Imeall #113: Agallamh le Colleen, Cuid II
-
- Cuid II den agallamh a chuireas ar Colleen Dollard, ag Tóstal na Gaeilge, am lóin ar an Satharn.
- Deintear tagairt do David McWilliams - bhí sé tar éis óráid a thabhairt an mhaidin sin.
- Cad a spreagann daoine nár tógadh in Éirinn chun an teanga a fhoghlaim?
- Conas ar féidir le Meiriceánaigh an teanga a shealbhú as a n-iarrachtaí aonair, agus fós níl Gaeilge ag Éireannaigh tar éis 13 bliana scolaíochta?
- Mar a d'fhéadfadh na Meiriceánaigh an féin-mhuinín agus an meas ar an oidhreacht a mhúineadh ath-uair dúinne sa tír seo.
- Tóstal '06 agus saol rúnda na Gaeilge, mar a bheadh lucht Harry Potter, faoi cheilt i measc "Muggles" an Bhéarla!
Lipéid:
irishblogs,
gaeilge,
podchraoladh
3 Freagraí:
"agus fós níl Gaeilge ag Éireannaigh tar éis 13 bliana scolaíochta" Ní fíor sin! Ní féidir gan Ghaeilge a fhoghlaim anseo. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ag daoine ná mar a chreideann siad. Bheadh náire ar dhaoine anseo droch-Ghaeilge a labhairt, toisc meas a bheith acu ar an dteanga. Níl uainn ach a chur ar a gcumas an Ghaeilge atá acu a fheabhsú. Tá go leor rudaí ar fáil sa leabharlann áitiúil, ar an dteilfís, ar an raidió agus ar an idirlíon anois le cabhrú leo.
An mbeifí sásta le doctúir dá mba rud é nach raibh d'eolas aige faoi leigheas ach a d'fhoghlaim sé ar scoil? Tá níos mó ag teastáil agus beidh níos mó fós ar fáil cinnte. Tá Acmhainn agus Freagra agus focalann dúinn ar an idirlíon le tamall anois. Ní mór obair mhaith a mholadh ach nach bhféidir é sin a dhéanamh gan a bheith ag caitheamh anuas ar ár muintir féin.
Mar a deir mo chara (agus cara Colleen, sílim) Réamonn Ó Cléirigh, déanaimid rudaí anseo ionas nach bhfuil aon fhios againn nach féidir linn. Táimid ró-dhall ar ár míchumas. Agus sílimid gur níos fearr sin ná gan aon rud a dhéanamh ar eagla nach ndéanfar 'i gceart' é. An bhfuil an seanfhocal ann in Éirinn mar atá anseo, "Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste?"
Is breá liom an smaoineamh sin, gur sinne (na Gaeilgeoirí) na daoine draíochta - mar síthe!
Kay, a chara,
Nílim ag iarraidh caitheamh anuas ar aon duine, ach ní mise an chéad duine a chuir ceisteanna faoin slí ina bhfuil Gaeilge á múineadh sna scoileanna.
Tá aos óg na tíre seo ag fágaint na scoile agus iad ábalta ceisteanna a fhreagairt ar pháipéar scrúdaithe ar litríocht agus ar stair na teanga. Níl siad in ann cúrsaí faisin ná spóirt a phlé, ná "ringtones" dá gcuid "mobiles" - ná fiú biachlár a léamh nó deoch a ordú - gan trácht ar mhianta a gcroí a chur in iúil.
Go raibh maith agaibh go léir as bhúr dtuairimí ar an ábhar seo. Is dóigh liom gur chóir dúinn tuilleadh plé a dhéanamh air an tseachtain seo - ag tosnú Dé Luain.
Post a Comment
<< Home