Friday, October 06, 2006

Líonra 2.5 - An Bedouineachas

Buail anseo chun éisteachta!Táim glan scuabtha as mo mheabhair dár ndóigh. Sin é an t-aon mhíniú atá agam air.

Is féidir an t-alt seo a léamh sa nuachán Lá.Shílfeadh éinne go bhfuil mo dhóthain cúram orm. Beirt chlainne agus postanna lán-aimseartha agam féin agus ag bean an tí seo. Sin é mar atá ag mórán daoine sa lá tá inniu ann, dár ndóigh, ach tá post lán-aimseartha eile agam chomh maith: An Líonra Sóisialta.

Tá cleasanna agus straitéisí éagsúla agam chuige seo, mar shampla: ní chodlaím. Ach is é an rud is mó a chuidíonn liom ná an “oifig so-ghluaiste”.

Nílim chomh so-ghluaiste agus ar mhaith liom a bheith: tá córas stiúidíó agam do An Líonra Sóisialta. Ach tá cláracha déanta agam go h-iomlán ón mbóthar: taifeadadh, eagarthóireacht, uaslódáil agus foilsiú. Agus is cuma sa stiúidíó nó ar an mbóthar mé: braithim go mór ar an bhfón póca.

Fón Bhreandáin

Bhíos in oifig an dochtúra le mo mhac Dé Céadaoin nuair a tháinig an bíp-bíp ar an bhfón. “Sin é an saoiste ag fiafraí cá bhfuil tú!” arsa an dochtúir agus é ag gáire. Ach ní h-amhlaidh a bhí, ach scata teachtaireachtaí téacs ag insint dom go raibh daltaí Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile Átha Cliath ag scríobh tráchtaireachtaí ar AnLionra.Com!

Tugtar an bedouineachas ar seo – agus tuairiscíonn Om Malik go bhfuil sé ina chloch choirnéil ag cuid de chomhlachtaí úra Silicon Valley. D’fhág an Gael-Mheiriceánach Niall Kennedy a phost le Microsoft le déanaí chun dul i mbun oibre dó féin. Níl d’oifig aige ach ríomhaire glúine – agus oibríonn sé sa bhaile nó i gcaiféanna, nó in áit ar bith a oireann dó féin. Pléitear an bedouineachas agus ábhair eile sa phodchraoladh a dheineann siad le chéile: Om and Niall Podsessions.

Dár ndóigh, ní h-aon iontas an méid seo don aos óg. Éist leis an agallamh ar AnLionra.Com a dheineas le Breandán Ó hÉamhaigh, atá in a mhac léinn in Olscoil Luimní. Tá a charr ag Breandán, a fhón póca agus a ríomhaire glúine – agus leis na h-úirlisí sin tá sé in ann feidhmiú in áit ar bith.

D’fhéadfadh Breandán tuilleadh faoiseamh intinne a bheith aige mura mbeadh sé ag brath chomh mór ar na gúirléidí sin amháin. Is é an cúltacú príomh-riail an tsaoil siúil. Is féidir dlúthdhioscaí a dhéanamh le cóipeanna de chomhaid riachtanacha ach caithfidh tú cuimhneamh ar iad a bhreith leat. Nó is féidir úsáid a bhaint as “scamall” an idirlín, agus cúltaca a dheánamh ar sheirbhís stórála cosúil le box.net.

Is é box.net atá in úsáid againn féin inár n-oifig fíorúil. Fuair Fiona Ní Chéirín post lán-aimseartha le RTÉ i gCorcaigh, ach táimíd fós in ann comhoibriú ar An Líonra Sóisialta. Bainimíd úsáid as téacsanna, ríomh-phost agus glaonna gutháin, agus tá an t-idirlíon féin ina bhínse oibre againn agus sinn ag aistriú na gcomhad mór fuaime eadrainn.

Tugann an iris Wired.com an sainmhíniú seo ar an mbedouineachas mar straítéis ghnó: “Fáil réidh le sóchmhainní uile ghnólachta ach amháin na cinn atá riachtanach: na fostaithe agus na ceangailtí cumarsáide eatarthu.”

‘Siad na “ceangailtí cumarsáide” mar sin atá tabhachtach. Agus tá costas na cumarsáide so-ghluaiste ina cheist mhór. Tuairiscítear ar podcasting.ie gur beag an t-éileamh atá ar theachtaireachtaí pictiúir, nó MMS. Tá siad costasach, ag brath ar mhéid an phictiúir, agus ní oibríonn sé i gcónaí idir fóin agus idir líonraí éagsúla.

Is féidir “plean” ar chostas áirithe a cheannach do sheirbhísí 3G, agus do ábhar ar leith a roghnaíonn na comhlachtaí fón a chur ar fáil ar chostas seasta, ach is féidir le cumarsáid ar an ngáth-idirlíon a bheith an-daor le fón póca.

Is féidir cárta ceangail speisialta a cheannnach anois dod ríomhaire glúine a thabharfaidh ceangal idirlín duit trí chóras na bhfón póca ar chostas seasta, thart ar 50 euro. Agus má mheasann tú an ríomhaire glúine a bheith ró-throm duit, tabhair amach an SIM as an gcárta ríomhaire agus cuir isteach i bhfón póca é!

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Cornphíopa na Síog le Séamus Ennis, le caoinchead na bhfoilisitheoirí Gael Linn.
  • Tagann sé ón albam atá ath-eisithe ag Gael-Linn: Séamus Ennis: Ceol Scéalta agus Amhráin.
  • Agus, buíochas le Gael Linn arís, tá 3 chóip den dlúthdhiosca le buachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn.
    • Freagair an cheist - cár rugadh Séamus Ennis (Leid: cá bhfios nach bhfaigheadh sibh an freagra ar gael-linn.ie?)
  • Ábhar na seachtaine seo chugainn: An Ceol.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home