Thursday, December 20, 2007

Imeall #187: Difríochtaí Cultúrtha?

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaIs é “éiceachóras” (ecosystem) an focal is coitiantaí a chloistear i dtaobh ré úr an idirlín. Nach ait sin? Mar a dúirt anseo cúpla seachtain ó shin, tá sé mar a bheadh machaire fairsing suíomhanna agus seirbhísí agus na comhlachtaí atá ina mbun. Cothaíonn siad a chéile, bíonn siad in iomaíocht, agus i bpáirtíocht, agus is cosúil nach bhfuil de bhac nó de theorainn ar fhás an chórais seo, ach sa mhéid is go bhfuil an t-idirlíon – agus an leathanbhanda ach go h-áirithe – ar fáil do phobail an domhain.

Tá aicme an-thabhachtach san éiceachóras seo: na h-úrchomhlachtaí beaga, nó mar a deirtear sa bhFraincís: “les startups”! Is iad a bhí i lár an aonaigh an tseachtain seo chaite ag an gcomhdháil Le Web 3 i bPáras, iad ag taispeáint toradh a saothar agus ag suirí le custaiméirí, le h-infheisteoirí agus le fathaigh mhóra an idirlín: leithéidí Google nó Microsoft.

In éiceachóras an idirlín, tá ról ar leith ag na mórchomhlachtaí sin. Bíonn pobail mhóra custaiméirí acu, agus achmhainní dá réir. Ach an rud nach bhfuil acu ná smaointí úra agus nuálaíocht. Is minic go mbíonn sé deacair do eagráiochtaí móra na tréithe sin a chothú ón dtaobh istigh. Sin é a nádúr. Ach ar nós míolta móra na farraige, is féidir leo creátúirí eile a shlogadh, agus cur leis an gcumas atá acu féin.

Bhí halla ar leith ag Le Web 3, dos na startups. In a measc bhí an comhlacht Éireannach LouderVoice. Agus labhair Tom Raftery ó Chorcaigh leis an slua faoin slí inar féidir le teicneolaíocht an idirlín dul i ngleic le fadhbanna na timpeallachta.

Bhí léiriú suntasach ar an saol úr nuair a bhí an blagadóir cáiliúil Robert Scoble ar stáitse. Bhí Michael Arrington ón suíomh TechCrunch, blag nuachta a phléann úrchomhlachtaí idirlíonn, sa lucht féachana agus é ag scríobh ar a ríomhaire glúine. Bhí Scoble ag déanamh taispeántas ar an scáileán nuair a dúradh leis go mba cheart dó féachaint ar TechCrunch. Is amhlaidh go raibh an nóimeád sin díreach roghnaithe ag Arrington le nochtadh don saol go raibh Scoble ag fágaint a phost – agus ní raibh aon dul as aige ansin ach é admháil ar an stáitse.

Bhí ualach ceamaraí físe i láthair – comhartha eile den saghas idirlín atá ag forbairt ós ár gcomhair amach. Agus bhí sé in a chonspóid le cúpla lá anuas faoi fhísbhlagadóir amháin a chuir suim ró-mhór, measann daoine áirithe, i spéirmhná na comhdhála i scannáinín beag a d’fhoilsigh sé le ceolraon an amhráin Beautiful Girls le Seán Kingston. Tá ar a laghad bean Eorpach amháin a taispeánadh atá breá sásta leis an moladh - ach tá cuid mhaith eile, go h-áirithe ó thíortha an Bhéarla, a mheas gur céim siar do mhná i saol teicneolaíochta é. Difríochtaí cultúrtha, peut-être?

  • Beannachtaí na Nollag oraibh go léir a cháirde!
  • Ceol Podslán: Oíche Chiúin/It Came Upon a Midnight Clear le Doug Boldt.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home