thionólfar i mBaile Átha Cliath amárach. Seo an chéad sheans a bheidh ag roinnt mhaith againn bualadh lena a chéile agus tuairiscítear an-éileamh a bheith ar shuíocháin. In Óstán an Alexander a bheidh an gabhar á róstadh, agus tá tuilleadh eolais ag awards.ie.

Chuir na blagadóirí suim sa Ghaeilge arís an tseachtain seo, nó i nGaeilge an Aire McDowell ach go h-áirithe. Bhí údar an bhlag Threats To Democracy orthu siúd a mheas gur iarracht a bhí ann dallamullóg a chur orainn i dtaobh an bhagairt seo ar ár gcearta digiteacha. Ach más é sin an cuspóir a bhí ag an Aire, síleann Simon McGarr go raibh a mhalairt de thoradh air. Dar leis gur spreagadh na meáin chun cainte ar an ábhar nuair a cheap siad go raibh iarracht ar bun chun rud éigin a chur i gcrích i ngan fhios dóibh.

Chuaigh an tsraith clár teilifíse “Facing The Truth” go mór i bhfeidhm ar mhórán sa bhlagchruinne. Measadh, tríd is tríd, gurbh fhiú an iarracht, agus moladh crógacht na ndaoine a ghlac páirt ann. Mheas The Levee Breaks go ndeachadh thar fóir beagáinín leis an cur i láthair, leis an Ardeaspag Tutu ag teacht ina helicopter, ach bhí JoBlog an-thógtha leis an maithiúnas agus leis an ngrá a léirigh an tArdeaspag féin.

Mar chríoch inniu, níorbh aon díobháil cuairt a thabhairt ar chathair Chorcaí, agus ar bhlag Dhónail Uí Chaoimh ach go h-áirithe. Tá léiriú an-thaitneamhach ar an saol ó dheas ar phríomh-leathanach donal.wordpress.com, i bpictíuir agus i bhfocail, ar spórt, ar cheol, ar naomhóga i lár na cathrach agus ar an bhfeachtas ar son dealbh chomórtha de Rory Gallagher.
  • Ag taisteal go BÁC i gcomhair Gradam na mBlag.
  • Eíst le Raidió na Life i mBÁC anocht ag 8:00. Beidh mé i m'aoi-chointeoir ar an gclár Fios Feasa, ag caint ar ócáid sheolta an phodchraoladh Making Waves leis an gcomhlacht nua podchraolta Digicast ag podcastingireland.ie.
  • Lá mór amárach agam! Ag súil le freastal ar chruinniú Enda Kenny ar thodhchaí na Gaeilge.
  • Seisiún Teicniúil do bhlagadóirí san Alexander ag 15:00.
  • Gradam na mBlag ar siúl ag 19:00. An mbeidh tú ann?
  • Seol teachtaireacht chugam i gcomhair Imeall #100.
  • Ceol Podslán: Good Day le Natives of the New Dawn
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Go raibh maith agat i gcomhair an nasc, agus comhghairdeas ar an duais a bhfuair tu! Léamh mé ar an mblag seo gur bhuaigh tú.

12 March, 2006 01:04  
Arsa Blogger Muddle-headed Wombat ...

Bhuaidh tú an blog Gaeilge award. Comhairdeas!

12 March, 2006 13:23  

Post a Comment

<< Home