Monday, December 04, 2006

Líonra 10.5 - Gaeltacht

Buail anseo chun éisteachta!

Ní rabhas i gcónaí mar seo. Ní rabhas i gcónaí chomh sáite san idirlíon agus atá anois. ‘Sí an Ghaeilge is cúis leis.

Rud a fuaireas amach nuair a d’fhágas an ollscoil: meathann an teanga i do cheann gach lá nach mbíonn deis agat í a úsáid.

Níos luaithe i mbliana, bhí díospóireacht ar na blaganna Gaeilge faoin gceist mhór: cad ‘na thaobh nach bhfuil Gaeilge ag formhór an phobail tréis 13 bliana scolaíochta? Is cuimhin liom go rabhas-sa cáinteach go maith ar an gcóras oideachais.

Ach le tuilleadh machnaimh ar an scéal, sílim nach ar na scoileanna atá an locht in aon chor – ach ar an saol mór-thimpeall. ‘Sí an fhadb ná gurb iad na scoileanna an t-aon áit ina bhfuil Gaeilge.

Ní h-é nach bhfuil Gaeilge á foghlaim ar scoil – ach is beag an fháilte atá roimpi amuigh sa tsaol mór.

Níl slí ná acmhainn agam anseo na fáthanna leis sin a phlé – ach sílim nach bhfuil aon duine nach n-aontódh leis an bhfírinne bhunúsach: ní leor teanga a shealbhú, ní foláir í a chothú chomh maith.

Mar sin, cá bhfaigheann tusa do chuid Gaeilge?

B’fhéidir go n’oibríonn tú le Gaeilge? B’fhéidir gur múinteoir tú, ag múineadh Gaeilge le daltaí ná bainfidh úsáid aisti – mura dtéann siad féin le múinteoireacht. B’fhéidir gur fuinneadh agus gur fáisceadh i bpobal Gaeltachta tú – ach má’s amhlaidh duit, an bhfuil ag éirí leat do bheatha a thuilleamh sa cheantar ‘nar tógadh tú?

Fiú má tá cónaí ort sa Ghaeltacht féin, cad é an teanga a labhrann do chomharsana leat? Cad a labhrann páistí do chomharsan leat?

Cé chomh minic agus a chloistear: “Bhí Gaeilge an-mhaith agam agus mé ag dul ar scoil ach tá sí go léir dearmadta agam anois.”

Seo í an fhírinne lom - agus tá fhios ag éinne atá lasmuigh des na “ciorcail ghaelacha” é: murach Raidio na Gaeltachta ní bheadh aon seans ag cuid againn ár gcuid Gaeilge a choimeád.

Dá bhrí sin, tá cur amach nach beag ag mo leithéidí ar ainmneacha na mbailte fearann agus na bpearsana móra i bparóistí na Gaeltachta, ar na ceisteanna polaitiúla agus ar na scéalta báis.

Ach is áit eachtrannach domsa mar sin féin í an Ghaeltacht agus a cuid eachtraí laethúla. Mar sin, ní cóir go ndéanfaí iontas de go dtéim níos faide fós ar thóir na teanga.

Tagann Casla chugam ar mo raidio. Faighim an méid sin ar mo ríomhaire chomh maith céanna – agus Boston, Nua Eabhrach, San Francisco agus Hawaii chomh maith.

Seo iad pobal scaipthe na Gaeilge. Cuid acu ag iarraidh í a fhoghlaim, cuid eile ag iarraidh gan í a dhearmad. Gach duine acu go díograiseach dícheallach ag tóraíocht na Gaeilge dóibh féin.

Agus ag cuidiú lena chéile. Tá an pobal seo buíoch don a bhfuil curtha ar fáil dóibh, agus baintear an-úsáid as acmhainní maithe ar nós beo.ie, focal.ie, gaelport.com, agus gaeilge.ie. Ach is ar scáth a chéile a mhaireann siad go h-iondúil. Tá gach éinne ina mhúinteoir agus in a fhoghlaimeoir, in a áisitheoir agus ina thaca dá chomh-ghaeilgeoirí. Agus tá gach éinne in fhoilsitheoir chomh maith, ar suíomhanna cosúil le daltai.com, scoilgaeilge.org agus gaeilgenaseachtaine.com.

Agus níl aon chuimhneamh ar an bhfad slí atá idir bhaill an phobail seo. Beannaíonn Seán Burke i Missoula, Montana dom aon uair a chíonn sé ar Windows Messenger go bhfuilim ar-líne. Bíonn comhfhreagras agam go rialta le Keola Donaghy in Hawaii. D’fhás Maidhc aníos i Lios Tuathail, ach labhair sé Gaeilge liomsa ar fón Skype óna theach in Vancouver, áit a bhfuil sé in a chónaí le leathchéad bliain.

Ar cheart dom gan bhacaint leis an idirlíon agus “saol” a fháil? Más ea, is saol gan Ghaeilge a bheidh ann.

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home