Friday, March 24, 2006

Imeall #104: An tAire agus Bebo

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAg an am seo, ní h-aon scéal nua é an bhlagadóireacht do lucht léite Lá. Agus anois tá eagraíochtaí nuachta eile ag cur suime innti - nó tá an Irish Times ach go h-áirithe. Bhí blagadóirí na hÉireann sásta go maith le dhá alt a foilsíodh sa pháipéar sin tráth Ghradam na mBlag coicíos ó shin. Cad ina thaobh nach mbeadh, agus an dá alt scríofa ag ball den dtreabh, an blagadóir (agus iriseoir) Jon Ihle?

Ansin Dé Máirt, thug an Times leath-leathanach ar an mblagadóireacht i gcomhthéacs na polaitíochta agus, sa chás seo arís, is blagadóir a bhí ag insint an scéil. Tá tuairisc déanta ar an gcolún seo cheana ar an mblag grúpa nua irishelection.com. Tá an t-iriseoir Adam Maguire orthusan atá páirteach sa tsuíomh sin, agus chuir sé agallamh ar bhunaitheoir an tsuímh Cian O’Flaherty don nuachtán.

Ag caint ar pholaitíocht tá Sarah Carey buartha faoi Michael McDowell. Ghlac an tAire seasamh daingean ar an raidió maidin Dé Máirt ag rá nach raibh sé chun leithscéal a ghabháil le John Gormley faoin méid a dúirt sé maidir le “leithéidí” an teachta Ghlais a bheith bainteach leis na círéibeacha i mBaile Átha Cliath. Agus ansin, bhí sé le clos sa Dáil sa tráthnóna ag tarraingt an ráitis siar. I dtuairim Sarah, dá mba bhean é an tAire, ba dhóigh léi go raibh sé ag fulaingt le PMT.

Ní raibh aon easpa ábhar blagála in eachtraí an Aire an tseachtain seo, tar éis dó Richard Bruton a chur i gcomparáid le Joseph Goebbels. Táthar ar aon intinn nach mór go ndeachaidh sé thar fóir leis an ráiteas sin. Measann Hugh Green go ndeineann ráiteas mar sin beag is fiú de choiriúlacht na Naitsithe. Má tá Richard Bruton cosúil le Nazi, ní foláir nó nach rabhadar chomh h-olc san.

Tá oiread clú ar an Aire Dlí agus Cirt, go dtuairiscíonn stunned.org go bhfuil leathanach Bebo bréagach curtha in airde ag duine éigin ar a shon. Cad é sin a deir tú? Cuir ceist ar an ndéagóir is gaire duit. Tá tagairt ag Rick O’Shea do alt sa Sunday Independent ar an bhfiniméin nua seo lena bhfuil an t-aos óg ag tógaint “líonra sóisialta” dóibh féin ar an idirlíon. Dar leis an alt sin, maíonn an comhlacht go bhfuil leath-mhilliún úsaideoir acu in Éirinn. Tuairiscíonn John Breslin go raibh ar Ollscoil na hÉireann sa Ghaillimh cosc a chur ar Bebo ar líonra an choláiste, toisc go raibh oiread daoine á úsáid nach raibh dóthain ríomhairí saor do mhic léinn chun a gcuid oibre a dhéanamh.

Más fíor do Bebo go bhfuil 80% de dhéagóirí na tíre ag baint úsáid as, tá seans maith ann go mbeidh duine nó beirt i measc an tslua daltaí idirbhliana a bheidh ag glacadh páirte maidin inniu sa tSeisiún Ilmhéan, Gairmeacha agus Teicneolaíochta mar chuid de Tóstal na Gaeilge sa Ghaillimh. Is údar sásaimh domsa é má tá, mar ciallaíonn sin go mbeidh tuiscint éigin acu ar fhéidireachtaí an idirlín maidir leis an bhfoilistheoireacht phearsanta. Beidh sé sin ina chabhair domsa agus mé ag caint ar deartháir mór Bebo: an bhlagadóireacht. Agus beidh mé ag trácht chomh maith ar an lipéadú, agus conas ar féidir "gramaisc lipéad" a bhailiú thart ar lipéad amháin ag tagairt do ócáid ar leith. Sinne a bheidh ag blagáil an Tóstail an deireadh seachtaine seo, níor mhiste lipéad comónta a chur lenár gcuid blagmhíreanna, pictiúir agus podchraoltaí. Abraimís tostal06? Beidh léargas ar imeachtaí an deireadh seachtaine ó dhearcanna éagsúla sa chomhbhailiú leis an lipéad sin.
  • Cuidigh liom! Má tá sibh ag blagadóireacht ag an Tóstal, bain úsáid as an lipéad: tostal06.
  • Buíochas le Sarah Francis agus le Jim Feeney a chuir teachtaireachtaí comhgháirdeachais chugam ar ócáid an 100ú podchraoladh. Agus caithfidh mé scairt a thabhairt do Ciarán Quinn agus do Brendan Bolger chomh maith.
  • Ceol Podslán: I Do le Rob Costlow.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home