Thursday, July 03, 2008

Duairc-Eolaíocht

Foilsíodh an t-alt seo inniu i Lá NuaBhuel, tháinig an drochshaol ar deireadh thiar thall, agus tá an cúlú eacnamaíochta ina h-ábhar cainte ar na blaganna, chomh maith le gach aon áit eile.

Ach fós féin táthar in amhras faoi fhigiúirí an ESRI agus faoin dtabhacht a bhaineann leo. "Más fíor don ESRI cén fáth go bhfuil gach éinne chomh gnóthach?", fiafraíonn an fear caidreamh poiblí Ronnie Simpson. Bolscaireacht dearfach? B'fhéidir.

Ach i ndáiríre, sílim nach bhfuil fhios ag cléir ná tuath cad 'tá in ndán dúinn anois. Agus tá formhór na mblagadóirí ina dtost ar an gceist.

Cuid acu, sílim go bhfuil siad ró-óg chun go mbeadh tuiscint acu ar chad a chiallaíonn cúlú eacnamáiochta - i dtéarmaí praiticiúla ar aon nós.

Agus tá blagadóirí a mholann go mb'fhéidir go bhfuil deis le tapú anseo. Ag scríobh ar a bhlag margaíochta ag 3r.ie, maíonn Peter Lawless gur cruthaíodh níos mó milliúnaithe le linn briseadh stocmhargaidh 1929, ná le linn tréimhsí an rachmais.

Agus pléann Gerard O'Neill ó Amárach Research na slite ina d'fhéadfadh cúlu "maith" a bheith ag Éire, in earnálacha áirithe ar aon nós.

Dár ndóigh ní in Éirinn amháin atá an eacnamáiocht in amhras. Bíonn léargas maith stuama ar chúrsaí eacnamaíochta agus infheistíochta ar fáil ar an bpodchraoladh Meiriceánach "The Disciplined Investor" le Andrew Horowitz.

Deir Andrew go bhfuil cáineadh faighte aige ó chuid dá lucht éisteachta a deir go bhfuil sé "ró-dhiúltach" ar chúrsaí eacnamáiochta. Ach sin cuid den bhfadhb le faisnéis airgeadais i gcónaí: an dream nach bhfuil ag iarraidh droch-scéalta a chlos, ní chreideann siad iad!

Ach i gcás mar seo - is fearr cloí leis an bhfírinne lom i gcónaí. Agus is í an fhírinne, dar le Mike Shedlock a bhí ina aoí ag Andrew le déanaí, ná go bhfuil staitisticí boilsciú agus dí-fhostaíochta na Stáit Aontaite curtha as a riocht sa tslí is go bhfuil an fíor-scéal níos measa ná mar atá á thuairisc.

Dar le Mike, tá roinnt mhaith stáit san aontas i gcúlú cheana féin: Florida agus Ohio ina measc.

Fágtar an focal scoir ag Meiriceánach eile, Richard Delevan atá ina iriseoir agus tráchtaire anseo in Éirinn.

Scríobh sé alt don Irish Daily Mail ina dúirt se: "Easpórtáil - seachas a bheith ag díol tithe lena chéile - sin í an t-aon bhealach slán atá romhainn". Is féidir an t-alt a leámh ar a bhlag ag richarddelevan.com.

Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home