Sunday, December 24, 2006

Droch-Scéal

Fuair mo mháthair bás maidin inné. Ní raibh an tslaínte go maith aici, agus bhuail tinneas í níos luaithe an tseachtain seo. Ar dheis Dé go raibh sí.

Socraithe sochraide do Celine Bean Uí Mhuíneacháin (Ní Nialláin), Gleann Gríscín, An Ráth Mhór, Co. Chiarraí. Aistreofar a corp ó thigh tórraimh Uí Chaoimh, An Ráth Mhór go dtí Séipéal Naomh Sheosaimh, An Ráth Mhór, 25ú Nollaig ar 7:30pm. Cuirfear í tar éis Aifrinn 12:00, Lá 'le Stíofáin, 26ú Nollaig.

15 Freagraí:

Arsa Blogger Dubhaltach ...

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis

24 December, 2006 11:57  
Arsa Blogger Pádraig Schaler ...

Tá brón orm é sin a chloisteal, agus ag an tam seo den bhliain.

24 December, 2006 18:07  
Arsa Blogger Cionaodh ...

Ní maith liom do bhris, a Choinn.

24 December, 2006 22:00  
Arsa Blogger Míshásta ...

I gcomhluadar an Teaghlaigh Naofa atá sí anocht.

24 December, 2006 23:35  
Arsa Anonymous Anonymous ...

A Choin,
Tá brón orm faoi do chaillte. Beannacht Dia ar a hanam.
Séamus Mac Chonfhormaoile

25 December, 2006 14:30  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Déanaim chomhbhrón leat, a chara. Is mó duine a caileadh an mhí seo - máithreacha beirte eile ar a bhfuil aithne agam san áireamh. Ach is cuma sin - do mháthair atá i gceist. Ar dheis Dé go raibh sí. Cé chomh brónach agus a bhí sí daoibhse, bhí an Nollaig is fearr riamh aicise, gan amhras. Go mbeimis go léir le chéile arís i ríocht Dé.

27 December, 2006 14:56  
Arsa Blogger aonghus ...

Is oth liom do bhris, a Choinn.

Suaimhneas síoraí agus leaba i measc Naoimh na hÉireann go raibh aici.

28 December, 2006 15:37  
Arsa Blogger Panu ...

Ní maith liom do bhris, a Choinn. Fuair mo mháthair féin bás le déanaí, agus is deacair liom i gcónaí a áitiú orm go bhfuil sí imithe anois. Is cúis náire agus péine dom nach ndeachaigh mé ar cuairt chuici chomh minic agus ba chóir, cé go raibh sé á thaibhsiú dom nach mbeadh mórán eile ama fágtha aici. Is dócha go raibh mé ag iarraidh a áitiú orm féin nach dtiocfadh an rógaire bás dá bhféachfainn lena bheag a dhéanamh den scéal.

Ar dheis Dé go raibh an bheirt acu.

28 December, 2006 15:38  
Arsa Blogger Eoin Ó Riain ...

Ní maith liom do throblóid, a Chonn.

I measc na naoimh go raibh sí.

Eoin

30 December, 2006 11:35  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ní maith liom do thrioblóid, a Choinn.

-Oistín

31 December, 2006 13:40  
Arsa Blogger Darren J. Prior ...

Tá brón orm faoi seo, mo chara.

Bhí mé ar tí chun a rá leat go chuir mé do nasc suas ar mo blag nua (chomh maith dena nascanna de formhór dena blaganna Gaeilge eile).

wwwdarrenjoe.blogspot.com

Beannacht

Darren

31 December, 2006 14:15  
Arsa Blogger dervala ...

I'm so sorry for your trouble, Conn.

31 December, 2006 22:53  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agaibh go léir

15 January, 2007 00:19  
Arsa Blogger mark bodah ...

tá an-bhrón orm, a Choinn. níor léigh mé an post seo go dtí seo. go dté tu féin slán i gcónaí, a chara.

mark bodah

29 January, 2007 14:41  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh maith agat a Mark. Dála an scéil, chuir mé litir sa phost chugat ar maidin! :)

29 January, 2007 15:59  

Post a Comment

<< Home