Friday, July 14, 2006

Imeall #140: OPML & Eolairí Oscailte

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeTráth dá raibh, bhíodh an-éileamh ar “eolairí idirlín”. An chéad cheann dá bhfaca riamh ná an Whole Internet Catalog leis an gcomhlacht O’Reilly. Ba mhór an maíomh acu é, ach bhí an gréasán fós beag ag an am. Bhí oiread rath ar eolairí an t-am sin go ndeirtear go dtagann ainm an chomhlacht Yahoo ón bhfrás: "Yet Another Hierarchically Organised Oracle".

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTugtar “taxonomy” ar chóras catagóirí agus fo-chatagóirí den tsaghas seo. Tá an focal “imlíne” úsáideach chomh maith. Is rud nádúrtha dúinn é fo-rannú agus imlíniú a dhéanamh ar ár gcuid eolais. Tá taithí againn go léir ar a bheith á dhéanamh i gcúrsaí tíreolaíochta ach go h-áirithe. An Eoraip -> Éire -> Mumhain -> Port Láirge -> An Rinn. Nó féach ar chlúdach litreach ar bith. Imlíniú a bhíonn ar siúl ag an gcóras poist nuair a léitear an seoladh ón mbonn aníos agus an litir á treorú: go ginearálta ar dtús agus ansin, ar deireadh thiar thall, go baileach, nuair atá fear an phoist ag aimsiú uimhir an tí.

Le fás an ghréasáin agus le feabhas na n-inneall cuardach, níl an meas céanna ar eolairí sa lá ‘tá inniu ann le h-ais leithéidí Chuardach Google (cé go bhfuil eolaire ar Google chomh maith). Ach tá a mbuanna féin ag eolairí mar sin féin: go h-áirithe mura bhfuil suíomh ar leith á lorg agat. Agus, dár ndóigh, tá faoiseamh intinne áirithe ann chomh maith, sa mhéid is go bhfuil fhios agat go bhfuil measúnú éigin déanta, a bheag nó a mhór, ag duine éigin ar an suíomh sarar tógadh an cinneadh é a liostáil san eolaire. I gcásanna áirithe is féidir fiú córas moltaí le réalta a bheith i bhfeidhm, mar a bhí leis an eolaire cáiliúil Éireannach doras.ie.

Ach más buntáiste é an scagadh a deintear ar na h-iontrálacha in eolaire, is mór an cúram é ar lucht a riartha. Roinntear an obair, dár ndóigh, ar shaineolaithe sna réimsí éagsúla, ach, mar sin féin, bíonn obair i gceist, agus comhordú agus riarachán – ‘sea, agus moill.

Samhlaigh córas eolairí de shaghas eile ar fad. Sa chóras seo, tá baill éagsúla an phobail ag foilsiú imlínte na n-ábhar spéise eágsúla a bhfuil suim acu iontu – agus saineolas acu orthu de bharr na suime sin. Sa sampla tíreolaíochta thuas, abraimís go bhfuil Iodáileach i mbun Eolaire Eorpach, agus go bhfuil cur amach an-mhaith aige ar mhór-eagar na dtíortha. Líonann sé a imlíne féin leis an eolas atá aige, agus ansin nascann sé fo-imlínte atá foilsithe ag daoine eile isteach faoi scáth a imlíne. Mar sin, agus tú ag brabhsáil a eolaire, leanfaidh tú rian a imlíne síos chomh fada le Cúige Mumhan, agus ansin nascann an chatagoir sin tú le imlíne de chuid Muimhnigh éigin atá nascaithe le h-imlíne de chuid Déiseach éigin a thabharfaidh chomh fada leis An Rinn tú.

Tugtar OPML ar an bhformad eolais a chuireann córas roinnte imlínithe den tsaghas seo ar fail. Agus tugtar eolairí oscailte ar na h-eolairí a chruthaítear sa mhódh seo. Feictear gur féidir le h-aon imlíne nascadh le h-aon imlíne eile, i gcomhthéacsanna éagsúla – agus nach gá go mbeadh aon “bharr” ar leith ar an eolaire. Mar shampla, d’fhéadfaí imlíne na Rinne thuas a bhaint amach ag leanúint chonar mar seo a leanas: World -> Languages -> Irish -> Gaeltachtaí -> Mumhain -> An Rinn.

Ach chomh beag lena chol ceathrar, an HTML, tá amh-ábhar an OPML gránna, do-léite. Ach tá bogearraí dá bhforbairt chun é a léiriú go deas taitneamhach, agus chun an leas is fearr a baint as mar áis léitheoireachta agus cuardaigh. Ar na h-uirlisí seo tá Grazr, agus tá fuinneog Grazr mar eiseamláir ar mo bhlag féin anois ag imeall.blogspot.com. Is ann a gheobhaidh sibh tuilleadh cainte agus nascanna a bhaineann leis an ábhar seo go léir, ach is fearr go mór an tuiscint a gheobhaidh sibh óna bheith ag cleachtadh leis. Mar thús ar an aistear sin daoibh níor mhiste féachaint ar an eolaire oscailte is nuaí ar an saol: Eolaire Oscailte na Gaeilge. Níl ann go fóill ach creatalach lom – ach ní fada go mbeidh meitheal na mblagadoirí ag cur leis.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Rogha Ceoil Idirlín na Seachtaine: America The Beautiful cloiste ar podcasting.ie
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers


Podshow PDN {podshow-a84bb25dc66c4126322509f11693b320}

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home