Wednesday, August 30, 2006

Imeall #163: Alan Titley ag Scoil Merriman

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Bhí an scríobhnóir Alan Titley orthusan a thug léachtaí ag Scoil Merriman an tseachtain seo chaite.
  • Stair na gcluichí gaelacha roimh Chumann Lúthchleas Gael an téama a bhí aige.
  • Tugann sé léargas dúinn ar an stair seo, agus a thuairimí pearsanta faoi Scoil Merriman.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

5 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

Nach iontach an rud a bheith ag éisteacht le guth údair chomh tábhachtach le hAlan Titley. Táim ag léamh a chuid leabhair le fada agus níor chuala mé a ghuth riamh.


Podchraoladh iontach agat inniu a Choinn. Go raibh míle maith agat.

31 August, 2006 11:33  
Arsa Blogger Conn ...

Fear an-dheas is ea é chomh maith!

31 August, 2006 12:13  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Nach méanar duit go raibh deis cainte agat leisean. B'ait dom é a chloisteáil cúpla rud a rá as Béarla. Chuala mé é go minic ar Míle Fáilte (www.wfuv.com), idir 'Ciste Cúrsaí Reatha' agus 'Fabhalscéalta.' Mar sin, d'aithin mé a ghuth. Cén aois é anois, dar leat?
An mbíonn na léachtaí go léir as Béarla ann?

31 August, 2006 15:12  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Comhghairdeas, a choinn.
An-scúp!

01 September, 2006 15:49  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agaibh go léir!

"An mbíonn na léachtaí go léir as Béarla ann?"

Sílim go mbíonn clár na maidine go h-iomlán as Gaeilge agus go mbíonn ranganna Gaeilge ann chomh maith. Mealltar lucht léinn go Scoil Merriman, daoine a bhfuil suim acu níos mó a fhoghlaim faoin gcultúr agus faoin dteanga - ach b'fhéidir nach bhfuil líofacht sa teanga acu mar sin féin.

Tá Scoil Gheimhridh ann chomh maith, agus ceapaim go mbíonn sé sin 100% as Gaeilge. Ceapaim go bhfuil níos mó eolais ar an suíomh acu: merriman.ie.

04 September, 2006 09:50  

Post a Comment

<< Home