Wednesday, April 16, 2008

Gáire an chait

Foilsíodh an t-alt seo in Lá Nua ar an 13ú Márta.

In a leabhar cáiliúil The Selfish Gene a foilsíodh i 1976, do chum an t-eolaí Richard Dawkins téarma nua agus é ag plé samhail na h-éabhlóide géinití i dtéarmaí forleathnú faisnéise d'aon tsaghas.

Más í an ghéin aonad na h-oidhreachtúlachta bitheolaíochta, 'sí an meme (méim? mím?) an t-aonad faisnéise is lú ar féidir a sheachadadh ó dhuine go duine. D'úsáid Dawkins samhail agus rialacha atá an-chosúil le rialacha Darwin don roghnú nádúrtha, agus tá úsáid bainte aige as teoiricí na méimeolaíochta chun a chuid smaointe a fhorbairt maidir le cúrsaí creidimh, go h-áirithe sa leabhar a d'fhoilsigh sé i 2006, The God Delusion.

Ag an am ceánna, tá an-thrácht ar an bhfocal "méim" le blianta beaga anuas ar an idirlíon. Ach ní mar gheall ar dhíospóireachtaí diagachta ná argóintí éirimiúla Richard Dawkins atá sé, ach de sheasca finiméin i bhfad níos mionchúisí!

I gcomhthéacs an idirlín, 'sé 'tá ins na méimeanna ná na blúiríní faisnéise a thaistealaíonn "ó bhéal go béal", nó ó mhéarchlár go méarchlár, ba chirte a rá, b'fhéidir.

Amhail géinte na bitheolaíochta, tá saintréithe ar leith ag na méimeanna is rathúla. I gcás na síolráiochta, tríd is tríd, is iad na géinte is fearr a thugann buntáiste don gcreátúr a iompraíonn iad, is mó agus is faide a scaiptear. Maidir leis na méimeanna idirlín, níl amhras ach gurb é an tréith is comóntaí atá ag na sceálta is mó tráchta ná an greann.

Cuimhnigh ar an ríomhphost is déanaí a fuair tú ó chara leis na focail: "Caithfidh tú seo a fheiscint!", nó "Taitneoidh seo leatsa!" Agus cé chomh minic agus ar sheol tú féin teachtaireacht mar sin ar aghaidh go dtí grúpa cáirde nó comhleacaithe eile ded' chuid?

Is sinne iompróirí na mímeanna. Is ionann iad agus fuil agus aer ár gcuid cumarsáide sóisialta: torthaí spóirt, scéalta grinn, ráflaí. "Cogar, go gcloisfidh tú!"

Bainimíd tairbhe astu mar sin, chomh maith lena mbainimíd tairbhe as ár ngéinte (don gcuid is mó). Sin é an míniú ar an scaipeadh a bhíonn orthu, sa tslí gur dhóigh leat uaireanta go bhfuil "beatha iontu", nó go bhfuil intleacht éigin dá dtiomáint agus dá stiúradh thart timpeall an idirlín? Dia an Ghreásáin? An Dearthóir?

Mar shampla, seo liosta de chuid des na mímeanna is mó trácht orthu anuraidh: Miss Teen USA South Carolina, a léirigh a h-aineolas faoi ceisteanna domhanda in agallamh ar stáitse, Technoviking, Chocolate Rain, Leave Britney alone, agus na lolcats.

'Siad na lolcats an mhéim is mó a tháinig chun solais anuraidh. Pictiúirí greannmhara d'ainmhithe (cait is mó) atá i gceist, le téacs. Tá coinbhinsiúin ar leith a chloítear leo a chuireann leis an ngreann, mar shampla caint leanbaí mí-ghramadúil, a shamhlófá le h-ainmhithe, b'fhéidir, agus is minic a thógann siad ar chlocha a chéile le tagairtí glice in ómós do lolcats a d'imigh rompu.

Is fusa iad a thaispeáint ná iad a mhíniú, b'fhéidir. Tá samplaí de chuid acu ar imeall.com agam inniu. Anois, meas tú an bhféadfaimís cúpla ceann i nGaeilge a chruthú, in ónóir na seachtaine seo? Fáilte roimh aighneachtaí!

Humorous Pictures
Tuilleadh cat

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home