Grá Éagmaiseach Ar Leathchois
[Gabh mo leithscéal as an moill. Foilsíodh an colún seo an tseachtain seo chaite in Lá Nua.]
Cuirtear easpa úire i leith na mblaganna go minic, agus tá bunús áirithe leis sin. Tá ‘fhios ag an saol gur fusa go mór trácht ar a bhfuil scríofa ag duine éigin eile seachas do chuid taighde féin a dhéanamh ar ábhar éigin as an nua. Ós rud é gur saothar amaitéarach é an bhlagadóireacht d’fhormhór iad siúd atá ina bhun, fágann sin go bhfuil deighilt reásúnta soiléir ann - don chuid is mó - idir na h-iriseoirí gairmiúla a dheineann iniúchadh ar scéalta nua agus a nochtaíonn fíricí – agus na blagadóirí amaitéaracha a thagraíonn dos na scéalta sin agus a dheineann plé agus cíoradh orthu.
Ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil an ainilís tabhachtach chomh maith. Go deimhin tá lear mór des na meáin ghairmiúla atá tugtha go h-uile agus go h-iomlán don ainilís.
Ná ní féidir a rá nach dtugann blagadóirí méid áirithe nuachta chun solais ach oiread. Go deimhin, más iriseoir gairmiúil tú a bhíonn ag faire ábhair ar leith, níor chás duit súil a choimeád ar rogha blaganna i measc na bhfoinsí eile a bhíonn agat don ábhar sin. Uaireanta, is ar a mblaganna féin is túisce a fhógraíonn saineolaithe áirithe na scéalta móra a bhíonn acu – go h-áirithe i dtionscal na teicneolaíochta.
Tá an t-aththuairisciú agus an tráchtaireacht go forleathan, mar sin, ar gach taobh de theorainn na gairmiúlachta. Ná, ní h-aon droch-rud é sin ach oiread - sin é mar a scaiptear an nuacht – chomh fada is admhaítear foinsí sa chóipeáil.
Nuair a chóipeáiltear saothar gan admháil, sin bradaíl – agus is tromchúiseach an líomhain i gcónaí é. Tá sé suntasach, mar sin féin, gur i leith nuachtán gairmiúil atá na líomhaintí seo dá gcur, agus gur blagadóir atá dá gcur.
Léigh Kevin Breathnach alt comórtha ar an bhfealsúnaí Jean Baudrillard, nach maireann, a foilsíodh san Irish Times roinnt seachtainí ó shin. Ach mheas Kevin go raibh an-dhealramh ag an alt sin, a scríobh Brian Boyd, le h-alt eile a bhí léite aige sa New York Times seachtain roimhe sin.
Séanann Boyd bradaíl, agus tá a litir shéanta foilsithe ar blogorrah.com.
Uaireanta bíonn sé de locht ag daoine áirithe ar an mblagadóireacht nach bhfuil ann ach mion-eachtraí neamh-shuntasach ó shaolta príomháideacha na n-údar ach, sa chás seo arís, is i leith an Irish Times atá an chúis seo á chur ag na blagadóirí. Tá JC Skinner bréan de Róisín Ingle agus anois tá Grandad ag moladh gur chóir di an focal “mé” a sheachaint.
Is trua an t-achrann seo leis an Irish Times, agus iadsan ag iarraidh grá a thabhairt dos na blagadóirí leis an gcolún nua “Blogspot” acu san iris seachtainúil. Sin é an “grá éagmaiseach ar leathchois”* i láthair na h-uaire, is cosúil.
(*Admháil: Síle Ní Chéillachair, Fiosracht Mhná, 1955)
Lipéid: irishblogs, gaeilge, bradaíl, meáinchumarsáide