Thursday, January 20, 2005

An fhilíocht le clos

Is fiú i gcónaí súil a choimeád ar Chlár Plé Beo. Is ann a chruinníonn pobal Gaeilgeoirí an idirlín, agus bíonn nithe suntasacha á fhógairt go rialta ann ar nós an tsuímh seo: lyrikline - Lyrik International, Poetry international. Buíochas do "Mac Léinn Díograiseach" a d'fhógair an suíomh ar an gclár plé ar maidin.

Tá suim á cur agamsa i bhfilíocht Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí, agus tá sí le clos anseo, i dteannta slua deas filí Gaeilge.

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

An tImeall, an tImeallach. Ní chuirtear an fleiscín roimh litir mór.

22 January, 2005 02:06  
Arsa Blogger Conn ...

Nach gcuirtear? Sin scéal nua domsa, a Shéamais! Nár cheart í a úsáid i gcónaí le "t-" tar éis an ailt? Bhuel, más riail é caithfidh mé a aíreamh leis na rialacha eile a bhristear anseo, mar ní fhéachann sé ceart domsa gan an fhleiscín! ;-)

Mar a tharlaíonn sé, tá ceannteideal an bhlaga seo léirithe anseo i litreacha móra ar fad ("AN T-IMEALL"), ach ní hé sin a roghnaíos. "An t-Imeall" atá scríofa agamsa, ach tiontaíonn an bog-earra na litreacha ar fad go cinn mhóra. B'fhéidir go bhfuil "template" eile ar fáil nach mbeidh an éifeacht sin aige. Bainfidh mé triall as ceann nua.

Go raibh maith agat ar aon nós. Má táim chun riail a bhriseadh is fearr liom é a dhéanamh le fios!

22 January, 2005 08:19  

Post a Comment

<< Home