Sunday, December 10, 2006

Líonra 11.5 - Litríocht.Com

Buail anseo chun éisteachta!

Níor chuir sé iontas ar bith orm ná raibh trácht cloiste ag na siopaí ceoil agus físe ar Dora agus Eachtraí an Mhapa. “Dora in Irish?”, arsa bean amháin agus d’fhéach orm ag tabhairt le fios go gceap sí go raibh an chiall caillte agam.

Níor thógas uirthi é. Go deimhin, ní raibh fhios agamsa go raibh Dora ar fáil i mBéarla go dtí go dtána uirthi i siopa na mbréagán lá, agus í ag spalpadh Béarla chomh maith leis an Spáinnis bhreá a bhíonn aici. (Sin ceist suimiúil má tá an freagra ag éinne. Múineann Dora focail Spáinnise do leanaí ar fud an domhain, ach an bhfeadar éinne cén teanga eachtrannach a mhúineann sí do Spáinnigh óga?)

Ní mar sin a bhí i Scéal Eile, an siopa leabhar is nuaí ar an saol i gContae an Chláir. Tá stór maith leabhar i mBéarla acu – agus chuirfeadh an rogha leabhar Gaeilge atá acu náire ar chuid des na siopaí móra thart fán gceantar seo.

Cinnte bhí trácht cloiste acu ar DVD Gaeilge le Dora. Go deimhin bhí ceithre chóip faighte acu an tseachtain seo chaite – agus díoladh iad go léir taobh istigh d’aon lá amháin.

Ní rabhadar ábalta a rá go cinnte, áfach, cathain a thiocfadh an chéad bheart eile isteach ó na soláthraitheoirí. Tá éileamh mór ar ábhar agus ar acmhainní an t-am seo den bhliain. Bhí siad sásta m’ainm a chur síos do chóip eile, ach dúirt leo gan bacaint leis, go raibh plean eile agam. Cheannaíos 6 nó 7 gcinn de leabhair leanaí agus d’fhág mé slán acu.

Dar liomsa go raibh an uain agus an chúis agam ar deireadh thiar, triail a bhaint as rud nach raibh deánta riamh agam: leabhair Ghaeilge a cheannach ar an idirlíon. Bhí a fhios agam cá ngabhfainn ag triall orthu.

Is é an mana atá ag an suíomh Litriocht.Com ná “Gach leabhar Gaeilge i gcló”. Ní amháin sin, ach tá roinnte mhaith ábhar fuaime agus físe acu chomh maith. Bhí sé fuirist a dhóthain dom DVD an taiscéalaí bhig a aimsiú ann, agus d’ordaíos dhá leabhar in éineacht leis.

Níor tugadh aon eolas dom maidir le cé chomh fada agus a chaithfinn fanacht dos na h-earraí seo – ach níl aon chúis go gceapfainn go mbeadh sé mí-réasúnta. Thóg sé 3 seachtainí ar bheart ó chomhlacht Meiriceánach mé a shroichint le déanaí – bheinn ag súil leis nach mbeadh moill mar sin ar leabhair Ghaeilge ó chomhlacht in Éirinn.

Ar aon nós, táim an-shásta leis an bpróiséas go dtí seo. Tá córas breá simplí sotuigthe acu le sonraí do chárta creidmheasa a líonadh isteach, agus tagann ríomhphost chugat ar an bpoinnte ag deimhniú an bhearta.

An bhfuil deireadh ré an ghnáth-shiopa leabhar, anois go bhfuil díoltóirí fíorúla mar seo againn? Níl an lá sin tagtha fós, ná baol de, más fíor do Cholmán Ó Raghallaigh ó Chló Mhaígh Eo. Bhí seisean ina aoí ar An Líonra Sóisialta againn an tseachtain seo agus d’inis sé dúinn go ndíolann a chomhlacht na mílte leabhar gach bliain tríd na bealaí dáilithe traidisiúnta. D’admhaigh sé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar a ndíolachán idirlín i mbliana ach go h-áirithe, cé go n-áiritear fós sna “céadta” é.

Is deas an rud é siúl isteach i siopa agus na leabhair a láimhseáil, na leathanaigh a chasadh, toirt agus meáchan scéil a mheas i do láimh. Ach ainneoin an tsásaimh atá sa mhéid sin – níl aon bhaint ag na h-airíonna fisiciúla sin leis an litríocht.

Go deimhin, bhí an litríocht ann sara raibh cuimhneamh ar leabhair, ná fiú ar an scríobhnóireacht. Tá meas arís ar chultúr an bhéil – le fás na leabhar fuaime. Agus tá caint ar chóras nua a chuirfidh ar chumas do shiopa leabhar áitiúil, rogha an domhain mhóir a chur faoi do bhráid. Beidh tú in ann do leabhar a roghnú ar scáileán ríomhaire, agus do rogha clúdach chomh maith! Ansin clóbhuailfear agus clúdófar ar an láthair duit é – taobh istigh de leathuair a chloig.

Dála an scéil, bhí teácschomhrá Skype agam leis an mblagadóir Tom Raftery le linn dom a bheith ag scríobh an ailt seo. Is as an Spáinn do Pilar, bean chéile Tom, agus d’inis seisean dom gurb é an Béarla a bhíonn á mhúineadh ag Dora na mBóthar do leanaí óga na tíre sin.

Kelly Mueller

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home