Friday, August 18, 2006

Imeall #157: Preabailín

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMá theastaíonn uait a bheith i do scríobhnóir, deir an Dr. Jerry Pournelle, caithfidh tú scríobh. Caithfidh tú scríobh agus caithfidh tú do chuid scríobhnóireachta a chríochnú, ainneoinn nach bhfuil aon duine á h-iarraidh go fóill. Dar le Jerry, má theastaíonn uait ceard na scríobhnóireachta a fhoghlaim, ba chóir duit a bheith ullamh chun milliún focal a scríobh, agus iad a chaitheamh amach!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMBa cheart go mbeadh fhios ag Jerry. Tá sé ag scríobh agus ag foilsiú leis le breis agus daichead bliain, idir ficsean agus iriseoireacht. Scríobh sé colún míosúil ar feadh breis agus 20 bliain don iris ríomhaireachta Byte. Tá an colún sin agus saothar eile dá chuid le fáil anois ar a shuíomh jerrypournelle.com, ar a bhfuil sé ag blagadóireacht, dar leis, ó 1998 i leith – sara raibh aon trácht ar bhlaganna! Mar sin féin ní thugann sé "blag" ar an suíomh – focal gránna é dar leis!

Bíodh sin mar atá. Is feidir leat do rogha ainm a thabhairt ar shuíomh idirlín ar a fhoilsíonn tú do chuid scríobhnóireachta. Ach is fearr go mór a bheith ag blagadóireacht ná a bheith ag caitheamh do chuid oibre i gciseán an bhruscair.

N’fheadar an bhfuil milliún focal scríofa ag Dervala Hanley faoin am seo? Is dócha go bhféadfaí iad a chomhaireamh ar dervala.net. Ach is fearr liom a bheith ag baint sult as a cuid próis bhinn ná bheith ag ríomhadh na bhfocal nuair a thugaim cuairt ar an mblag sin. Tá an ealaíon agus an dian-saothar le sonrú go tréan ar na leathanaigh seo – agus is mór an pleisiúr iad don léitheoir. Ba mhaith liom íoc as an bpleisiúr seo a fhaighim saor in aisce – agus is léir ó na tráchtaireachtaí a fhágtar ar an suíomh go bhfuil mórán ar aon intinn liom.

Tá Dervala ag cur lena taithí i gcónaí, agus anois is féidir cúpla gearrscéal gleoite a léamh ar an suíomh mar aon lena h-aistí áille. Nára fada go mbeidh sí i gcló.

Tá an bhlagadóireacht an-mhaith chun cleachtadh a fháil ar aistí nó ar ghearrscéalta. Is féidir dréachtaí úrscéalta a fhoilsiú ar an slí sin chomh maith – caibidil amháin i ngach blagmhír. Uaireanta cuireann toirt an úrscéil as don scriobhnóir áfach, agus fágtar a leithéid ar an méar fhada. Ach tá cabhair ar an ngréasán, agus gríosadh ó do chomhscríobhnóirí má ghlacann tú páirt in National Novel Writing Month. Ar mhaith leat triail a baint as 50,000 focal a bhreacadh in aon mhí amháin? Tabhair cuairt ar nanowrimo.org.

Cuirtear prionsabail na ngréasán sóisialta i bhfeidhm ar an suíomh youwriteon.com, tionscnamh a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Shasana. Tugtar cuireadh do scríobhnóirí úra caibidlí tosaigh a leabhair a fhoilsiú ar an suíomh agus ansin iarrtar orthu, mar bhaill, léirmheastóireacht agus vótáil a dhéanamh ar obair a chéile. “X-Factor na leabhar” an maíomh atá acu! Tá cairt mhíosúil ann agus ag deireadh na míosa cuirtear na saothair is mó a thuill meas a gcomh-údar ar aghaidh chun léirmheas a fháil ó léirmheastóirí gairmiúla.

Is slí fada achrannach é bóthar na foilsitheoireachta. Fiú má thuilleann tú meas na léirmheastóirí, ansin beidh ort conradh a fháil le áisínteacht liteartha. Ina dhiaidh sin, beidh tú ag súil go mbeidh siadsan ábalta do leabhar a dhíol le comhlacht foilsitheoireachta.

Is féidir dul i muinín comhlachtaí féin-fhoilsitheoireachta chomh maith, mar shampla selfpublishing.co.uk. Ach tá slite eile ann – modhanna blagadóireachta – chun do shaothar a fhoilsiú agus d’ainm a chur in áirde mar scríobhnóir. Beidh a thuilleadh ar an ábhar seo agam an tseachtain seo chugainn.

  • Níl aon bhaint ag teideal na blagmhíre seo le h-ábhar an ailt thuas. Cad is "preabailín" ann? Bhuel, tá sé cosúil le "flabhainn"! Agus is mór an spórt é a bheith ag preabadh air!
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Ordinary Girl le Amy Ayres (Gréasán Podslán).
Amy Ayres
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Suimiúil go bhfuil tú ag caint faoin scríobhnóireacht. Thosaigh mé féin ar úscéal a scríobh, Mí Iúil:
http://www.scoilgaeilge.org/liosta/viewtopic.php?t=353
Ach is as Gaeilge é, go sábhála Dia mé. Ní dóigh liom go mbeinn in ann obair leis na Béarlóirí siúd. Agus ionas go bhfuil post agus muirear agam, níl ach timpeall 5,500 focal scríofa agam fós. Ach sin tosach!
Guí orm.

22 August, 2006 18:23  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Is maith liom preabailín mar fhocal. Ceapaim go bhfuil sé níos fearr ná 'trampailín', ba mhaith an rud do mbeadh an buachaillín sin ina chomhairleoir ag an gcoiste téarmaíochta.

22 August, 2006 19:09  

Post a Comment

<< Home