Tuesday, August 15, 2006

Imeall #155: An milleán ar Abraham?

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Luaitear an dáta mícheart ag tús an phodchraolaidh seo. Bhí sé le bheith foilsithe inné, ach bhí deacrachtaí teicniúla agam.
  • Castar an t-eagrán is déanaí ón bpodchraoladh The Seanachai le Patrick McLean. An féidir leis an dá thaobh i gcogadh naofa a bheith ag troid ar son an Dia céanna? Cé chomh fada siar agus a théann coincheap an mharú "ar son Dé"? Nó an botún é má fheáchaimíd ar scéalta an bhíobla le dearcadh na linne seo?
  • Gabhaim buíochas speisialta le Patrick. Thanks Patrick for your kind permission to include your podcast. The Seanchaí Abú!
  • Ceol Podslán: I'm In Love With a Navajo Boy le Lunar Drive
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

5 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Léamh an-ait ar an scéal, dar liomsa. Beidh mé ag trácht air, má bhíonn deis agam, ar mo bhlagsa.

16 August, 2006 14:43  
Arsa Blogger aonghus ...

Abraham bhocht!

Is dócha gurbh é ról an tseanachaí scéal casta a shimpliú.

Ach is dóigh liom gur ró shimpliú é seo.

Is fíor gur thangathas i dtír ar creideamh go minic chun cogadh a chur i gcrích. Ach ní ionann sin agus creideamh a bheith ina chúis cogaidh.

http://en.wikipedia.org/wiki/Gott_strafe_England

16 August, 2006 15:38  
Arsa Blogger Conn ...

Sé an brí a bhainimse as podchraoladh Patrick sa chás seo ná gur simpliú é, cinnte, a rá gur cogaí creidimh iad na h-achrainn seo atá préamhaithe sa mheán oirthear. Ach mar sin féin, tá an t-uafás daoine ar an dá thaobh a bhfuil an dearcadh simplí sin acu ar chúrsaí. Ar an gchéad dul síos, tá Patrick ag cur na ceiste orthusan - ar an dá thaobh - a cheapann go bhfuil cogadh naofa á fhearadh acu: conas ar féidir leis an Dia céanna an dá thrá agaibh a freastal? Admhaíonn sé gur dócha nach léamh cruinn ar scéal Abraham é a rá go bhfuil Dia ag iarraidh orainn marú ar a shon - ach nach gné suntasach den bhfadhb é go gceapann antoiscigh ar gach taobh go bhfuil cearta talún acu "ó Dhia" - agus an ceart, agus fiú an dualgas orthu, marú ar son na talún sin?

17 August, 2006 06:27  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Níl ann ach go bhfuil dul amú ar thaobh amháin - nó ar an dá thaobh - mar sin. Ach níl aon ionadh ann. Má tá creideamh amháin ceart, tá na cinn eile mícheart. Sin fíor faoi thuairimí contrálta, fiú mura bhfuil creideamh ag baint leo.

17 August, 2006 16:45  
Arsa Anonymous Anonymous ...

I ndeireadh na dála níor lig Dia d'Abraham a mhac a mharú, mar sin ní féidir linn a bheith ina dhiaidh mar gheall air. Chuir sé (Abraham) a mhuinín i maitheas Dé. Rud eile faoin scéal- a mhac féin a bhí i gceist sa scéal agus ní mac an duine eile. Tá ábhar macnaimh sa scéal maidir lena bhfuil ar siúl sa domhan faoi láthair, cinnte. Tá podchraoltaí iontacha anseo más maith libh focal Dé a chloisint

18 August, 2006 13:15  

Post a Comment

<< Home