Thursday, September 25, 2008

Mar chosaint ar an bhlagadóireacht

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de La Nua

Bhíos as láthair ón gcolún seo an tseachtain seo chaite agus bhí ar an t-eagarthóir alt a scríobh chun an spás a líonadh. Is cosúil gur spreagadh chum machnaimh é ar an mblagadóireacht agus ar an bhfiúntas, nó a mhalairt, a bhaineann léi.

Is cosúil go measann Dónall gur daoine séimhe leochailleacha iad na blagadóirí. Bhí sé chomh buartha go ngoillfeadh a thuairimí orthu gur chuir sé foláireamh ar bharr an leathanaigh ag tabhairt chomhairle do bhlagadóirí gan an t-alt a léamh!

Ach mar Bhlagadóir (gan a bheith maíteach, ach … tuigeann tú?), is amhlaidh gur mó mearbhaill ná oilc a chuir an t-alt céanna orm.

Cheapas go mbeinn maslaithe (nó ar a laghad mí-shásta) agus an t-alt á léamh agam, ach ní raibh.

Seo an rud: níor ghoil an cur síos a dhein Dónall ar bhlagadóirí orm, mar níor aithníos é.

An blagadóir baoiseach díchéillí, a labhrann sara smaoiníonn sé, gan smacht aige ar a mhothúcháin, gan srian ar a theanga? Tá go leor daoine mar sin ar an saol, is fíor. Tá cuid acu, fiú, atá in a mblagadóirí, is cinnte.

Ach ní h-é sin bun agus barr na blagadóireachta, ach oiread agus gurb iad tablóidí Shasana críoch agus deireadh na h-iriseoireachta.

Tá go leor scríbhneoireachta atá mí-stuama, leanbaí, mí-chruinn agus mí-ionraic ar fáil. Tá cuid mhaith le léamh ar bhlaganna. Agus tá cuid mhaith a bhfuil imprimatur eagarthóra éigin aici agus é i gcló.

Is léir go bhfuil árd-chaighdeán ag Dónall, mar eagarthóir agus mar scríbhneoir. Séanann sé an bhlagadóireacht ar fhaitíos nach mbeadh sé in ann cloí lena chaighdeán in éagmais srianta na foilsitheoireachta traidisiúnta.

"Dá mbeinnse ag blagáil, is cinnte gur mhinice san Ard-Chúirt mé, mar nach mbeadh faill ann athmhachnamh a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa agam."

Sílim gur chóir dó níos mó muinín a bheith aige as féin.

Go deimhin, cé gur fíor gur fusa go mór blag a fhoilsiú ná alt "a chur i gcló", ná déanaimís dearmad gur fusa blag atá foilsithe a leasú – é a cheartú – ná gach aon chóip den nuachtán chlóite a aisghairm.

Ach seo an chúis is mó nár ghoil tuairimíocht Dhónaill ró-mhór orm: mar ba chuma liom i ndáiríre.

An dtuigeann tú - is dóigh liom go bhfuil díospóireacht na blagadóireachta thart, ar shlí. Ní h-é go raibh bua ná ceart ag aon dream. Níor chloígh na meáin traidisiúnta na saoránaigh iriseoirí. Níor chuir na blagadóirí deireadh leis an sean-mhúnla. Tá an t-idirlíon ina pháirc phoiblí do gach aon saghas paimfléid agus foilsiúchán. Súann an tomhaltóir a chuid scéalta ó gach aon saghas foinse údarásach agus neamh-údarásach: Nuacht a 1 ar an raidio, páipéar nuachta ar an idirlín, leathanach Facebook a chara.

Agus deineann sé a chuid scagaidh agus eagarthóireachta féin air.

Thursday, September 11, 2008

Cé a íocann as Google?

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua

Bhíos im' aoi-chainteoir ar Raidio na Gaeltachta an lá cheana.  Mé féin agus Diarmuid Mac Mathúna ar an bhfón le Cormac O h Eadhra ar an gclár Glór Anoir.  An t-ábhar cainte a bhí againn:  ollchomhlacht an idirlín, Google.

Nuair a thosnaíos ag plé leis an idirlíon an chéad lá, is minic a chloisfeá an cheist:  "ach cé leis é, an t-idirlíon seo?

Bhí sé deacair ar dhaoine a thuiscint nach achmhainn nó seirbhís amháin ar leith atá san idirlíon, ach cnuasach rialacha cumarsáide chun gur féidir le ríomhairí éagsúla sonraí a mhalartú le chéile.

An cheist eile a chuirtí go minic ná:  "cén costas atá air?"

Arís, cé go mbíonn costas de ghnáth ar an gceangal a bhíonn agat leis and idirlíon, le solathróir seirbhísí ar nós eircom nó BT, tá cuid mhaith den ábhar, den eolas agus des na seirbhísí idirlín curtha ar fáil gan chostas ar an úsáisitheoir.

Sampla maith is ea Google.  Is iontacht tairbheach as tseirbhís a chuireann siad ar fáil dom, ach conas a thuilleann siad a gcuid airgid?  Cé a íocann as?

Is í an fhógraíocht a dhíolann billí le Google.  Tuigeann formhór gach éinne é sin.  Ach níl míniú an scéil chomh simplí leis sin ach oiread.

Is amhlaidh go bhfuil Google in ann seirbhís luachmhar a chur ar fáil do fhógróirí, mar ní thaispeánann siad a gcuid fógraí ach dos na daoine is dóichí go mbeadh suim acu iontu.

Agus cá bhfios dóibh go bhfuil suim agat i rud éigin ar leith?  Nach tusa a d'inis dóibh é?

Gach uair a dheineann tú cuardach ar Google, tá tú ag leiriú suime - ag insint mianta do chroí dóibh.

Agus níl léiriú na suime sin teoranta don leathanach cuardaigh ach an oiread.

Má úsáideann tú Gmail, Google Maps, Google News, Google Reader, Google Spreadsheets nó na scórtha sirbhísí eile atá "saor in aisce" - tá tú ag cuidiú le Google, agus leis na fógróirí atá acu, ina gcuid iarrachtaí chun tairgí eile a dhíol leat.

Ach an fiú an margadh é?  Sin rud nach raibh seans againn a pjlé ar an gclár, ceal ama.  Sin an rud nach féidir liom a rá go cinnte - ainneoinn go mbainim úsáid nach beag as úirlisí éagsúla le Google.  Cad é go díreach atá á thabhairt uaim agam?  Cad é do mheas?

Thursday, September 04, 2008

An tImeall # 195: Aistir Aisteacha

Buail anseo chun éisteachta!

Inniu ar An tImeall, léann Conn alt na seachtaine ó Lá Nua, agus labhraíonn sé le Bríd faoi blagadóireacht. Píosa ceol inniu dar ainm "Driving To you", ó Christopher Dallman.

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua

Ag Coinneáil Teagmhála

Má tá tú ar laethanta saoire nó ag ag taisteal, is deacair an t-idirlíon a shárú. Ach go h-áirithe, más aistear aisteach atá ar bun agat, rud éigin as an ngnáth, is mór an áis iad blaganna agus suíomhanna féin-fhoilsithe dá leithéid chun cáirde agus clann a choimeád ar an eolas faoi do chuid eachtraí.

Luamar Roz Savage cheana. Sin í an bhean atá ar a bealach trasna an Aigéin Chiúin ag rámháiocht ina h-aonar. Ba mhór an sásamh dom a chlos gur bhain sí Hawaii amach tar éis nach mór 100 lá a chaiteamh ó d'fhág sí San Francisco. Is féidir eachtraí Roz a leanúint ag rozsavage.com.

Is dócha nach bhfuil an chrógacht chéanna ag teastáil ón dtriúir sa jíp atá ag insint a gcuid eachtraí ar threeladsinajeep.com. Ach is aistear de shaghas éigin eile ar fad atá i gceist acu. Cé go raibh dúshláin a dóthain ag Roz ina báidín, is í féin an t-aon phearsa a bhí sa scéal. Bheifí ag súil leis go gcasfar go leor daoine suimiúla ar na leaids ar a mbealach go dtí an Astráil as Éirinn. D'fhág siad an tír coicíos ó shin agus táid san Iodáil faoi láthair.

Fuaireas ríomhphost ó mo dheartháir ar maidin ag insint dom faoi aistear cróga eile: triúir as Corcaigh (is eol dom Ciarraíoch amháin ina measc!) atá ag fágaint an bhaile inniu ar chamchuairt na tíre. Seo iad foireann an tseanchairr dearg, nó Team WRC ("Wrecked Red Car"). Sé atá sa WRC seo ná Opel Astra ó 1993, agus a ceannaíodh ar €50.

1600 míle a bheidh i bhfad an turais seo, ó Chorcaigh go Béal Feirste (tríd Loch Garman), as sin go Leitir Ceannainn, Cathair na Mart,Trá Lí agus Cionn tSáile. Cinnte, ní bheidh siad i mbaol a mbáite cosúil le Roz Savage, ach leis an aimsir a bhí againn le déanaí, is dócha gur maith an rud é mar sin féin go bhfuil máirneálach i measc an triúir!

Is ar mhaithe le hIonad Taighde Ailse Chorcaí a bheidh Team WRC ag iarraidh airgead a bhailiú ar an dturas, tá tuilleadh eolais ar an suíomh acu ar freewebs.com/wreckedredcar, agus beifear in ann a rian a leanúint ar an suíomh sin le cabhair rabhchán raido atá ar bord acu.