Friday, April 07, 2006

Cócaireacht agus Filíocht

(Seo an téacs, agus nascanna ann, do cholún an Bhlagadóra in eagrán an lae inniu den nuachtán . Déanfar podchraoladh air amárach.)

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAn rud faoi na blaganna seo, tá sé suimiúil iad a scimeáil de réir téama, nó ábhar spéise comónta éigin. Chríochnaíos an colún seo an lá cheana ag caint ar bhrioscaí sceallóg seacláide, ach - má dhein - níorb fhada go rabhas ag treabhadh na mblaganna go cíocrach craosach ar thóir scéalta bia!

Seod-bhlag atá sa tsuíomh bibliocook.com. Éireannach mná atá ina bhun, Caroline Hennessy, agus mar a shílfeá ón dteideal, cuireann sí suim ar leith, ní amháin sa chócaireacht, ach i leabhair chócaireachta ach go h-áirithe. Tá sí ag blagadóireacht le bliain anois, agus chaith sí leath na tréimhse sin ina cónaí sa Nua-Shéalainn. Mar aon leis na blaganna is fearr ar ábhar ar bith, tá eolas cuimsitheach agus paisean aici don ábhar, ach cuireann sí leis an méid sin lena pearsantacht agus lena tuairimí féin. Is cúntas pearsanta é blag ar bith, is cuma cén t-ábhar, agus is cúntas taistil é cuid mhaith de Bibliocook chomh maith, ina dtugann an t-údar dúinn léargas, ní amháin ar bhia na Nua-Shéalainne agus na hÉireann ach ar chultúr agus ar nósanna na dtíortha agus ar an gcodarsnacht eatarthu. Insíonn sí na h-eachtraí beaga a bhaineann le gach scéal, agus tugann sí comhtheács don mbia. Tuigeann mór-chócairí na meán sa lá tá inniu ann an tabhacht a bhaineann leis an eachtraíocht seo, leithéidí Jamie agus Nigella agus dár ndóigh fear mór an taistil agus na cócaireachta: Keith Floyd!

Má thagann tú ar bhlag a thaitníonn leat, is fiú súil a chaitheamh ar an mblagrolla atá acu. Sin é an t-ainm a tugtar ar an liosta a bhíonn ar imeall an leathanaigh ag blagadóir, le nascanna go dtín a rogha pearsanta blaganna féin. Is minic na liostaí sin as dáta, ach mar sin féin is foinse maith eolais iad ar bhlaganna a bhfuil tréithe comónta acu leis an mblag ar a bhfuil siad luaite. Agus tá liosta maith suíomhanna cócaireachta eile ar imeall an leathanaigh ag Bibliocook.

Blag nach bhfuil ar an liosta sin ná blag an chócaire Martin Dwyer, ach sa chás seo arís, tá an ilghnéitheacht agus an phearsantacht go smior ann. Cócaire is ea Martin, é ina mháistir ar a cheird, ach ní h-é sin tús agus deireadh a scéil. Go deimhin tá mórán scéalta aige, ó bhlianta fada, i dtíortha éagsúla, faoi na pearsanna agus na bialanna lena raibh raibh seisean agus a bhean agus a chlann páirteach. Scéal pearsanta is ea gach aon scéal aige, agus arís cuirtear an bia i gcomhthéacs eachtraí an tsaoil, le grianghrafanna óna gháirdín, le scéal bheatha Naoimh Olaf agus le dánta grá dá bhean chéile!

Agus más dánta ata uait (anois go bhfuil an t-ocras sásaithe), níl aon ghanntanas blaganna filíochta ach an oiread. Tá ceann nua ag poeticlicence.wordpress.com a mheascann scéalta greannmhara gáirsiúla le véarsaí glice dánfhoclacha. Dhein Sinéad Gleeson tagairt don mblag sin le linn na seachtaine, agus tá léiriú sa bhlagmhír sin le Sinéad ar mhódh iontach eile chun blaganna a aimsiú. Tá tuilleadh blaganna filíochta luaite sna tráchtaireachtaí a scríobh daoine eile ar bhlag Shinéad. Ina measc, tá an blag de chuid an White House Poetry Revival i gcathair Luimní, grúpa a thagann le chéile gach seachtain chun filíocht a léamh.

Bhí go leor focal ómóis ó na blagadóirí don údar John McGahern, nach maireann, ar bhlag Shinéad Gleeson, ar bhlag Arm Rúnda na Gaeilge agus ar go leor blaganna eile.

Níl aon ghanntanas tráchtaireachta ar dhúnmharú Denis Donaldson ach an oiread. Is é Slugger O’Toole an poinnte tosaigh is fearr. Is cuma cén dílseacht pholaitiúil, nó teoiric chomhcheilge is rogha leat: tá trácht orthu go léir anseo.

Lipéid: , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Cé nach blag atá ann, tá filíocht as Gaeilge ann, freisin, agus cinn nua ann go minic liomsa agus le Réamonn.

http://www.scoilgaeilge.org/literature/literature-toc-g.htm

07 April, 2006 16:51  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhat, a Caroline!

19 May, 2006 12:08  

Post a Comment

<< Home