Friday, February 24, 2006

Imeall #91: 10-4 Good Buddies, Thar agus Amach!

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBhí comhrá agam leis an bpodchraoltóir Meiriceánach Séamas Ó Neachtain le linn na seachtaine. Bhaineas úsáid as an bhfón idirlín Skype chun glaoch a chur air ó mo ríomhaire i gContae an Chláir go dtí a ghnáth-fhón baile in Inis Fada, Nua Eabhrac. Thugamar nach mór uair a chloig ag caint agus níor chosain sé ach euro amháin orm. (Dá mbeadh Skype ag Seámas chomh maith, bheadh sé saor in aisce!) Tá an chuid is mó den gcomhrá taifeadta ag Séamas, agus d’fhoilsigh sé an chéad chuid de Dé Céadaoin ar phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge.

Agus sinn ag caint, dhein Séamas comparáid idir an ré seo agus an nós a bhí ann do raidió CB thiar sna 80-í. Tá an ceart aige. Tá daoine ar fud na cruinne ag caint lena chéile. ‘Siad lucht na teicneolaíochta is túisce atá ag glacadh páirte ann. Go deimhin más iad lucht na leoraithe móra is mó a bhí tugtha don CB, dealraíonn sé go bhfuil an dream céanna ag baint tairbhe as an modh nua seo cumarsáide chomh maith.

Ach maidir leis an Raidió CB, fágadh ag na “truckers” é sa deireadh, agus ní mór an trácht atá air i measc an phobail i gcoitinne anois. An amhlaidh a bheidh leis an mblagadóireacht?

Ag leanúint mhór-óráid stáit an Uachtaráin Bush an mhí seo chaite, d’fhoilsigh ceannaire chomhlacht chuardach na mblag, Technorati, David Sifry, an tuairisc is déanaí uaidh ar an “State of the Blogosphere”. Níl aon chosúlacht ann go bhfuil maolú ag teacht ar an mblagadóireacht. Dar le David, tá 27 milliún blag ar an saol, agus cé go dtéann cuid acu in éag go h-óg, tá leath acu fós ag cloí leis an mblagadóireacht tar éis 3 mhí Saolaítear blag nua gach soicind, agus tá méid na blagchruinne ag dúbailt gach 5 mhí. An faisean sealadach é seo, nó an bhfuil níos mó tiománaithe leoraí ann ná mar a ceapadh?
Graf le David Sifry, Technorati.com
Is i mBéarla atá thart ar leath na mblaganna seo ach is fóram iontach iad do theangacha uile an domhain. Tá breis agus 30 blag i nGaeilge anois ann, agus bhí díospóireacht bhríomhar againn ar cheist na blagadóireachta Gaeilge an tseachtain seo chaite tar éis dom féin a bheith ag machnamh ar shlite chun plé a dhéanamh i mBéarla le daoine gan Ghaeilge.

Tá smaoineamh maith ag blagadóir Meiriceánach chun cumarsáid a chothú idir teangacha blagáltha na cruinne. D’fhógair Liz ag literarytranslators.blogspot.com Feis Teangacha, ar an 28ú Feabhra. Ar an lá sin, iarrtar ar bhlagadóirí, mír atá foilsithe ag blagadóir eile a aistriú agus an t-aistriúchán a fhoilsiú ar a mblaganna féin. (Gabhaim buíochas le Ciarán ag Guth an Phobail don scéal seo.)

Cuidíonn leithéidí na h-iarrachta seo le so-fheictheacht teangacha ar an idirlíon – agus tá an Ghaeilge so-fheicthe go maith. Dheineas trácht an tseachtain seo chaite ar thionscnamh Ghuth an Vótóra le John Handelaar (tá Co. Liatroime clúdaithe anois acu), agus tá fógartha anois aige go bhfuil sé ag iarraidh cabhrach chun leagan Gaeilge a chruthú den láithreán. Is tionscnamh deonach é seo. Más mian leat cabhrú leis cuir teachtaireacht go dtí an meitheal oibre ag groups.yahoo.com/group/vocalvoter.

Beidh deis ag Gaeilgeóirí na tuairimí seo a phlé ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo chugainn sa Ghaillimh. “An Chéad Ghlúin Eile” an téama atá roghnaithe d’ócáid na bliana seo, agus, i measc ábhar eile, beidh trácht ar uirlisí nua na cumarsáide, an bhlagadóireacht agus an podchraoladh sna áireamh. Is féidir clárú don dTóstal anois, agus do thicéad a chur in áirithe ar-líne ag siopa.gaelport.com.
Rebecca Loebe, music.podshow.comLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home