Wednesday, August 09, 2006

Imeall #152: Ceangailte!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Joining the WAN
  • Buíochas le baill an phobail IrishWan a cheangail gan sreang mé lena líonra Dé Sathairn. Mionsonraí anseo ar an mblag Béarla.
  • Ceol Podslán: The Love In Your Work le Steffen Coonan
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Seo an chéad rud a chuala mé faoi IrishWAN agus mar a tuarascíodh ar RnaG le déanaí tá mise ag lorg ceangal le córas leathanbhanda éigin le breis is 3 bl anuas...beagnach ag pléascadh le frustrachas...agus chonaic mé an nóta seo faoin ceangaal atá agatsa.

Chuaig mé díreach chuig an suíomh agus ansin chuig an Mapa agus íontas na n-íontas tá suíomh ar an gCaorán Bheag. Tá cuid den gCaorán Bheag le feiscint go soiléar ó mo theach-sa. Deirfinn nach bhfuil sé ach míle ar a mhéid (seacht míle ar an mbóthar afach!).

Scríobh mé nóta beag ar an suíomh agus taobh istigh de trí lá bhí teangabháil déanta ag an duine ann liom, tháinig sé amach ag an teach agus deimhnigh sé go mbeidh mé i ndán cheangail a dhéanamh lena "node" (nó pé ainm a tugtaí air) gan aon trioblóid...

Tá mé chun an chóras a thrialadh anois agus an treallamh - nach bhfuil ró-dhaor - a cheannach.

Deirfidh mé cad a thárlóidh amach anseo...

14 August, 2006 18:38  
Arsa Blogger Conn ...

Go n-éirí leta a Eoin! Nára fada go mbeidh tú ceangailte!

21 August, 2006 06:56  

Post a Comment

<< Home