Tuesday, August 21, 2007

Imeall #179: Trá Gan Ghaeilge

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaNí chaithimse mórán ama ag machnamh ar stáid ná ar shláinte na Gaeilge. Ní fhéadfainn a rá an fíor nó nach fíor go bhfuil na Ghaeilge ag fáil bháis mar, chun an fhírinne a rá, ní maith liom smaoineamh air.

Sílim go bhfuilim ar nós mórán Gaeilgeóirí sa mhéid seo. Ar shlí amháin, ní fhaighim locht ar mar sheasamh: is fearr liom mo chuid fuinnimh a chaitheamh ar ghníomh ná ar smaoineamh agus ainilís.

Ach an rud nach feidir a thomhas, ní féidir é a stiúradh - agus is amhlaidh atá le h-iarrachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge. Mar sin, cé nach maith liom an droch-scéal a chlos, is maith liom go bhfuil daoine ann a dheineann an scagadh agus an tuar seo.

In alt i mBéarla ar a bhlag dátheangach Fiche Focal, cíorann an scríobhnóir Tomaltach an fhianaise agus níl sé dóchasach. Samhlaíonn sé cainteoirí dúchais na Gaeilge mar chlocha i ndroichead a nascann pobal na hÉireann, ar bhruach amháin, lenár dteanga dhúchais ar an dtaobh thall. De réir mar a chailltear na clocha tá an droichead ag meath, agus tiocfaidh an lá go mbeimíd fágtha ar thrá gan Ghaeilge.

Ar mhaith leat a bheith i d'úinéar ar chlub sacair sa Bhreatain? Bhuel d'fhéadfá scaranna a cheannach i gclub atá liostaithe ar an stocmhargadh, b'fhéidir, ach cad a thabharfadh sé sin duit seachas píosa páipéir? Cén seans go mbeadh aon tionchar agat ar stiúradh an chlub?

Geallann an suíomh myfootballclub.co.uk go mbeidh seans ag gach ball a chláraíonn leo páirt a ghlacadh i mbainistíocht fóirne. Ta breis agus 50,000 ball a bhfuil táille ₤35 stg an duine íoctha acu, agus tá siad i mbun cainteanna anois le 4 chlub éagsúla, féachaint an féidir leo margadh a dhéanamh a chuirfidh i gceannas iad ar bhord stiúrtha cheann des na clubanna sin. Nuair a bheidh sin déanta, beidh deis ag na baill vóta a chaitheamh ar na cinnithe móra, piocadh na fóirne san áireamh!

Tá feachtas ar siúl i Meiriceá faoi láthair chun an dlí a athrú maidir le táillí nua cóipchirt atá beartaithe do suíomhanna a sholáthraíonn beo-shruthanna fuaime: craoltoirí idirlín. Táthar ag maíomh go gcuirfidh na táillí seo deireadh le h-earnáil an raidió idirlín. Tuilleadh eolais ag savenetradio.org.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Where To Now, St. Peter? le Ann Wilson agus Elton John.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

4 Freagraí:

Arsa Blogger Tomaltach ...

Maidir le stáid na Gaeilge: mar a deir tú, nílim féin dóchasach faoi thodhchaí na teanga. Mar sin féin, creidim gur chóir ní ba mhó stáidir a dhéanamh ar an teanga le feiceáil go díreach cén chaoi a bhfuil ag éirí lena caomhnú. Is maith liom go ndearnadh stáidéar ar an teanga sa Ghaeltach le déanaí (cé nár foilsíodh a thoradh fós) ach ba chóir éifeacht gach gné den pholasaí teanga a mheas: Gaelscoileanna, dlíthe, cuidiú de chuile chineál, oideachas is mar sin de.

Chuir sé iontas orm cúpla bliain ó shoin nuair a chonaic mé go ndeachaigh Coimisiún na Gaeltachta i muinín figiúirí an Daonáirimh ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn an t-eolas seo neamhchinnte. Ní bhíonn na ceisteannaí teanga sách cruinn ar fhoirmeacha an Daonáirimh le hanailís cheart a bhunadh orthu. Agus anuas air sin tugann daoine an freagra ar mhaith leo bheith fíor in áit na fírinne féin.

Ní dóigh liom féin go bhfuil polasaithe an stáit bunaithe ar thaighde cruinn eolaíoch. Mar sin is dócha go bhfuil maoiniú á chur amú (mar shampla, táimid ag aistriú chuile dhoiciméad téibí faoin ghrian ach níl go leor téacs-leabhar ar fáil trí Ghaeilge agus tá na foclóirí móra tríocha bliain as dáta).

Tá FG ag caint ar athruithe san Ard teist - ach d'ionsaigh na heagraíochtaí Gaeilge iad in áit dhul i ngleic leis na ceisteanna móra a nocht siad. Ba bhreá liomsa go mbeimis in ann díospóireacht oscailte ionraic a bheith againn faoin teanga. Ní dóigh liom gur féidir fós.

22 August, 2007 12:10  
Arsa Blogger Darren J. Prior ...

Tá obair le déanamh agus níl morán gaelgeoirí ag déanamh é. Fiú, na heagrachtaí Gaeilge. Níl aithne agam ar duine amháin acu a bhfuil ag cur an teanga chun cinn lastigh dena post.

Is féidir le éinne a bheith mídóchasach ach má braithníonn tú ar an ceist is féidir a bheith an-sásta.

Tá na gaelscoileanna ag fás. Beidh an teorainn don Ghaeltacht ag athrú. Bhíos ag labhairt leis an Aire Chumursáide agus tá sé i bhfabhar tuilleadh cláracha Gaeilge a bheith ar TG4. Tá an forbairt do eastáit tithíochta agus arásain le ainmeacha i nGaeilge ag fás- go radacach in a lán áiteanna.

I mo thuairimse, tá Conradh na Gaeilge ag déanamh níos mó damáiste ná aon rud eile. Bíonn seasamh millteanach acu ar gach ábhár agus níl morán acu ag déanamh an obair ar an dtalamh.

23 August, 2007 16:55  
Arsa Anonymous Anonymous ...

A Chara,

Seo é mo fhreagra do FicheFocal ar a phíosa dar teidil: The Death of the Irish Language.

B'fhéidir go mbeadh suim agat ann?


"I learned Irish at college while doing my degree."

Cinnte! B'fhéidir go raibh sé ródhéanach duit cheana, a mhic...

Muna bhfaigheann an duine blaiseadh na teangan roimh aois a deich, ar a laghad, ní bheidh an "meas go smior" atá de dhíth chun an Ghaeilge a tharraingt slán. Is trua sin duit... Tá an cumas agat, ach níl an chloch bhua agat. Beidh an cumas, agus an meas, ag daltaí na Gaelscoileanna.

"All this makes it painful for me to have reached the following conclusion: Irish is now but a minuscule part of the Irish identity and is doomed as a living language."

Mar a dúirt Mark Twain... 'Tá tuairiscí mo bháis iomarcach go mór.' Im' óige ní raibh Raidio na Gaeltachta, Telefís na Gaeilge, nó, fiú, LÁ NUA ann. Ní chloisfea focal Gaeilge lasmuigh den rang scoile. Anois, a bhuí an idirlíon, tá Gaeilgeóirí nua á bhualadh in áiteanna ar domhan nár leag Éireannach cos ariamh. Sea! sea! Baill de sheirbhísí rúnda a dtíortha féin, a bhformhór acu, b'fhéidir, ach nílimídne róroghnach idir Gaeilgeoirí. ;{) Tá Gaeltacht nuabhunaithe i gCeanada le déanaí.

"In bookshops, the section marked “Gaeilge” has been shrinking for years, and in some cases has disappeared entirely. This I’m sure is a reflection of demand."

Ní aontaím leat! Is toradh é seo do chumhacht an idirlín. Is furasta i bhfad leabhair a cheannach tríd an mheán sin, ná dul go dtí siopa leabhair. Tá na nuachtáin, fiú, ag fáil bháis faoi thionchar an idirlín ceanna. Tá níos mó leabhar Gaeilge, de gach cineál, feicthe agam ar líne ná faca mé riamh i siopaí leabhar.

"...but will European treaties or obscure directives really be read by a public who will not, or cannot, read Caisleáin Óir?

Agus, an dóigh leat go léigheann aon duine nádúrtha na cáipéisí sin... as teanga ar bith? Ní dóigh liom! Ach, cuirtear amach iad sa Fhrainncís, agus sa Ghearmáinis, agus ... Ba chóír iad a scríobh as Esperanto amháin. Ní dhéanadh sé difríocht dá laghad i saol an nghnáth dhuine.

"All too often the subject matter is the language itself."

Ní nach ionadh!

"Another deficiency undermines claims that Irish is central to our identity: it does not support a voice with a difference, an alternative “world view”."

Bhí sí lárnach dár féinaithne uair amháin... Níl sí chomh mór sin inniu... Beidh sí amárach... Athraíonn an saol... Ní dóigh liom gur 'ualach' teangain é 'dearcadh domhanda' a chumadh. Tá cumhacht níos tábhachtaí, san réimse sin, ná líofacht i dteanga ar leith. Ba cheart gach dearcadh a bheith ar fáil do Ghaeilgeoirí agus atá ar fáil do chainteoirí aon teanga eile. Tá dearcadh domhanda i bhfad níos fearr ag Éireannaigh inniu ná mar a bhí acu tamall bhig ó shin, nuair a tugadh 'Fear tinn na hEorpa' ar an tír. Buíochas le Dia!

"In The Wind that Shakes the Barley, the Irish language is given a token role."

Is scannán é... atá le chur os comhair Béarlóirí, den chuid is mó. Bheadh leagan Gaeilge, fiú trí fhuaimrian, úsáideach, agus é a thaispeáint do dhaltaí na Gaelscoileanna, b'fhéidir.

...and so few are aware of its literary cannon,...

Cé orthu atá an locht, mar sin? An Rialtas? Na scoileanna? An coras oideachais? Is féidir an fhadhb sin a leigheas, agus is gá!

"If it has no otherness about it, and people don’t engage with it, how is it central to who we are? If tomorrow the last Irish speaker were to die, no shock would be observed in Irish people's conception of themselves."

Is dóigh liom go bhfuil
"malairteacht" ag baint leis an Ghaeilge, maith go leor, ach ní maith leis an daonra an 'malairt' sin. 'Sé sin go bhfuil íomhá na talmhaíochta uirthi fós, agus ní thaitníon an íomhá sin don daonra, ná don aos óg, ach go háirithe, inniu. Caithfidh go bhfuil sé in am an íomhá sin a bhriseadh, agus ceann nua, neamh-Ghaeltachta, nua-aoiseach, a chumadh.

Is saothar fada trom é bheith i mbun athbheochana na teangain, agus ní obair é do dhaoine lagmhisniúla. In ainneoin statisticí, is rud é an teanga Gaeilge a bhfuil grá agus meas ag a lán daoine uirthi. Tá deiseanna ann inniu, nach raibh ann tamall bhig ó shin, chun na teanga a chur os comhair na ndaoine, agus a háilleacht agus a bhfiúntas a thaispeáint daoibh. Caithfidh bród a chur ins na bpáistí don
seod iontach seo a tugadh dúinn ó ár sinsir. Muna bhfuil tábhacht ar bith eile inti, is é an nasc seo lenár sinsir atá i measc na rudaí nár chóir dúinn a ligint ar lár. An bhfuilimidne fós sliocht na ghlúnta a d'imigh romhainn, no nach bhfuil?

Tá sé thar a bheith in am an droichead nua a thógáil, le cloiche nuaghearrtha, de ábhar an saol atá inniu ann, idir na glúnta atá imithe agus na cinn atá le teacht fós. 'Ní neart go chur le chéile.'

Proinsias

25 August 2007 15:59

26 August, 2007 21:46  
Arsa Blogger Unknown ...

In this ambience – a part of aeon food in art deco appearance and avant-garde food –chanel watches new flagship abundance is authoritative its debut. Faithful to the brand’s philosophy, characterized by basal chichi elegance, it proposes a beeline architectonics in atramentous hues, aflame by lights creating a bewitched atmosphere.

23 November, 2010 02:47  

Post a Comment

<< Home