Imeall #150: /.-áltha!
Ar an dtaobh eile den scála, tá na suíomhanna mór-éilimh: leithéidí Yahoo, MSN agus Google féin. Dar le alexa.com, is é www.yahoo.com an suíomh is mó éileamh ar domhain, le nach mór 300,000 cuairteoir gach aon lá.
Níl yahoo.com ag roinnt spáis le h-aon suíomh eile ar ríomhaire aonar. A mhalairt glan atá fíor mar a tharlaíonn sé. Tá na céadta ríomhaire ag obair le chéile “i bhfeirm” chun an t-éileamh ollmhór ar an suíomh sin amháin a láimhseáil. Ní fheadar an té a thugann cuairt ar Yahoo cé acu ríomhaire freastail a chuireann an leathanach ar fail – agus is cuma leis, chomh fada is a fhaigheann sé an leathanach chomh tapaidh céanna le suíomh ar bith eile.
Sin é dúshlán mór tionscal an idirlín: an scálú. Measúnú a dhéanamh ar an éileamh a bheidh ar acmhainn idirlín agus na h-acmhainní cuí a chur ar fáil, díreach mar a deintear le soláthar leictreachais nó uisce.
Ach is é nádúr an idirlín, áfach, gurb í spéis an phobail seachas riachtanaisí teaghlaigh a bhíonn á stiúradh. Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear suim as cuimse, i bhfás aon oíche, i suíomh beag pearsanta nach raibh ró-phlódaithe go dtí seo? Tharla sé do bhlagadóir Éireannach an tseachtain seo!
Bhí trácht an-mhaith ag Damien Mulley sarar tháinig an tuille. D’fhaigheadh sé thart ar 700 “buile” ó 500 cuairteoir gach aon lá. Ansin, Dé Domhnaigh, d’fhoilsigh sé alt grinn ar an ábhar: conas úirlisí Google a úsáid chun cailín a fháil. Thaitin an píosa spóirt seo le blagadoirí eile agus chuireadar naisc go dtí alt le Damien ina mblaganna siúd ar mhaithe lena lucht léite féin. Thosnaigh an liathróid sneachta ag fás!
Tugtar slashdotting ar an bpróiséas lena nascann suíomh árd-tráchta le suíomh íseal-tráchta, ionas go bplódaítear an suíomh beag leis an éileamh. Tagann sé ó ainm an tsuímh cháiliúil slashdot.org, a bhriseadh suíomhanna beaga go rialta, tráth, nuair a dheineadh sé nasc chucu.
Anois tá Damien slaisdeaiteáltha go maith! Agus tá an comhlacht Éireannach Blacknight Solutions, atá i bhfeidhil na h-óstála gréasán do Damien ar a ndícheall ag iarraidh freastal ar an éileamh tobann seo. Tuairiscíonn siad gur seoladh 7 Gigabyte thar ceann Damien Dé Luain.
Ach mar a deir Adam Maguire, is togha fir agus mná iad muintir Blacknight! Caithfidh mé aontú leis, ó tháinig said i gcabhair orm féin chomh maith an tseachtain seo. Is iad a dhéanfaidh urraíocht ar na riachtanaisí óstála gréasán dom don tionscnamh nua atá seolta agam féin an tseachtain seo. Sraith nua raidio a bheidh in An Líonra Sóisialta a chraolfar ar stáisiúin áitiúla ar fud na hÉireann sa bhFomhar. ‘Sé an cuspóir a bheidh aici ná úirlisí sóisialta an idirlín a nochtadh do phobal na Gaeilge, agus tacú le Gaeilgeoirí na cruinne i gcur chun cinn ár gcultúr. Cloisfear tuilleadh cainte ar an ábhar anseo agus, dár ndóigh, ar na blaganna!
- Rogha Ceoil Idirlín na Seachtaine: Gut Bucket le James Brown, é scaoilte aige faoi cheadúnas podslán agus an MP3 le ceannach ar $0.99 ar music.podshow.com.
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie
0 Freagraí:
Post a Comment
<< Home